Breis fócais ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus a pobal atá ag teastáil ó TG4

‘Ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chonlú’ an moladh atá ag ár gcolúnaí sa chéad chuid d’alt faoi na meáin Ghaeilge agus pobal na Gaeilge

TG4

Ar oíche na nGradam Cumarsáide bhí buíon daoine atá ag saothrú in iomaire na meán Gaeilge bailithe timpeall an bhoird ag Cormac ag a Cúig. Bhain mórán súp as an gcomhrac idir Pádhraic The Mean Machine Ó Ciardha agus Cormac The Hulk Ó hEadhra (faoi mar a bhaist Rónán Mac Aodha Bhuí orthu go seanbhlastúil níos déanaí).

Dúradh sa chlár, agus ní den chéad uair ná baol air, go mbíonn claonadh i measc na meán Gaeilge a bheith ag díriú ‘an iomarca’ ar ábhar a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht, agus nach bhfuil, dá réir, freastal á dhéanamh ar sciartha áirithe den lucht féachana ná ar ábhar spéise faoi leith.

In theannta sin, pléadh an méid Béarla a bhíonn le clos ar TG4, neantóg gur rugas féin greim uirthi níos luaithe i mbliana.

Tá sé chomh maith agam mo mhaide a chur san fheamainn arís. Dar liom go bhfuil cúpla rud ba cheart a chur sa mheá nuair atá na ceisteanna maidir le TG4 á bplé. 

Faoi mar luadh ar chlár Chormaic, agus mar is eol do chách, níl aon teora le réimse spéise an lucht féachana. Tá dúil acu i meascán mearaí d’ábhair ón amhránaíocht ar an sean-nós go peil Mheiriceá, ó chócaireacht go teicneolaíocht agus ó fheirmeoireacht go cluichí ríomhaireachta.

Ag eascairt as sin, áfach, níl aon teora ach an oiread leis na hábhair nach bhfuil spéis acu ann. B’fhéidir go bhfuil dúil mhíchuíosach ag duine amháin i gclár faoi chúrsaí teicneolaíochta ach go mb’fhearr le duine eile sa tigh go ndófaí é ar an leac is íochtaraí in ifreann ná féachaint ar allagar aipeanna. Bheadh duine amháin suite ar an gcúits agus uisce lena fhiacla do chluiche caide agus duine eile oiriúnach ar na cuirtíní a dhúnadh dá mbeadh an cluiche i ngarraí an tí. Mar nach bhfuil spéis agat in ábhar, ní chiallaíonn sé sin nach bhfuil spéis ag gach duine ann, agus tá a mhalairt fíor freisin. Teoiric shimplí a luíonn le réasún ach nach mbactar léi go minic agus daoine ag plé na meán Gaeilge.

Níl aon teora leis na céilithe comhraic atá ag TG4 i láthair na huaire. Agus mise ag éirí chun coinlíochta dhá Phápa ó shin (le casadh a bhaint as nath Uí Chiardha), bhí cuid mhaith den phobal i dtaobh le dhá chainéal teilifíse. Nach in a dhein fathach den Late Late Show? Tá fás thar cuimse tagtha ar líon na gcainéal ó shin gan trácht ar thionchar na seinnteoirí, na seirbhísí ar éileamh dála Netflix agus an fathach é féin, an íoslódáil mhídhleathach. Ní luafaidh mé an fás ollmhór atá tagtha ar dhomhan aduain na gcluichí ríomhaire. Is minic é ráite go bhfuilimid i ré órga na teilifíse, ré a thosaigh cúpla bliain tar éis bhunú TG4 le teacht The West Wing agus The Sopranos i 1999 agus The Wire in 2002.

Tá an margadh teoranta. Dar leis an taighde is déanaí ó TAM, slogann an lucht féachana in Éirinn 217 nóiméad d’ábhar closamhairc, ar an meán, in aghaidh an lae. Tá gach caineál agus seirbhís ag iarraidh cantam de sin. Ina theannta sin, níl ach 77,000 duine sa tír a labhraíonn Gaeilge go laethúil lasmuigh den chóras oideachais agus 1.77m go bhfuil Gaeilge éigin acu (Daonáireamh 2011). Sin an dá spriocmhargadh is mó atá, nó ba cheart a bheith ag TG4 agus na meáin Ghaeilge ar fad agus ba chóir go mbeadh an 77,000 duine sin mar phríomhsprioc acu. A ‘gcroíphobal’ a thugann TG4 orthu. I láthair na huaire, tá isteach is amach le 2% den mhargadh iomlán ag TG4, ach ceist chilgiteach í cruinneas na bhfigiúirí seo maidir le stáisiún atá ag freastal go príomha ar phobal mionlaigh.

Tá acmhainní airgid agus daonna teoranta ag TG4 agus tá sé an-deacair orthu é a fhéachaint le RTÉ agus go leor cainéal agus seirbhísí eile, dá bharr. Caithfidh sé fuint de réir na mine.

