Breis is 1,400 cás nua den choróinvíreas in Éirinn, a bhformhór ó thuaidh

506 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna agus dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 932 cás le lá anuas

Breis is 1,400 cás nua den choróinvíreas in Éirinn, a bhformhór ó thuaidh

Breis is 1,400 cás nua den choróinvíreas a fógraíodh in Éirinn inniu.

506 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna agus dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt 923 cás le lá anuas.

Beirt eile a raibh an víreas orthu atá básaithe, duine amháin ó dheas agus duine amháin ó thuaidh.

Bhain 76 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 53 cás a bhí i nDún na nGall agus 42 cás a bhí i gcontae na Mí. 91 cás a bhí i mBaile Átha Cliath. Bhain an 244 cás eile le 21 contae éagsúil. 159 duine atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil ó dheas agus tá 25 acusan in aonad dianchúraim.

57, 196 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 17,110 cás ó thuaidh den teorainn agus 40,086 cás ó dheas di.

2,404 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 1,817 duine ó dheas agus 587 duine ó thuaidh.

Tá 4,674 cás den víreas tuairiscithe ó thuaidh den teorainn le seacht la anuas, agus sin an ceathrú cuid de na cásanna ar fad a tuairiscíodh ón Márta.

Tá an ráta ionfhabhtaithe is airde in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe i gceantar comhairle an tSratha Báin agus Dhoire Cholmcille.

De réir na bhfigiúirí is déanaí tá 704.9 duine as gach 100,00 sa cheantar buailte ag Covid-19 le seacht lá anuas. Tá an figiúr sin dúbailte ó Déardaoin seo caite nuair ba 322.6 as 100,000 an ráta. An 10 Meán Fómhair ní raibh ráta Covid-19 sa gceantar comhairle sin ach 8 gcás as gach 100,000 duine.

Agus é ag caint ar an nguthán le Príomh-Aire na Breataine, Boris Johnson inniu, léirigh an Taoiseach Micheál Martin a imní faoi chúrsaí an víris ó thuaidh den teorainn.

Phléigh an bheirt cheannairí an chaoi a bhféadfaí comhoibriú níos fearr a dhéanamh ar mhaithe le déileáil leis an mborradh atá faoin víreas ar dhá thaobh na teorann.

Dúirt an Taoiseach i ndiaidh an chruinnithe gur mhol sé go gcuirfeadh rialtas na Breataine maoiniú breise ar fáil don Fheidhmeannas ó thuaidh le cuidiú leo aon srianta breise a chuirfí i bhfeidhm a mhaoiniú.

Bhí cruinniú ag Feidhmeannas Stormont tráthnóna chun bearta a phlé le déileáil leis an ráta ard Covid-19.

Tuairiscítear gur cinneadh fíneálacha níos troime a ghearradh ar dhaoine a sháraíonn na srianta Covid-19 feasta. Bhí moladh déanta go n-ardófaí an fhíneáil is lú ó €60 go £200 ar a laghad.

Ceaptar go ndéanfar éigeantach é feasta mascanna a chaitheamh i dtacsaithe, i mbusanna príobháideacha, i mbancanna agus in oifigí. Tá mascanna éigeantach i siopaí agus ar an gcóras iompar poiblí cheana féin ó thuaidh den teorainn.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh an méid leapacha a raibh fáil orthu in ospidéil na tíre “gann go maith”.

Cé go bhfuil cúrsaí “dúshlánach”, tá siad ábalta freastal ar an éileamh faoi láthair, a deir Reid. Dúirt sé chomh maith gur “údar mór imní” don HSE an chaoi a raibh an víreas ag scaipeadh go tréan.

Fág freagra ar 'Breis is 1,400 cás nua den choróinvíreas in Éirinn, a bhformhór ó thuaidh'