Breis is 5,000 duine a raibh an coróinvíreas orthu básaithe thuaidh agus theas 

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 48 duine eile básaithe agus deimhníodh 22 bás eile ó thuaidh níos túisce

Breis is 5,000 duine a raibh an coróinvíreas orthu básaithe thuaidh agus theas 

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 48 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris. 

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh 22 duine eile a raibh an galar orthu básaithe. Fágann sin go bhfuil os cionn 5,000 duine in Éirinn a raibh an víreas tolgtha acu básaithe ó thús na paindéime.

5,028 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,214 duine ó dheas den teorainn agus 1,814 duine ó thuaidh di.

1,254 cás nua den ghalar a dheimhnigh an Roinn Sláinte ó dheas inniu. 1,518 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 211 acusan in aonad dianchúraim.

Bhain 146 den 1,254 cás nua le Corcaigh, 76 cás a bhí i gcontae na Mí, 45 cás a bhí i nGaillimh agus 40 cás a bhí i nDún na nGall. 34 cás nua a bhí i bPort Láirge, 20 cás a bhí i gCiarraí agus 13 cás a bhí i Maigh Eo.

437 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair tite go dtí 575 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát.

Ráta 789 a bhí i bPort Láirge, 672 a bhí i Maigh Eo, 588 a bhí i gcontae na Mí agus 545 a bhí i nDún na nGall. 

Ráta 519 a bhí i gCorcaigh, 481 a bhí i nGaillimh agus 275 a bhí i gCiarraí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 669 cás nua a deimhníodh. 

Tá 745 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 67 acusan in aonad dianchúraim.

296,971 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 193,892 cás ó dheas den teorainn agus 103,079 cás ó thuaidh di.

5,028 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,214 duine ó dheas den teorainn agus 1,814 duine ó thuaidh di.

Pictiúr: @GardaTraffic

Gearradh fíneálacha inné ar shé dhuine dhéag a bhí i láthair ag cóisirí tí nó a d’eagraigh a leithéid i láithreacha éagsúla – Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Ceatharlach agus Cill Chainnigh. 

Tá údarás ag an nGarda Síochána anois fíneálacha a chur ar dhaoine a eagraíonn cóisirí tí agus ar dhaoine a thaistealaíonn go dtí a leithéid nó uathu, fiú más i dteach comharsan a bhíonn siad ar siúl. 

Is €500 an fhíneáil reatha ar chóisir a eagrú i dteach agus €150 ar fhreastal ar cheann. 

Ó tharla gur turas neamhriachtanach dul go dtí cóisir, d’fhéadfadh Garda an dara fíneáil eile a ghearradh ar dhuine chomh maith, €100 as turas neamhriachtanach a dhéanamh. 

Tá an Garda Síochána ag comhairliú don phobal gan dul thar an teorainn 5km an deireadh seachtaine seo agus iad ag aclaíocht. 

Mheabhraigh siad freisin gur taisteal neamhriachtanach a bheith ag gabháil go dtí aerfort nó calafort le dul thar sáile ar saoire agus go bhféadfaí fíneáil an taistil neamhriachtanaigh a ghearradh ar dhuine a dhéanfadh a leithéid. Chomhairligh an Garda Síochána do dhaoine fanacht sa mbaile an deireadh seachtaine chun iad féin agus a muintir a chosaint. 

Ón 11 Eanáir, is féidir fíneáil €100 a ghearradh ar aon duine a thugann faoi thuras neamhriachtanach agus tá breis is 2,400 díobh gearrtha ar dhaoine a d’fhág an baile gan cúis mhaith. 

Ceaptar go mbeidh soláthar na hÉireann de vacsaín AstraZeneca 300,000 dáileog gann de bharr an easnaimh atá ar chuid an Aontais Eorpaigh. 

Bhí sé socraithe sa gconradh idir AstraZeneca agus an tAontas Eorpach go seachadfaí 600,000 dáileog faoi dheireadh an Mhárta. 

Fágann an t-easnamh go bhféadfadh gur 1.1 milliún dáileog a thiocfadh chun na tíre seo sa gcéad ráithe seachas an 1.4 milliún vacsaín a bhí geallta. 

Bhí sprioc an Rialtais 700,000 duine a bheith vacsaínithe faoi dheireadh an Mhárta ag brath ar chomhlíonadh an chonartha le AstraZeneca. 

Fág freagra ar 'Breis is 5,000 duine a raibh an coróinvíreas orthu básaithe thuaidh agus theas '