Brat le teachtaireacht Ghaeilge le tabhairt ag captaen Liverpool go dtí cluiche ceannais Shraith na gCuradh i gCív

Tugadh ar láimh do chaptaen Liverpool Jordan Henderson Dé Domhnaigh an brat ar a bhfuil teachtaireacht Ghaeilge in ómós do Sheán Cox, an fear as Éirinn a ionsaíodh roimh chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh i Learpholl

Brat le teachtaireacht Ghaeilge le tabhairt ag captaen Liverpool go dtí cluiche ceannais Shraith na gCuradh i gCív

Lucht leanúna Liverpool leis an bhrat cáiliúil ag cluiche an Domhnaigh in éadan Brighton & Hove Albion

Tá sé i gceist ag captaen Liverpool brat le teachtaireacht Ghaeilge a thabhairt leis go Cív do chluiche ceannais Shraith na Seaimpíní an 26 Bealtaine.

Ba in ómós do Sheán Cox, an fear as Co na Mí a ionsaíodh taobh amuigh d’Anfield roimh an chéad bhabhta den chluiche leathcheannais i gcoinne Roma, a scríobhadh ‘Ní shiúlfaidh tú i d’aonar go deo’ ar an bhrat. Tá an teachtaireacht chéanna scríofa i mBéarla agus in Iodáilis ar an bhrat fosta.

Lena chois sin, tá dathanna chumann Lúthchleas Gael, Naomh Peadar Dún Búinne ar an éan atá ar an bhrat. Tá an ‘liver bird’ mar shiombail ag Learpholl FC.  Bhí Sean Cox ina Uachtarán ar CLG Naomh Peadar, agus tá sé fós go dona tinn in Ospidéal Walton i Learpholl. 

Ba é Peter Carney a dhear an brat agus fuair sé comhairle ón iriseoir Tony Birtill ó thaobh an leagain Ghaeilge de. Dé Domhnaigh, bronnadh an brat ar Jordan Henderson, captaen na foirne, tar éis do Liverpool Brighton a bhualadh 4-0 in Anfield.

Ba é Stephen Monaghan ó chumann tacaíochta Liverpool, Spirit of Shankley, agus Peter Carney a bhronn an brat ar an chaptaen. Glacadh grianghraf de Henderson agus imreoirí Liverpool agus iad ina seasamh taobh thiar den bhrat tar éis an chluiche cáilithe i Stadio Olimpico na Róimhe coicís ó shin agus bhí lúcháir ar an gcaptaen glacadh arís leis an bhrat tar éis chluiche an Domhnaigh, inar chinntigh Liverpool go mbeidís i Sraith na gCuradh an bhliain seo chugainn. 

Gheall Jordan Henderson go dtabharfadh sé an brat leis go Cív na hÚcráine don chluiche ceannais in aghaidh Real Madrid, a bheas ar siúl seachtain ón Satharn seo chugainn, an 26 Bealtaine.

Fág freagra ar 'Brat le teachtaireacht Ghaeilge le tabhairt ag captaen Liverpool go dtí cluiche ceannais Shraith na gCuradh i gCív'