Breis is 30 post nua le cruthú ag IPSOS/MRBI i nGaeltacht Mhaigh Eo

Táthar ag súil le breis agus 30 post nua a chruthú i nGaeltacht Iorrais agus an comhlacht clúiteach idirnáisiúnta IPSOS/MRBI ag iarraidh lonnú ansin. Tá an comhlacht taighde margaíochta iad chun leas a bhaint as ionaid gteic Údarás na Gaeltachta sa cheantar. Cruthófar dhá phost bhuana san ionad gteic i mBéal an Mhuirthead mar thús […]

Breis is 30 post nua le cruthú ag IPSOS/MRBI i nGaeltacht Mhaigh Eo

Táthar ag súil le breis agus 30 post nua a chruthú i nGaeltacht Iorrais agus an comhlacht clúiteach idirnáisiúnta IPSOS/MRBI ag iarraidh lonnú ansin.

Tá an comhlacht taighde margaíochta iad chun leas a bhaint as ionaid gteic Údarás na Gaeltachta sa cheantar.

Cruthófar dhá phost bhuana san ionad gteic i mBéal an Mhuirthead mar thús deir IPSOS go bhfuil 30 duine, idir oibrithe páirtaimseartha agus lánaimseartha, á gcuardach acu faoi láthair ó cheantar Iorrais agus iarthar Mhaigh Eo.

Tá ionad lárnach glaonna á fheistiú i gteic@Béal an Mhuirthead don chomhlacht faoi láthair ach táthar ag dréim go mbeidh ar chumas fostaithe an chomhlachta aon cheann de na hionaid nua gteic, gteic@An Eachléim nó gteic@An Corrán Buí, atá á bhforbairt faoi láthair, a úsáid de réir mar a mhéadaíonn líon na bpostanna ag an gcomhlacht agus nuair a ardaíonn srianta COVID-19.

Tá 18,000 duine fostaithe ag IPSOS ar fud an domhain, agus iad ag cur seirbhís taighde margaíochta ar fáil do chomhlachtaí ar líne, trí agallaimh aonair, tríd an bpost agus trí ghlaonna fóin.

Tá tús curtha ag IPSOS le 30 duine páirtaimseartha a earcú i gceantar Iorrais cheana féin agus tá cúrsaí oiliúna á gcur ar fáil mar chúrsaí réamhoiliúna do dhaoine ar spéis leo na poist atá á dtairiscint ag an gcomhlacht.

“Cuireann muid fáilte chroíúil roimh IPSOS go Gaeltacht Mhaigh Eo agus guíonn muid gach aon rath orthu sa ghné nua seo dá ngnó.,” a dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta. 

Dúirt Aoife O’Connor, Bainisteoir CATI, IPSOS go bhfuil “áthas” orthu “a bheith ag lonnú i mBéal an Mhuirthead le tacaíocht Údarás na Gaeltachta”.  

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta gur “cúis mhisnigh” d’Údarás na Gaeltachta go bhfuil comhlacht idirnáisiúnta amhail IPSOS chun leas a bhaint as an ngréasán gteic.

“Cuireann gteic deireadh le haon bhac atá ann a bheith i do chónaí agus ag obair i gceantair áille tuaithe na tíre agus tú ag nascadh le gnóthaí agus daoine ar fud an domhain,” a dúirt Ó hÉanaigh.

Fág freagra ar 'Breis is 30 post nua le cruthú ag IPSOS/MRBI i nGaeltacht Mhaigh Eo'