Bratach ghorm bronnta ar 10 dtrá Ghaeltachta – laghdú ó anuraidh

Crochfar an Bhratach Ghorm os cionn ceithre thrá i nGaeltacht na Gaillimhe, dhá thrá i nGaeltacht Thír Chonaill, dhá thrá i nGaeltacht Mhaigh Eo, agus dhá thrá i nGaeltacht Chiarraí i mbliana

Bratach ghorm bronnta ar 10 dtrá Ghaeltachta – laghdú ó anuraidh

Bronnadh an Bhratach Ghorm ar dheich gcinn de thránna Gaeltachta inniu. D’fhógair An Taisce inniu an 88 trá ar bronnadh an stádas orthu i mBun an Tábhairne i gCorcaigh inniu. Níor bronnadh an oiread sin bratacha ar thránna na hÉireann ó tugadh an córas isteach sa tír seo i 1987.

Bronnadh ceithre Bhratach Ghorma ar thránna Gaeltachta i gcontae na Gaillimhe, an contae is mó a bhfuair tránna sa Ghaeltacht ann an gradam ann i mbliana, cé gur i gcontae Chiarraí atá an líon is mó de bhratacha gorma in aon chontae amháin — 14.

Crochfar an Bhratach Ghorm os cionn dhá thrá i nGaeltacht Thír Chonaill, dhá thrá i nGaeltacht Mhaigh Eo, agus dhá thrá i nGaeltacht Chiarraí i mbliana.

Bronnadh an stádas ar níos mó tránna Gaeltachta anuraidh ná mar a bronnadh i mbliana. Bhí 14 Bratach Ghorm sa Ghaeltacht an samhradh seo caite, ach ní bheidh ach deich gcinn ann an samhradh seo. Mar sin féin, tá méadú ar an líon Bratach Ghorm a bronnadh in Éirinn trí chéile i mbliana, ó 79 anuraidh go 88 i mbliana.

Tá an Bhratach Ghorm ar cheann de na gradaim is mó aitheantas ar domhan ó thaobh cúrsaí timpeallachta de. Leagtar síos critéir lena ndéantar measúnú ar chaighdeán an uisce, ar sholáthar eolas agus oideachas comhshaoil, ar shábháilteacht agus ar bhainistiú na trá.

Chomh maith le Bratacha Gorma, bronnadh Gradam an Chósta Ghlais ar dheich gcinn de chladaí Gaeltachta. Ba i dTír Chonaill a bronnadh an líon is mó de na duaiseanna seo ar cheantair Ghaeltachta – cúig cinn as an 12 bratach a bronnadh ar fud na Gaeltachta.

Bronnadh Gradam an Chósta Ghlais den chéad uair sa bhliain 2003 ar cheithre thrá i Loch Garman. Tá fás as cuimse tagtha ar an togra ó shin i leith agus anois tá 499 Meitheal um Chóstaí Glana ann a bhfuil na mílte oibrí deonach páirteach iontu. Glanann na meithleacha seo an cósta i gcaitheamh na bliana agus cuireann siad tograí ar bun chun feabhas a chur ar an obair atá á déanamh.

Bronnadh gradam an Chósta Ghlais ar dhá chladach i nGaeltacht na Gaillimhe, dhá thrá i nGaeltacht Chiarraí, agus trí thrá i nGaeltacht Mhaigh Eo. Is í seo an chéad bhliain ar tugadh aitheantas ‘Cósta Glas’ do chladach Bhaile an Sceilg i gCiarraí. 

Fág freagra ar 'Bratach ghorm bronnta ar 10 dtrá Ghaeltachta – laghdú ó anuraidh'