Breis is 200,000 a d’fhéach ar ghaiscígh na Mí agus Craobh na hÉireann á buachan arís acu

Beagnach leathmhilliún duine - 491,000 - a chonaic cuid de chraoladh TG4 ar chluichí ceannais Pheil na mBan Dé Domhnaigh seo caite

Breis is 200,000 a d’fhéach ar ghaiscígh na Mí agus Craobh na hÉireann á buachan arís acu

Os cionn 200,000 duine a d’fhéach ar bhua na Mí ar Chiarraí i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Pheil na mBan ar TG4 ag an deireadh seachtaine.

De réir figiúirí ó TAM Ireland, bhí meánlucht féachana de 204,900 ag an gcraoladh beo ar chluiche na sinsear, sciar 30.6% den lucht féachana teilifíse ag an am.

Is ag a 5.10pm, nuair a bhí an cluiche ceannais ag teacht chun críche, a bhí an lucht féachana ba mhó ag an mbeochraoladh agus 279,800 duine a d’fhéach ar An Mhí agus Corn Bhreandáin Uí Mháirtín á thabhairt leo acu don dara bliain as a chéile.

Titim bheag a bhí ar an lucht féachana ó anuraidh, nuair a bhí meánlucht féachana de 226,600 duine ag an gcluiche ceannais idir an Mhí agus Áth Cliath. Is minic go meallann foirne Átha Cliath, fir is mná, lucht féachana níos mó do TG4 agus RTÉ ach den chéad uair ó 2013 theip ar mhná na príomhchathrach an cluiche ceannais a bhaint amach i mbliana.

Is ag cluiche ceannais 2017 a bhí an meánlucht féachana is mó i stair chluichí ceannais Pheil na mBan nuair a d’fhéach 303,800 ar bhua Átha Cliath ar Mhaigh Eo.

 ©INPHO/Tom Maher

Beagnach leathmhilliún duine – 491,000 – a chonaic cuid éigin de chlúdach TG4 ar chluichí ceannais Pheil na mBan Dé Domhnaigh seo caite, idir na trí chluiche – sinsir, idirmheánach agus sóisir.

Bhí daoine as breis agus 50 tír ag breathnú ar na cluichí ceannais ar sheinnteoir TG4 mar a rinne an lucht féachana idirnáisiúnta 14,000 sruthú ar an gcluiche. Cláraíodh breis agus 20,000 sruthú eile ó lucht féachana in Éirinn ar an seinnteoir chomh maith.

 ©INPHO/Tom Maher

Fógraíodh ag tús an tsamhraidh go raibh síneadh cúig bliana curtha leis an gcomhpháirtíocht idir TG4 agus Peil na mBan. Is sa bhliain 2000 a thosaigh TG4 ag déanamh urraíochta ar Chraobh Pheil na mBan agus tá an stáisiún Gaeilge ina phríomhurraitheoir ar an gcomórtas ó 2002.

Bhí 46,440 duine i láthair i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh chun na cluichí ceannais a fheiceáil.

Cé gur chuir Ciarraí tús iontach le cluiche ceannais na sinsear nuair a chuir cúl ó Louise Ní Mhuircheartaigh mná na Ríochta cúig phointe chun tosaigh ar feadh tamaillín, léirigh foireann na Mí a cumas agus rinne siad teacht aniar iontach. Ghlac siad ceannas ar an imirt agus d’fhág cúl ó Emma Troy go raibh siad 1-8 in aghaidh 1-5 chun tosaigh ag leath ama. D’aimsigh Niamh O’Sullivan cúl cinniúnach don Mhí agus ceathrú uaire fágtha agus d’fhág cúl eile, ó Bridgetta Lynch, go raibh an bua acu, 3-10 in aghaidh 1-7.

Bhuaigh Laois ar Loch Garman sa chluiche ceannais idirmheánach agus comhscór a bhí ann sa chluiche sóisir idir Aontroim agus Fear Manach. Beidh athimirt na chluiche sin ar siúl ar an 13 Lúnasa agus craolfar é ar TG4.

©INPHO/Ryan Byrne

Fág freagra ar 'Breis is 200,000 a d’fhéach ar ghaiscígh na Mí agus Craobh na hÉireann á buachan arís acu'