Breis agus mí sa phost agus gan aon agallamh déanta fós ag Aire Stáit na Gaeltachta

Deir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur ‘cúis imní’ di nach bhfuil aon ‘ráiteas poiblí’ faoin nGaeilge ná faoin nGaeltacht déanta ag an Aire Stáit Gaeltachta go dtí seo

Breis agus mí sa phost agus gan aon agallamh déanta fós ag Aire Stáit na Gaeltachta

Níl aon agallamh déanta ag Aire Stáit Gaeltachta Jack Chambers leis na meáin Ghaeilge ó ceapadh é sa phost é breis agus mí ó shin.

Diúltaíodh do na hiarratais ar fad atá déanta ag Tuairisc.ie ar agallamh Gaeilge nó dátheangach leis an Aire Stáit Gaeltachta go dtí seo.

Níl aon chuairt tugtha ag an Aire Stáit Gaeltachta ar oifigí na Roinne sna Forbacha i nGaeltacht Chonamara go fóill ach an oiread, cé gur dheimhnigh urlabhraí ón Roinn do Tuairisc.ie tráthnóna inné go bhfuil “plé á dhéanamh” maidir le “turas oifigiúil chun na Gaeltachta” atá beartaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta agus an tAire Sinsearach Catherine Martin san fhómhar.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a ceapadh ina Leas-Cheann Comhairle sa Dáil le déanaí, gur “cúis imní” di nach bhfuil aon “ráiteas poiblí” faoin Ghaeilge ná an Ghaeltacht déanta ag an Aire Stáit Gaeltachta go dtí seo.

“Ba cheart go mbeadh an tAire atá i mbun cúraimí na Gaeltachta ar fáil le hagallaimh a dhéanamh leis na meáin.

“Bliain chinniúnach atá inti don Ghaeltacht agus don Ghaeilge mar gheall ar an ngéarchéim atá sa Ghaeltacht agus an phráinn a bhaineann le foilsiú an bhille teanga. Tá gá le tuiscint a fháil ar sheasamh an Aire Gaeltachta ar na ceisteanna seo,” a dúirt Catherine Connolly.

Dúirt Catherine Connolly gur “olc an scéal” don Ghaeltacht agus don teanga nár thapaigh an rialtas nua an deis aire sinsearach Gaeltachta a cheapadh le dul i ngleic leis na “dúshláin mhóra” sna bailte Gaeltachta, amhail an Spidéal.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar gur cheart go léifeadh an bheirt airí nua alt a scríobh eagarthóir The Journal of Music, Toner Quinn, agus a foilsíodh san iris Comharle tuiscint a fháil ar na deacrachtaí atá sna bailte Gaeltachta.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn, go raibh sé “aisteach” nach ndearna an tAire Stáit Jack Chambers aon agallamh leis na meáin Ghaeilge go fóill faoi na cúraimí Gaeltachta ach “nár cheart go dtitfidh an fhreagracht ar fad” maidir leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge air.

“Tá sé tábhachtach go mbeadh an bheirt airí páirteach agus gníomhach i gceist na Gaeilge. Tá an fhreagracht ar an Aire Sinsearach chomh maith agus tá sé ráite ag an Aire Catherine Martin go bhfuil spéis ar leith aici i gcás na Gaeltachta agus na Gaeilge.”

Dúirt Julian de Spáinn go raibh sé tábhachtach go dtabharfadh an bheirt Airí cuairt ar an Ghaeltacht “chomh luath” is a d’fhéadfaidís agus gur ghá go mbeadh “tairbhe” ag baint leis an chuairt.

Dheimhnigh Ard-Rúnaí an Chonartha freisin gur cuireadh ar athlá cruinniú a bhí eagraithe ag an Aire Catherine Martin agus an t-iarAire Stáit Gaeltachta Dara Calleary le Conradh na Gaeilge agus go bhfuil iarratas eile déanta acu ó shin.

Fág freagra ar 'Breis agus mí sa phost agus gan aon agallamh déanta fós ag Aire Stáit na Gaeltachta'

  • Aisling Ní Dhonnabháin

    Chuireas rpost chuige coicís ó shin agus níl freagra fachta agam go fóill. Níl leagan Gaeilge dá shuíomh gréasán ann fiú amháin.

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.

  • Cormac Ó hAodha

    Is bocht an scéal é ag páirtithe an rialtais scéal chomh hainnis a bheith déanta acu de seo, bhí mórán ag súil le toradh i bhfad níos fearr ar cheist Aireachta/Aireachta Stáit na Gaeltachta nuair a luadh Catherine Martin leis an ngnó ach … mo léir !!!