Breis eolais agus éiginnteachta faoi sholáthar múinteoirí do Pholasaí Gaeltachta

Tá eolas á lorg ag an Roinn Oideachais maidir le dhá chlár oiliúna nua Gaeilge do mhúinteoirí, ach níltear réidh le tairiscint a dhéanamh

Breis eolais agus éiginnteachta faoi sholáthar múinteoirí do Pholasaí Gaeltachta

Tá go leor éiginnteachta go fóill faoi chúrsaí nua oiliúna do mhúinteoirí a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge, cúrsaí atá geallta sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht 2017-2022.

Tá fógra eisithe ag an Roinn Oideachais ina lorgaítear eolas ó institiúidí agus eagraíochtaí oideachais faoi conas a d’fhéadfaí tabhairt faoi dhá chúrsa nua a bhunú, ach deirtear go sonrach nach bhfuiltear réidh go fóill le tairiscintí a lorg don obair agus nach bhfuiltear cinnte fiú an rachfar ar aghaidh go dtí céim na tairisceana.

Cuirtear in iúl san fhógra atá foilsithe ag an Oifig Um Sholáthar Rialtais thar ceann na Roinne Oideachais nach bhfuil sa chéim seo sa phróiseas ach “solely an information exercise seeking views of market operators to assist with possible approaches that may be taken in a tender process which may be undertaken over the coming months”.

Cé go bhfuil go leor éiginnteachta ag baint go fóill mar sin maidir leis na cúrsaí nua atá geallta sa Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht, tá eolas níos mine curtha ar fáil faoin gcineál cúrsaí a bheadh i gceist má théitear ar aghaidh leis an bplean.

Dhá chlár oiliúna Gaeilge do mhúinteoirí atá i gceist: cúrsa B.Ed lánaimseartha ceithre bliana trí mheán na Gaeilge d’ábhar múinteoirí bunscoile agus cúrsa iarchéime páirtaimseartha M.Ed, nó Dioplóma, do bhunmhúinteoirí agus do mhúinteoirí iar-bhunscoile.

Cuirtear ar a súile d’institíúdí a mbeadh spéis acu eolas a roinnt faoi dhearadh agus soláthar cúrsaí nua, gur eolas amháin atá ag teastáil ón Roinn faoi láthair agus nach bhfuil aon tairiscint á lorg go fóill.

“Please note that this is not a competition and we are not seeking tenders at this stage,” a deirtear san fhógra ar an suíomh etenders.

Níl aon chúrsa ann faoi láthair a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil d’ábhar bunmhúinteoirí agus níl ach clár amháin a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile, an Mháistreacht Ghairmiúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Cáileoidh 34 múinteoir iarbhunscoile ón gcúrsa sin don scoilbhliain 2017/18.

Tugadh geallúint sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 go mbunófaí Clár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí (OTM) trí mheán na Gaeilge le cur leis an soláthar bunmhúinteoirí a mbeadh oiliúint orthu le déileáil leis na riachtanais ar leith a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge. Dúradh sa pholasaí go mbeadh áit ar chúrsa nua do 30 múinteoir in aghaidh na bliana ó 2018/19, ach is beag dóchas atá anois ann go dtarlóidh an méid sin agus gan aon tairiscint á lorg go fóill.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton i dtús an tsamhraidh go rabhathas ag súil na tairiscintí don Chlár Oiliúna Tosaigh Múinteoirí a lorg “an samhradh seo” agus go gcuirfí tús leis an gclár nua oiliúna in 2018/2019 nó in 2019/2020.

Sa chás nach gcuirfí tús leis an gclár nua oiliúna go dtí 2019/2020, ní bheadh múinteoirí cáilithe ón gcúrsa nua ceithre bliana go dtí 2024.

D’fhágfadh sé sin nach mbeadh múinteoir ón gclár oiliúna ar fáil do gach scoil Ghaeltachta sa tír go dtí an bhliain 2027. Tá 140 bunscoil sa Ghaeltacht oifigiúil i láthair na huaire agus 30 múinteoir sa bhliain a sholáthrófaí ón gclár nua oiliúna.

Tá imní léirithe cheana ag Gaeloideachas agus eagraíochtaí eile faoin easpa soláthar múinteoirí do scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Breis eolais agus éiginnteachta faoi sholáthar múinteoirí do Pholasaí Gaeltachta'