Sin é an comhthéacs mar sin nuair atá sceideal á chur le chéile agus cláir á gcoimisiúnú don tomhaltóir le Gaeilge suite ar an gcúits. ‘Ná leath do bhrat ach mar is féidir leat a chonlú’ ba cheart a bheith scríofa i lúibíní aon uair a scríobtar ‘Súil Eile’.

Le go mbeadh stáisiún teilifíse inmharthana i gcomthéacs den saghas sin, caithfear bearna sa mhargadh a aimsiú, an ‘tSúil Eile’ sin arís, más maith leat. Meall an lucht féachana (agus fógraí) isteach agus déan an t-airgead sin a infheistiú i gcláracha eile, cinn a chloíonn le meon an chraoltóra seirbhíse poiblí go háirithe. Tá réasún agus loighic ag baint leis sin. 

Sin an chúis go bhfuil an oiread sin spóirt ar TG4 a bhfuil ‘bearna’ spóirt aimsithe agus líonta go cliste acu agus comórtais spóirt nach bhfuil ar chainéal eile á gcraoladh agus ag mealladh lucht féachana le Gaeilge, ar bheagán Gaeilge agus gan Gaeilge. Is amhlaidh atá leis an gceol agus freastal á dhéanamh ar seánraí difriúla ceoil, an ceol tíre go háirithe.

Sna figiúirí a chuir TG4 ar fáil dom faoi na cláracha (le Gaeilge) is mó éileamh ar an stáisiún i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine, bhí tábhacht an spóirt agus an cheoil an-soiléir. Ba chláracha spóirt/ceoil iad 13 as an 20, agus sin leis an gcraoladh beo agus cláracha iomlán as Béarla as an áireamh. Ní haon ionadh nach bhfuil cláracha atá iomlán i nGaeilge cosúil leis an Nuacht, Comhrá srl. ar thosach cadhnaíochta.

Is craoltóir seirbhíse poiblí atá in TG4 agus ní sodar i ndiaidh scóranna féachana an t-aon chloch ba cheart a bheith ar a paidrín. Deirtear go bhfuil 55% de chláracha an stáisiúin i nGaeilge. Dar liom, agus ag cur san áireamh an méid atá ráite thuas, tá sé sin róbheag. Is é an rud is measa de ná go bhfuil go leor Béarla sa 55%, sin: cloigne cainte, aíonna agus iomaitheoirí gan Gaeilge; guthú, reacaireacht, drámú, fotheidil, grafaicí srl. Sin ar fad gan trácht ar an droch-Ghaeilge a bhíonn le cloisint ar fud na mball.

Ina theannta sin, taibhsítear dom go bhfuil tréithe labánta, cineálacha, díorthacha ag cuid de na cláir Ghaeilge. Is fuirist a cheapadh go bhfuiltear ag iarraidh freastal ar an gcomhainmneoir is lú (faoi mar a déarfadh fear TG4 é). Ó tharla go bhfuiltear ag íoc go daor astu, nár cheart go mbeadh na cláir Ghaeilge, nó na cláir seo a bhfuil Gaeilge iontu, ag cloí go hiomlán le meon na seirbhíse poiblí? Nár cheart do na cláracha seo a bheith dírithe go huile agus go hiomlán ar an 77,000 cainteoir laethúil? I ndeireadh na dála, níl cuid de cláracha seo ag mealladh lucht féachana an-ard ar aon nós agus ní dhéanfadh malairt treo mórán de dhifríocht.

Dá bhrí sin is breis fócais ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus a pobal atá ag teastáil, ní a mhalairt.

Foilseofar an dara cuid den alt seo ar Tuairisc.ie maidin amárach

Fág freagra ar 'Breis fócais ar an nGaeilge, ar an nGaeltacht agus a pobal atá ag teastáil ó TG4'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Cé h-iad an 77,000 cainteoir laethúil seo atá faoi chaibidil ag Breandán M Mac Gearailt? An gcuireann sé san áireamh ar chorr ar bith go bhfuil líon mór cainteoirí laethúla ó thuaidh den teorainn agus go bhfuil maoiniú á fháil ag TG4 ón sparán poiblí de bharr iarrachtaí na cosmhuintire a labhraíonn Gaeilge ó thuaidh nó an bhfuil sé siocaithe i dtuiscint crichdheighilteach ar chúrsaí teanga go fóill?

  • Breathnóir

    Déanann TG4 freastal ar lucht na Gaeilge ó thuaidh go pointe áirithe.
    Sílim gur chóir don chainéal bheith ag díriú ar dhuine ar bith áit ar bith in Éirinn, agus ar fud an domhain, a bhfuil Gaeilge acu. Thiocfadh leo b’fhéidir éirí as bheith ag craoladh leithéidí Bonanza b’fhéidir. Ní fheictear dom go bhfóireann na westerns seo do sceideal TG4, mar shampla.