Breanndán Ó Beaglaoich, cath Bhaile na bPoc agus bánú na tuaithe

Tá aird an phobail ar chás pleanála i mBaile na bPoc in iarthar Duibhneach, mar a bhfuil an ceoltóir aitheanta Breanndán Ó Beaglaoich ag iarraidh tigh a thógaint ar an bhfód dúchais le fada an lá

Breanndán Ó Beaglaoich, cath Bhaile na bPoc agus bánú na tuaithe

Tá daoine áirithe atá chomh fite fuaite leis an áit as ar fáisceadh iad, gur dheacair iad a shamhlú le haon dúthaigh eile, nó an dúthaigh a shamhlú gan iad a bheith ann. Tá an dlúthchaidreamh le dúthaigh (téarma a cheap An Seabhac), chomh láidir iontu gur aon ní amháin iad le cnoc, gleann, carraig agus binn.

Duine acusan é Breanndán Ó Beaglaoich. Domsa, is Corca Dhuibhne i gcrot agus i bhfoirm dhaonna é; tá oidhreacht, cultúr, ceol, teanga agus go deimhin fiántas na leithinse go smior agus go smúsach ann, ag sileadh leis agus ag rith tríd gach féith ina chorp, sa tslí dhuit gur deacair a dhéanamh amach cá dtosnaíonn Breanndán agus cá gcríochnaíonn an leithinis. Ní fhéadfainn Baile na bPoc, Paróiste Mórdhach, ná Corca Dhuibhne a shamhlú gan cuimhneamh air.

(Ní hé go bhfuil Dia beag á dhéanamh agam de; go bhfios dom, cé nach bhfuil aon mhórstaidéar déanta agam air, ach oiread leis an gcuid eile againn bíonn ar Bhreanndán Ó Beaglaoich suí ar an bpruibí ó am go chéile chomh maith).

Dá mbeadh ceart le fáil, bheadh Breanndán Ó Béaglaoich agus gach aon Bhreanndán eile in ann a shaol a chaitheamh san áit inar rugadh, inar tógadh agus inar tháinig sé chun coinlíochta. Dá mbeadh ceart le fáil, bheadh na húdaráis áitiúla ag luí amach orthu féin chun go mbeadh bunadh na háite, aon áit sa tír, in ann maireachtaint ar a dtalamh féin, más é sin atá uathu agus mura bhfuilid ag cur isteach ar éinne. Bheidís ag iarraidh pobail bhuana theaspúla a chothú fiú sna bailte is iargúlta sa chontae. Ach i gcás Bhreanndáin, agus i mórán cásanna eile abhus, ní hamhlaidh atá.

Tá Breanndán agus Rannóg Pleanála na Comhairle Contae in earráid lena chéile le fada i dtaobh cead pleanála a thabhairt dó tigín a thógaint ar phaiste talún i mBaile na bPoc, i ngiorracht urchair méaróige don dtigh inar tógadh é. Diúltaíodh chomh minic sin dó gur thóg sé tigín adhmaid deas cluthair, agus rothanna faoi, agus bhuail sé é istigh sa ghort a raibh an cead á lorg aige dó. Tá sé ag maireachtaint sa tigh beag aerach ó shin.

Ní hé go bhfuil aon suaimhneas á fháil aige ann, áfach. Níl cead á thabhairt dó tigh nua a thógaint, agus ní lú ná níl cead á thabhairt do an tigín adhmaid a choimeád mar atá sé. Tá dlí á bhagairt air mura dtógann sé an tigín as an áit, agus mura gcuireann sé an gort thar n-ais mar a bhí. Tá sé tar éis achomharc a dhéanamh go dtí’n mBord Pleanála anois maidir leis an diúltú deireanach seo atá fachta aige ón gComhairle Contae.

Anois, ní hé go bhfuil an té seo níos tábhachtaí ná éinne eile de mhuintir Chorca Dhuibhne, ach is mionsamhail nó léiriú a chás ar an tslí atá rialacháin phleanála agus pleananna forbartha contae á n-úsáid i gcoinne an phobail seachas ar mhaithe leo. Admhaíonn Breanndán féin ná raibh cead aige an tigín a bhualadh san áit ina bhfuil sé, ach ní raibh a mhalairt de rogha aige dá mba rud é gur theastaigh uaidh fanacht ina bhaile féin.

Dhiúltaigh an Chomhairle Contae é agus dúradh: “the retention of the structure on site in conjunction with proposed new entrance would, by reason of its location and design, be unduly obtrusive on the landscape and would seriously injure the visual amenities of the area. The proposed development would extend and consolidate the pattern of and set a precedent for undesirable ribbon development of an excessive density and of a suburban nature located in an exposed and sensitive rural setting”.

(Ní gá dhom a rá gur Béarla teanga na rannóige pleanála).

Deir siad chomh maith, go gcuirfeadh an tigín isteach ar an radharc ón mbóthar as choinne an tsuímh, radharc a chaithfear a chosaint thar aon ní eile, is cosúil.

Ba dhóigh leat agus an cinneadh sin á léamh go raibh Breanndán d’iarraidh Burj Al Arab a thógaint dó féin, nó bathalach tí a gheobhadh lasnairde de Thower Bhaile Dháith agus a leagfadh scáth ar an bparóiste ar fad ó thuaidh go dtí Baile na hAbha. Ní thagann an cinneadh leis an scéal in aon chor áfach.

