BREATIMEACHT: May fós i gceannas ach í i sáinn

Tá easpa freagrachta agus tuisceana chomh follasach sin i dTeach na bhFeisirí nach léir cé mar is féidir imeacht-gan-margadh na Breataine a sheachaint

BREATIMEACHT: May fós i gceannas ach í i sáinn

Bhí trí chúis áthais ag Theresa May nuair a fógraíodh toradh na vótála ar an rún mímhuiníne in Westminster aréir.

Tháinig sí slán ón iarracht í a dhíbirt.

Fuair sí an ceann is fearr ar na Breatimeachtóirí crua.

Ní féidir í a chur as oifig anois (de réir na rialacha) ar feadh bliana.

Ní hé sin le rá go bhfuil a tír ná a rialtas i bhfoisceacht réitigh ar an mórcheist pholaitiúil thall. Cibé aguisín nó soiléiriú ar an gComhaontú Aistarraingthe a thairgfidh ceannairí an Aontais Eorpaigh di, is léir nach vótálfaidh móramh parlaiminte ina fhabhar.

De ghnáth, nuair a éiríonn le ceannaire rialtais iarracht í a chur as oifig a shárú, neartaíonn a smacht dá bharr. De ghnáth, neartaíonn bua dá leithéid a tionchar thar lear. Ach ní gnáth-thréimhse í seo i ngnáth-thír, agus is i laige a rachaidh a tionchar, thall agus i gcéin, toisc gur dheimhnigh sí go bhfágfaidh sí Sráid Downing don Bhreatimneacht a bheith curtha i bhfeidhm 

Tá easaontas, aineolas agus éidreoir chomh forleathan anois in Westminster nach bhfuil aon athrú ar an léargas Breatimeachta ó aréir. Éireoidh Theresa May as oifig, a dúirt sí lena páirtí tráthnóna inné, nuair a bheidh an Breatimeacht curtha i gcrích. Ní léir fós conas a chuirfear i gcrích é, seachas mar imeacht tubaisteach gan aon mhargadh a bheith déanta roimh ré.

Bhí ábhairín beag dóchais don phríomh-aire sna freagraí a tugadh ar cheist faoin Bhreatimeacht a chuir foireann phobalbhreith YouGov, agus a foilsíodh inné. An cheist: an dóigh leat go mbeadh príomh-aire Caomhach eile ábalta margadh níos fearr a dhéanamh ná an ceann a rinne Theresa May?

Dúirt 57% de na vótóirí a ceistíodh nár shíl siad go mbeadh ceannaire eile in ann margadh níos fearr a bhaint amach. Níor shíl ach 18% go mbeadh margadh níos fabhraí ar chumas príomh-aire eile. Níor chuir YouGov ceist faoi chumas Jeremy Corbyn dá mbeadh seisean ina phríomh-aire.

Cuireann an sotal agus an t-aineolas a chloistear agus cúrsaí Breatimeachta á bplé in Westminster alltacht go minic ar Éireannaigh. Ach is léir ón bpobalbhreith nach bhfuil an pobal thall baileach chomh saonta ná chomh místuama.

Bhí ábhar beag dóchais eile do Theresa May sa phobalbhreith chéanna. Dúirt 40% de na daoine a ceistíodh gur chóir di leanúint ar aghaidh mar Phríomh-Aire. Dúirt 34% gur chóir di imeacht. Bhí tacaíocht níos láidre aici i measc vótóirí Caomhacha – 58% díobh a dúirt gur chóir di leanúint ar aghaidh, agus gan ach 28% ina coinne.

Níl aon chinnteacht ann ar ndóigh go rachaidh meon an phobail i bhfeidhm ar an móramh in Westminster atá glan in aghaidh an Chomhaontaithe Aistarraingthe ar chúiseanna éagsúla. Is ar Theresa May atá cuid mhór den mhilleán. 

Dúirt sí ar feadh i bhfad gurbh fhearr aistarraingt gan margadh ar bith ná aistarraingt le drochmhargadh. A mhalairt atá á rá anois aici, is é sin gur fearr glacadh leis an margadh lochtach (admhaíonn sí féin nach bhfuil sé sásúil) a rinne sí ná tarraingt amach as an Aontas Eorpach gan margadh ar bith a dhéanamh roimh ré.

Tá easpa freagrachta agus tuisceana chomh follasach sin anois ar an dá thaobh de Theach na bhFeisirí nach léir cé mar is féidir imeacht-gan-margadh na Breataine a sheachaint. 

Rinne Bertie Ahern cur síos macánta fadó ar na rudaí is féidir agus nach féidir le Taoiseach a bhaint amach agus ceannairí an AE i mbun idirbheartaíochta. Bhí sé ag labhairt le cruinniú poiblí a reáchtáil Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath tar éis do vótóirí diúltú do chonradh Nice in 2011 

Ní féidir gach rud a theastaíonn ó dhaoine in Éirinn a bhaint amach, a dúirt sé. Gan dabht, is féidir fód a sheasamh maidir le hábhair áirithe. Is féidir sciar eile dá dteastaíonn ón rialtas a bhaint amach de thoradh comhréitigh. Ach, arsa Bertie Ahern, uaireanta bíonn ar ionadaithe na hÉireann glacadh leis nach féidir an chuid is mó d’aidhmeanna áirithe a bhaint amach.

Vótáil móramh i bhfabhar Chonradh Nice an bhliain dár gcionn, ach is tábhachtaí mar ábhar machnaimh d’fheisirí Westminster a ndúirt Bertie idir an dá reifreann sin abhus ná toradh an dara reifreann in 2012.

Ní féidir le ceannaire rialtais ar bith gach a dteastaíonn uaidh, nó uaithi, a bhaint amach le linn cainteanna sa Bhruiséil. Níl bealach níos éifeachtaí chun tionchar tíre ar chomhréiteach a phléitear sa Bhruiséil a laghdú ná imeacht as an Aontas Eorpach. 

Ceacht nár fhoghlaim mórán in Westminster fós.

Fág freagra ar 'BREATIMEACHT: May fós i gceannas ach í i sáinn'