Breakthrough méaldrámata agus ciotach ach cúiteoidh an chríoch shona do chreideamh

Ní bheidh an glacadh céanna ag gach duine sa lucht féachana le scéal faoi theacht aniar míorúilteach

Breakthrough méaldrámata agus ciotach ach cúiteoidh an chríoch shona do chreideamh

Breakthrough
Stiúrthóir: Roxann Dawson
Cliar: Topher Grace, Josh Lucas, Chrissy Metz, Mike Colter, Dennis Haysbert, Marcel Ruiz

Ar an 19 Eanáir 2015 bhí triúr leaideanna óga ag amadántaíocht ar loch reoite Sainte Louise in St. Charles, Missouri. I bhfaiteadh na súl bhí an leac oighir fúthu briste agus iad tumtha san uisce fuar.

D’éirigh le beirt acu éalú as ach chaith John Smith cúig nóiméad déag faoin uisce sular éirigh leis na seirbhísí éigeandála é a tharrtháil. Ní raibh aon bhuille ina chroí. In ainneoin tréaniarrachtaí an lucht leighis san ospidéal, 40 nóiméad ina dhiaidh sin dearbhaíodh go raibh John marbh. Fuair a mháthair, Joyce, an glaoch sin nach dteastaíonn ó aon tuismitheoir a fháil agus nuair a shroich sí an t-ospidéal bhíothas ar tí uair a bháis a fhógairt. Dúirt Joyce paidir le taobh an choirp agus ar hap an tairne thosaigh cuisle John ag preabadh arís.

Ní raibh aon chur síos ná insint scéil ag lucht leighis ar an gcasadh seo sa scéal ná ar an mbiseach iontach a tháinig ar John ina dhiaidh sin. Níor tharla a leithéid riamh cheana agus is beag seans go dtarlóidh a leithéid arís. Bhí an focal ‘míorúilt’ i mbéal gach n-aon. Míorúilt cinnte, ach arbh mhíorúilt í a bhí bunaithe ar an ádh nó ceann a bhí bunaithe ar chreideamh. Déanann an scannán seo an téama sin a chíoradh agus cuirtear abhaile orainn gurb é an dara míniú acu sin an ceann is ansa leis an saothar.

Ní haon ionadh sin óir go bhfuil an scannán bunaithe ar an leabhar dár teideal The Impossible a scríobh a mháthair, Joyce.

Is í Joyce (Metz), a creideamh, a grá dá mac uchtaithe mar aon lena diongbháilteacht agus an bhreis ina haghaidh, croílár an scannáin. Ag tús an scannáin léirítear creideamh an teaghlaigh agus ceanndánacht John (Ruiz) nach bhfuil ach ceithre bliana déag d’aois. Ní raibh sé ach naoi mí d’aois nuair a uchtaíodh ó Ghuatamala é agus tá an chuid sin dá shaol ag luí go trom air agus drogall air, dá réir, labhairt faoi stair a theaghlaigh do thionscadal scoile. Ní raibh aon bhlas agam féin ar an gcuid sin den scannán óir gur mheasas go raibh sé méaldrámata, ciotach agus róshaothraithe.


Feabhsaíonn rudaí i ndiaidh na timpiste.

Tá suaitheadh agus réalachas ag baint le heachtra an locha agus tá na radharcanna san ospidéal truacánta agus lán mothúchán.

I rith an ama tá an tréadaí, Jason Noble (Grace) ina chrann taca ag Joyce; fear a mbíodh sí in adharca leis go leanbaí roimhe sin faoi ghnóthaí an pharóiste, faoina stíl ghruaige agus a chuid seanmóirí. Ní nach ionadh is iad an bheirt charachtar seo a chuireann béim ar théama an chreidimh.

Ní bheidh an goile ná an glacadh céanna ag gach duine sa lucht féachana le téama an chreidimh sa scannán, ach bíodh sin mar atá, ní féidir a shéanadh ach go bhfuil ardú croí ag baint leis an gcríoch shona.

Fág freagra ar 'Breakthrough méaldrámata agus ciotach ach cúiteoidh an chríoch shona do chreideamh'