Maidir leis an gcéad chúis a tugadh, deirtear ina gcinneadh go gcuirfeadh forbairt ar an suíomh áirithe seo le ‘forbairt ribíneach’ (ribbon development) sa cheantar, rud a chaithfear a sheachaint. Caithfear, gan dabht, ach ní bheifeá ag cuir leis sa chás seo; tá an suíomh buailte ar lonnaíocht ina bhfuil roinnt mhaith tithe cheana (Baile na bPoc), agus ar shuíomh idir dhá áitreabh eile (suíomh inlíonta nó ‘infill’).

Tá an dá ghné seo luaite go sonrach i bPlean Forbartha an Chontae mar áiteanna inar bhféachfar go fabhrach ar iarratais l tithe a thógaint. Dá mbeadh na pleanálaithe ag iarraidh pobal tuaithe a chothú (fé mar atá luaite sa phlean forbartha), d’aithneoidís sin.

Dá mbeadh an dea-thoil san ann, ní bheadh an dara cúis tugtha in aon chor. Deirtear ann go bhfuil sé mar aidhm i bplean forbartha an chontae go gcaitear na radharcanna ón mbóthar ó dheas agus soir ó dheas den suíomh a chaomhnú. Ach ar an mapa i bplean forbartha an chontae, stadann an stráice den mbóthar ina gcaithfear an radharc laisteas, ach ní lastuaidh den mbóthar, a chosaint, díreach ag an suíomh áirithe seo. Aríst, ba dhóigh leat go mbeadh solúbthacht éigin ann dá bharr, agus go dtuigfeadh an lucht pleanála gur soir ar Chnoc Bréanainn a bhíonn daoine ag féachaint agus iad ag gabháilt an treo, seachas isteach sa ghort seo lastuaidh den bhóthar.

Ní pleanálaí mé, ná saineolaí ar an gcóras pleanála, ach feictear dom aríst agus aríst eile go bhfuil gnéithe áirithe de phlean forbartha an chontae á n-úsáid mar leithscéal chun aon fhorbairt fén spéir fén dtuath a stop, beag beann ar ghnéithe eile den bplean. Mar shampla, deirtear an méid seo leanas sa phlean:

“Ensure that favourable consideration is given to individual one-off house developments for immediate family members (sons, daughters or favoured niece/nephew) on family farms and land holdings; subject to compliance with normal planning criteria and environmental protection considerations.”

An bhfuil aon fheidhm leis an gcuid sin den bplean, nó an caint san aer é?

Nuair a chaitear mar seo le daoine i mBaile na bPoc, i dTíorabháin, ar an mBaile Riabhach nó san iliomad baile eile, is deacair gan teacht ar an dtuairim gur cuid de pholasaí nó de chur chuige lárnaithe é seo, polasaí neamhoifigiúil ná stopfaidh nó go mbeidh na paróistí tuaithe bánaithe, fé fhaoileáin is faoi choiníní, agus muintir na bparóistí tiomáinte isteach go dtí na bailte. Tá deireadh á chur le seirbhísí agus áiseanna faoin dtuath, tá deireadh ar fad tagtha le tithíocht shóisialta faoin dtuath (bhí tithíocht shóisialta á tógaint fiú sa Bhlascaod os cionn céad bliain ó shin, ach tá os cionn 30 bliain ann ó tógadh tigh sóisialta i nDún Chaoin), agus, má ghéilltear don gcóras pleanála, ní bheidh cead ach ag duine ana-fhánach cur fúthu ina n-áiteanna dhúchais.

Tá aird an phobail áitiúil agus náisiúnta ar chath Bhaile na bPoc, agus é á thuiscint mar chás samplach ar chur chuige na n-údarás áitiúil i dtaobh riachtanais tithíochta mhuintir na tuaithe.

Beidh sé ríspéisiúil cad í an bhreith a thabharfaidh an Bord Pleanála.

Fág freagra ar 'Breanndán Ó Beaglaoich, cath Bhaile na bPoc agus bánú na tuaithe'

  • Bibi

    An port céanna agamsa.. ní thabharfadh CCCh cead pleanála domsa tig a thógaint ar láthair tí ar fheirm m’athar mar ná raibh gátar tí ( housing need) crithaithe agam. Dúrt leo go rabhas chun an tig, a bhí agam lasmuigh den gceantar, a dhíol ach rabhadar sásta. Is mó duine atá sa cheantar leis an dara tig agus cead pleanála fachta acu agus ní dóigh liom go bhfuil aon chomhsheasamhacht le rialacha phlean forbartha an chontae. Anois agus mo thig díolta agam agus ualach airgid caite agam ar bhithiúnaigh a gheall fóirithint orm , tá misneach caillte agam.

  • Emer Ní Ronáin.

    Tá an ceart ar fad agat maidir le Breandán. Tá cursaí pleanála in aírde ar bhata. Ní féidir liomsa na cúrsaí seo a thuiscint, Níl ciall ná réasún ar bith leo. Tá lán tacaíocht aige on dtaobh seo uaimse, cinnte.

  • Sean O Ciobhain

    Fainne oir ort a Dhaithi.