Breis cumhachta á héileamh d’Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ghanntan tithíochta sa Ghaeltacht

Deir an grúpa feachtais Gaeltachta BÁNÚ gur chóir go dtabharfaí ‘cumhacht’ agus ‘maoiniú’ don Údarás le talamh a cheannach do chainteoirí Gaeilge ar mian leo tithe a thógáil sa Ghaeltacht

Breis cumhachta á héileamh d’Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ghanntan tithíochta sa Ghaeltacht

Tá éileamh á dhéanamh ag brúghrúpa nua Gaeltachta go dtabharfaí breis cumhachta d’Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ghanntan tithíochta sa Ghaeltacht.

Ag a gcéad chruinniú coiste, shocraigh BÁNÚ príomhéilimh an fheachtais nua atá ag an ghrúp d’fhonn dul i ngleic leis na deacrachtaí tithíochta sa Ghaeltacht.

Ar cheann de na móréilimh atá ag BÁNÚ táthar ag iarraidh go dtabharfaí an cúram d’Údarás na Gaeltachta breis tithíochta a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Deir BÁNÚ gur chóir go dtabharfaí “cumhacht” agus “maoiniú” don Údarás le talamh a cheannach chun suíomhanna agus seirbhísí a réiteach do chainteoirí Gaeilge ar mian leo tithe a thógáil sa Ghaeltacht.

Táthar ag éileamh chomh maith go mbainfeadh Roinn na Gaeltachta úsáid as an reachtaíocht tithíochta le “tacaíocht” a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógáil sa Ghaeltacht.

I measc na n-éileamh eile a socraíodh ag an chruinniú inné, deir BÁNÚ gur chóir go leagfaí síos rialacha i gcás tithe atá le ligean ar cíos sa Ghaeltacht agus go mbeadh “tús áite” á thabhairt do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh áit chónaithe a thógáil ar chíos go fadthéarmach.

Tá BÁNÚ ag éileamh chomh maith go bhfoilseofaí an dréacht de na treoirlínte atá réitithe ag an Aire Tithíochta maidir le dualgas reachtúil na n-údarás pleanála i dtaobh chaomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa nGaeltacht.

Bunaíodh BANÚ mar thoradh ar alt a foilsíodh ar Tuairisc an mhí seo caite ina ndearna Adhna Ní Bhraonáin, bean óg Ghaeltachta, cur síos ar na deacrachtaí a bhí aici lóistín a fháil i gConamara.

Tháinig Ní Bhraonáin abhaile an samhradh seo caite i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh sa Nua-Shéalainn agus san Astráil. Cé go raibh airgead sábháilte aici níor éirigh léi teach a cheannach ná aon áit a fháil ar cíos agus chaith sí an samhradh ina cónaí i veain champála taobh amuigh de theach a tuismitheoirí.

Dúirt Ní Bhraonáin san alt go raibh gá le brúghrúpa a chuirfeadh “feachtas láidir” ar bun ar mhaithe le réiteach a fháil ar an “géarchéim tithíochta” sa Ghaeltacht.

Is iad Aoife Ní Chonghaile (Cathaoirleach), Adhna Ní Bhraonáin (Oifigeach Caidreamh Poiblí), Áidhne Ní Chadhain (rúnaí) agus Katie McGreal (cisteoir), Donncha Ó hÉallaithe (Leas-Chathaoirleach) agus Aindriú de Buitléir (Leas-Rúnaí) atá ina mbaill ar Choiste BÁNÚ.

Fág freagra ar 'Breis cumhachta á héileamh d’Údarás na Gaeltachta le dul i ngleic leis an ghanntan tithíochta sa Ghaeltacht'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ach cé hiad na cainteoirí gaeilge? I mórchuid na lánúineacha bíonn duine gan gaeilg ar bith agus má bhíonn 50% den lánúin gan gaeilg (de ghnáth is béarla a labhraíonn siad) is béarla a bheas sa teach sin – go háirithe más béarla teanga an mháthara. Tá go leor acu sa cheantar gaeltachta seo i dTír Chonaill. Agus má thógtar clann le béarla, agus an cuir i gcéill go bhfuilthear á dtógáil le gaeilge, beidh sé de chleachtadh ag an chlann sin béarla a labhairt lena chéile agus, mar sin, buailfidh siad le duine gan gaeilge agus tógfaidh siadsan clann le béarla – sa ghaeltacht. Tá eagla orm go bhfuil i bhfad níos mó i gceist ná go díreach ag cuir teach ar fáil do dhuine sa ghaeltacht.

  • giorria

    Ba cheart go mbeadh tús áit ag lánúineacha le Gaeilge i mo thuairimse. An deacracht atá anseo i gConamara mar atá i go leor áiteacha is dóigh ná go gceannaíonn dream nach bhfuil Gaeilge ar bith acu tithe san áit, go háirithe i gCois Fharraige agus é buailte ar an gcathair. Is fadhbh mhór í sin. Freisin páirtithe daoine nach ndéanann iarracht ar bith an teanga a fhoghlaim chomh maith le daoine le Gaeilge nach labhraíonn í leis na páistí agus iad pósta le duine le Béarla amháin go hiondúil. Bíonn na daoine seo ar fad ag iarraidh go mbeidh Gaeilge ag a gcuid gasúir ach fágann siad faoi na scoileanna agus naíonra an Ghaeilge a thabhairt dóibh beag beann ar an éifeacht a bhíonn aige ar pháistí atá tógtha le Gaeilge sa mbaile. Tá feachtas ag cur béim ar na nGaeilge sa teaghlach ag teastáil go géar agus go mbeidh sé á labhairt ag an mbeirt tuismitheoir. Tá daoine freisin á ligean síos ag an gComhairle Contae a thugann céatadán don tithíocht nua sa Ghaeltacht do Bhéarlóirí. Nil sé sin ceart. Ba cheart treisiú le líon na gcainteoirí Gaeilge seachas é a laghdú. Tá drochimpleachtai ag an bpolasaí sin le feiceáil ar an teanga.