Bréagmhaidneachan nó gealadh lae nua é ardú céime Arlene?

Beidh deis ag an gCéad-Aire cultúr a bhuanú ina mbeadh ardú céime do bhean chomh coitianta céanna le hardú céime d’fhear

Arlene Foster

Sceith bhéil atá sa tír seo thuaidh agus theas as a laghad ban atá tofa mar theachtaí: duine as cúigear Teachtaí Tionóil i Stormont agus an ráta níos ísle fós i nDáil Éireann.

Tá athrú i ndán don Dáil i ngeall ar an cuóta atá leagtha síos do na páirtithe don toghchán atá buailte linn, ach céard faoi Stormont? Theip ar an gcoiste a scrúdaigh stádas na mban ansin a theacht ar réiteach faoi chuótaí ach ina dtuarascáil anuraidh mhol siad do pháirtithe mná a cheapadh i bpostanna mór le rá chun uchtach a thabhairt do mhná eile.

Ní mór a rá gur éirigh go maith le Arlene Foster gan moladh ó choiste ar bith agus drochsheans gurb iad moltaí an choiste sin (a ligeadh i ndearmad ar iompú boise) faoi ndear thoghadh an dlíodóra as Fear Manach mar cheannaire an DUP agus mar Chéad-Aire.

Is í an cheist ná an éascóidh ardú céime Arlene Foster an bealach do mhná eile nó an mbeidh a laghad éifeachta aige is a bhí ag réimeas Thatcher sa Bhreatain. Drochsheans go mbainfidh rath mná amháin comhionannas amach do gach éinne.

Bhí eagraíochtaí ban ríméadach nuair a rinne an Chéad-Aire tagairt dá haigne mná agus í ag trácht ar a cur chuige, ach níorbh fhada gur meabhraíodh dóibh go raibh siad ag déileáil leis an DUP agus nach raibh a mbuille tugtha fós ag an sean-eite thraidisiúnta den pháirtí sin.

Cara le Arlene Foster é Edwin Poots, mar shampla, agus ardmheas aige ar an gceannaire nua. Chuir sé a chois ann, áfach, nuair a dúirt sé gurb é an chéad-aireacht an cúram is tábhachtaí ar Foster i ndiaidh a cúram mar mháthair, iníon agus ball de theaghlach.

Caint chiotach, amaideach. Dá mhéid a mheas uirthi, an raibh Edwin Poots ag moladh dá cheannaire a dhul abhaile chun na cistine?

Ní raibh, ar ndóigh, ach b’in é an bhrí a bhain roinnt daoine as a ndúirt sé. Lena cheart a thabhairt do Poots, bhí an rud céanna ráite aige faoina ról féin nuair a bhí sé ina Aire Sláinte. Bhraitheas gur ag díriú ar dhaoine eile a bhí sé, daoine nach maireann de réir soiscéal Poots nó daoine nach bhfuil an saol baile acu chomh sona, folláin is atá ag muintir Foster.

Bíodh sin mar atá ba mheabhrú é go bhfuil eite shoiscéalach fós sa DUP a imreoidh tionchar ar phlé faoi cheisteanna coinsiasa agus a chinnteoidh nach i Stormont a thiocfaidh athrú sna cúrsaí sin.

Anuas air sin, ní húdar uchtaigh do mhná a bhí i gcaint Poots.

Rinne Arlene Foster neamhshuim den scéal, ach tharraing sé aird ar an ngá atá le gníomh uaithise ar mhaithe le cur chun cinn na mban.

Meastar go mbeadh sí cumasach mar chomhairleoir nó meantóir agus is minic a labhraíonn sí faoi chothú muiníne i measc na n-óg. Beifear ag faire go géar uirthi féachaint conas a thabharfaidh sí faoi sin agus faoi thacú le mná eile. Ta na hiarrthóirí do thoghchán an 5 Bealtaine roghnaithe cheana féin agus dá réir sin ní bheidh sí in ann dul sa tóir ar ainmniúcháin sa bhreis do mhná i dtoghcheantair ina mbeadh seans acu. Ach beidh deiseanna eile aici, le boird stáit, aireachtaí agus ceapacháin eile. Beidh deis aici chomh maith cultúr a bhuanú ina mbeadh ardú céime do bhean chomh coitianta céanna le hardú céime d’fhear.

Fág freagra ar 'Bréagmhaidneachan nó gealadh lae nua é ardú céime Arlene?'

  • Breathnóir

    An cheist is tábhachtaí faoi Foster ná an ndéanfaidh sí iarracht taispeáint go bhfuil meas aici ar chuid náisiúnach an phobail sna Sé Chontae. Go bhfios dom níl a leithéid déanta aici go fóill, in ainneoin an ard-mholadh atá tugtha ag leithéidí an Irish Times di. Bhí an méid a dúirt sí faoi ‘rebels and renegades’ thar a bheith maslach, mar shampla.

    • Bainne na nGabhar

      Tá ráite ag an Chéad-Aire go mion is go minic go bhfuil sí ag iarraidh meas a thabhairt ar chách i dTuaisceart Éireann beag bean ar chúlra creidimh an duine. Muna bhfuil an méid sin soiléir go fóill ní nár dhúirt sí a leithéid ba chúis leis.

      Ba léir go raibh an ceart ar fad aici ón mhéid a dúirt sí faoi “rebels and renegades” bunaithe ar a bhfaca muid siar i 2002 i ndiaidh do scéal Stormontgate briseadh ar na meáin nuair a ghlac Martin McGuinness (a bhí ina Aire Oideachais an tráth sin ar ndóigh) an cinneadh deireadh a chur leis an Teist Aistrithe (11+) gan teacht ar aon intinn ná ar chomhréiteach roimh ré le baill eile an chomhrialtais. Má bhíonn deis ag airí áirithe sa chomhrialtas chun a rogha ruda a dhéanamh, déanfaidh, in aineoin mianta an phobail i gcoitianta díreach chun a gcuid cuspóirí féin a bhaint amach. Is cuid den phróiseas polaitiúil é sin gan amhras, agus is maith gur feasach do Foster an méid sin. Ach ná bímis chomh lag sin san intinn agus “Masla! Masla!” a bhéiceáil gach uair a thugann Arlene faoi deara go bhfuil a bhfonn féin ag lucht Sinn Féin agus go bhfuil siad ag iarraidh a gcuspóirí a bhaint amach fiú muna bhfuil tacaíocht ag an mhórphobal dóibh.

      Char chóir go mbeifí ag súil le ráiteas ar leith ag dul díreach chuig náisiúnaithe. Is í Arlene Foster í Céad-Aire Thuaisceart Éireann don phobal ar fad – chan do na násiúnaithe amháin. Sa dóigh céanna charbh aon iontas é nach seolfadh sí aon ráiteas i gcomhair na n-aontachtach (ach ab iad a chaith vóta di go príomha ina toghcheantar féin).

      Cha masla é – imeartas focail a bhí i gceist. Daoine fásta sinn uilig. Má tá duine sa tóir le bheith maslaithe maslófar é, is cuma cén teachtaireacht a ba chúis leis dar leis an údar. I dTÉ maslaítear an té atá á lorg de réir dealraimh.