Breac ar do dhuán, a Jack…

Na turais chuig na comórtais mhóra sin a fhágann Jack Charlton chun cinn ar gach bainisteoir spóirt eile, ach a phearsantacht a bhuanaigh an gean a bhí ag muintir na hÉireann air

Breac ar do dhuán, a Jack…

Jack Charlton. PictiúrL INPHO/Billy Stickland

Ba bheag an baol nach dtáinig meangadh ar éadan Jack Charlton an tseachtain seo caite agus é ag éisteacht leis an ardmholadh a thug scéal a bháis leis.

A lámh ar a smig fhada agus a leiceann go leataobh, thuig sé go maith gur ón gcroí a labhair siad siúd a rinne amhlaidh – idir pheileadóirí, iriseoirí agus an pobal fré chéile.

Ach an seans a bheith ann, is é an té a bhíonn faoi thrácht a chuireann deireadh lena leithéid d’ócáid ag glacadh buíochais óna chroí amach. Fiú mura mbeadh Jack imithe ar Shlí na Fírinne ní shamhlóinn gurbh in ab fhearr leis a dhéanamh.

Níorbh é sin a bhealach. Nuair a bhí an focal deiridh ráite agus scríofa, is é is dóigh gur bhuail sé bóthar ag fiafraí cá bhfaigheadh sé abhainn mhaith bradán san áit is deireanaí seo ina bhfuil sé curtha faoi, nó ag cur tuairisc faoi chúinne ciúin i dtábhairne ina mbeadh fáil ar phionta deas pórtair agus deis an páipéar a léamh ar a chompord.

Sea, ba iad na turais sin chuig Euro 88, Italia Novante agus USA 94 a fhágann Charlton chun cinn ar gach bainisteoir spóirt eile i stair na hÉireann, ach ba ghné a bhain lena phearsantacht féin a bhuanaigh an gean a bhí ag muintir na hÉireann air.

B’in nach raibh éirí in airde ná uaibhreacht dá laghad ag baint leis an bhfear. Níorbh aon ábhar iontais é dá ndéarfaí leat go mba óna pheann a tháinig an t-amhrán ‘Ordinary Man’ a sheinneann Christy Moore, ach níorbh ea.

D’iompair Jack é féin i gcónaí mar a dhéanfadh sé dá mba faoi thalamh sa mianach guail in Ashington a d’fhan sé, seachas tabhairt faoi shaol a bhí chomh fada ón gcúpla lá a chaith sé ansiúd in aois a 15 bliain agus atá an ghealach uainne.

Bhí bearna mhór freisin idir ré a chuid imeartha agus tús an airgid mhóir i gcluiche an tsacair. Go fiú agus mar bhainisteoir ar Éirinn ba £35,000 sa mbliain a bhí leis an bpost nuair a thosaigh sé i 1986 agus tuairim a cheithre oiread nuair a d’imigh sé deich mbliana dár gcionn.

Ba riadaire a bhí riamh ann.

Fiú agus é ag imirt bhí sé ag éirí maol. Sa lá atá inniu ann thabharfadh a leithéid cuairt ar an dream a chuir an chataíl ar ais i bhfolt Wayne Rooney. Sin nó thabharfadh sé cuimilt den rásúr do bharr a chinn chuile mhaidin mar a dhéanann siad siúd fiú a bhfuil gruaig orthu sa lá atá inniu ann.

Bíonn Pep Guardiola le feiceáil anois ag tafann ón taobhlíne, a phlait ag lonrú ag na tuilsoilse agus féasóg lae ar a smig. Choinnigh Charlton na cúpla ribe a bhí fanta air féin plástráilte trasna a chinn nó faoi dheireadh gur tharraing sé caipín speiceach chuige lena gclúdach – ná déan iontas más iad a chlann a d’impigh a leithéid air.

B’in mar a dhéanaidís in Ashington, an dtuigeann tú ? Mar a rinne a athair roimhe agus a athair siúd arís, nuair nach raibh caipíní Nike, Adidas ná Puma ar an saol.

Scaití agus rud éicint le léamh aige thosaíodh Jack ag púitseáil ina chuid pócaí go dtarraingíodh sé seanphéire spéacláirí astu. Tharlódh go mba phlástar a bhí á gcoinneáil ina chéile mar a bhíodh ag Jack Duckworth in Coronation Street fadó – ach má bhíodar maith go leor dó siúd, bhí sin amhlaidh freisin do Jack s’againne.

Inniu tá oiread spéacláirí faiseanta ag Jürgen Klopp agus a bhí de bhróga ag Eva Peron fadó agus go maire sé iad. Ní ag fáil locht air féin ná ar Guardiola atá mé ach ag iarraidh a mhíniú cén fáth nach dóigh liom go mairfidh a gcáil ná an dáimh atá acu lena bpobal mar a tharla i gcás Charlton.

Ní raibh aon aithne agam ar Jack ach an mhaidin tar éis do Packie Bonner agus do Dave O’ Leary na ciceanna éirice a shábháil agus a scóráil in Genoa i 1990 tharla gur mé a bhí ar a chúl sa scuaine agus muid ag leagan ar ais na n-eochracha ag deasc an óstáin ina raibh muid sular tugadh aghaidh ar an Róimh.

Bhí bileog pháipéir ina lámh ag Jack agus mise ag iarraidh a dhéanamh amach i ngan fhios dó céard a bhí scríofa air – ag ceapadh go mba le plean imeartha éicint a bhain sé.

Níorbh ea. Nuair a shroich sé an fáilteoir shín an bhileog chuici agus dúirt ina chanúint Geordie “What’s this all about, pet? Somebody slipped it under my door when I was oot.”

‘It is a bill for 3,500 lira [tuairim €2 más buan mo chuimhne], for a newspaper and a little bottle of water,” a deir mo chailín. “Seems quite a lot for two such small items,” a deir sé, meangadh ar a bhéal agus é ag síneadh an airgid chuici.

Shílfeá gur thug sise cineál drochshúil air, ach ansin arís cén chaoi a dtuigfeadh fáilteoir Iodálach nach mba faiseanta an rud é ag an am €2 a thabhairt ar bhuidéilín uisce in Ashington, Northumberland.

Breac ar do dhuán, a Jack.

Fág freagra ar 'Breac ar do dhuán, a Jack…'