Breis is €200,000 le cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun an fhiontraíocht shóisialta a spreagadh

Deir an tÚdarás go bhfuil sé mar aidhm ag an eagraíocht go mbeadh an Ghaeltacht ina heiseamláir i dtaobh na fiontraíochta sóisialta agus go bhfuil  ‘obair mhór’ déanta i gcomhar le heagrais forbartha pobail Gaeltachta sa réimse seo

Breis is €200,000 le cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun an fhiontraíocht shóisialta a spreagadh

Éamonn Ó hÉanaigh, Pádraig Mac Diarmada, Rónán Mac Con Iomaire agus Eilín Peircín

Tá ciste breis is €200,000 curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun fiontraíocht shóisialta a spreagadh i gceantair Ghaeltachta.

Sheol an tÚdarás dhá scéim nua tacaíochta d’fhiontraithe le gairid, scéim tacaíochta le tograí a bhaineann le fiontraíocht shóisialta a fhorbairt agus scéim tacaíochta eile le smaointe gnó sa réimse sin a fhorbairt.

Deir an tÚdarás go bhfuil sé mar aidhm ag an eagraíocht go mbeadh an Ghaeltacht ina heiseamláir i dtaobh na fiontraíochta sóisialta agus go bhfuil “obair mhór” déanta i gcomhar le heagrais forbartha pobail Gaeltachta sa réimse sin.

Faoin Scéim Tacaíochta d’fhorbairt tograí a bhaineann le fiontraíocht shóisialta, tá os cionn €210,000 ar fáil do thograí áirithe san earnáil.

Tá maoiniú ar fáil freisin faoin Scéim Tacaíochta d’fhorbairt smaointe gnó a bhíonn ceangailte le fiontraíocht shóisialta, agus suas le €5,000 atá ar fáil do thograí áirithe eile, i gcomhar leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Agus é ag seoladh na scéimeanna sin in Ionad na Feamainne i Leitir Mealláin, dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí Pobail agus Pleanála Teanga an Údaráis, gur “deis luachmhar” í an fhiontraíocht shóisialta sa mhéid agus go dtugann sí an chumhacht do na pobail iad féin a neartú.

“Cuireann na tograí seirbhísí breise ar fáil, cruthaíonn siad brabach agus fostaíocht, agus láidríonn siad na heagrais forbartha pobail féin,” arsa Mac Con Iomaire. “Taispeánann an áis bhreá atá anseo san Ionad Feamainne i Leitir Mealláin, gur féidir le heagraíochtaí pobail tograí d’ardchaighdeán a thabhairt chun críche ag úsáid an mhúnla seo.

“Déanfaidh na scéimeanna tacaíochta seo níos éasca é d’eagraíochtaí atá ag iarraidh dul ag plé leis an réimse seo den chéad uair agus tabharfaidh siad deis d’eagraíochtaí atá gníomhach sa réimse cheana féin tuilleadh tograí a fhorbairt. Tá súil againn go dtabharfaidh siad spreagadh d’eagraíochtaí pobail tabhairt faoi thograí fiúntacha i ngach ceantar Gaeltachta.”

Fág freagra ar 'Breis is €200,000 le cur ar fáil ag Údarás na Gaeltachta chun an fhiontraíocht shóisialta a spreagadh'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ach an bhfuil coinníoll Gaeilge ag baint leis an mhaoiniú seo?? Ní fheicim Údarás an Gaeltachta ag déanamh mórán iarrachta an Ghaeilg a spreagadh mar theanga oibre san cliant chomhlachtaí agus anois sna fiontair shóisialta seo. Nach í an Ghaeilg tús agus deireadh na Gaeltachta?

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHTA ANOIS!!!