Brat na hÉireann agus an tSeamróg i measc straoiseoga nua Whatsapp

Tá tríbhratach na hÉireann agus an tseamróg i measc na straoiseoga atá ar fáil don té a dhéanfadh Whatsapp a uasdátú

Whatsapp

Le fada an lá, tá muintir na hÉireann cráite ag an straoiseog seo ?, seamair Mhuire, a bhíonn in úsáid go mion minic ar na meáin shóisialta agus cúrsaí na hÉireann á bplé. Mar is léir don Éireannach agus don bhlátheolaí araon, ní mar a chéile an tseamróg agus an tseamair Mhuire. Ach le cúnamh Dé, ní chráfar arís muid le straoiseoga míchruinne – seo chugainn an ☘!

Tá an tseamróg agus brat na hÉireann ?? i measc na straoiseoga a cuireadh le Whatsapp le deireanas. Tháinig cuid de na straoiseoga nua seo go iOS tamall ó shin ach ní raibh siad ar fáil ar Android go dtí anois agus tá cuid acu atá ar fáil anois ar Android nach bhfuil ar fáil ar iOS go fóill.

Rinneadh uasdátú mór ar na straoiseoga níos luaithe i mbliana agus ba é an rud ba shuntasaí faoi an uair sin ná go rabhthas in ann dath craicinn na straoiseog daonna a athrú de réir mar ba mhian leis an téacsálaí.

An geábh seo, táthar tar éis an bhéim ar chine geal Mheiriceá Thuaidh a mhaolú arís eile agus bratacha 247 tír éagsúil a chur ar fáil i rannóg na mbratacha. Anuas air sin, tá sionagóg ?, mosc ?agus teampaill eile? chomh maith le radharcanna éagsúla den Domhan féin – ceann a bhfuil Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas i lár baill ?, ceann a bhfuil an Afraic agus an Eoraip i lár baill ? agus ceann eile a bhfuil an Áis agus an Astráil i lár baill ?.

Is iomaí straoiseog eile atá curtha le Whatsapp – idir phlandaí, bhia, ainmhithe, spóirt agus daoine.

Fág freagra ar 'Brat na hÉireann agus an tSeamróg i measc straoiseoga nua Whatsapp'