Brasília: aisling thodhchaíoch atá 55 bhliain ar an bhfód

Tá ardchathair na Brasaíle, a tógadh as an nua i lár an chéid seo caite, 55 bhliain ar an bhfód inniu. Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar chathair a thugann dúshlán na súl agus na haigne

Táim i mo sheasamh sa chearnóg ar bharr stáisiún na mbusanna in Brasília. Seo ceartchroílar na cathrach seo, ar pleanáladh gach miliméadar cearnach di go mion. 

Maidin Domhnaigh atá ann agus tá sé ag stealladh báistí. Is beag nach ligim racht gáire asam. An é seo é? 

Ag an nóiméad seo, is túisce a mheabhródh ardchathair thodhchaíoch na Brasaíle stáisiún na mbusanna i mbaile lár tire éigin in Éirinn do dhuine ná an útóipe shóisialach, dhaonlathach a bhí i gceist ag an uachtarán Juscelino Kubitschek a bhronnadh ar a thír nuair a d’ordaigh sé í a thógáil i lár na 1950í.

Ceannaím scáth fearthainne ó dhíoltóir sráide – níl air ach cúig real, nó euro caoga – agus tugaim aghaidh ar Café Eldorado, caife nár athraigh an t-am ann le 55 bliain anuas. Taobh amuigh, sciorann na sluaite déagóirí, éadaí dubha scaoilte ar an uile dhuine acu, siar agus aniar ar a gcuid clár scátála. Baineann gliogar na rotha macalla as pasáistí dorcha, leathdhúnta an ionaid siopadóireachta mar a bhfuil Café Eldorado lonnaithe. Buaileann plaisteach crua faoi choinchréit lom.

Coincréit, ba é sin an t-ábhar tógala ab ansa le hOscar Niemeyer, an t-ailtire a dhear na foirgintí todhchaíocha a tharraing cáil idirnáisiúnta ar an gcathair, tithe an rialtais, an ardeaglais agus an iarsmalann náisiúnta ina measc. Rinne sé sin ar iarratas pearsanta ó Juscelino Kubitschek, sóisialach, daonlathach a d’ordaigh an ardchathair nua a thógáil a luaithe is a toghadh ina uachtarán ar an mBrasaíl é sa bhliain 1956.

Tharla go raibh rún i mbunreacht na Brasaíle le fada an lá a d’éiligh go dtógfaí ardchathair nua i lár na tíre; bhí Rio de Janeiro rófhada ó dheas agus lena chois sin, bhí fís ag an naomh Iodálach Don Bosco sa bhliain 1891 go dtiocfadh sibhialtacht nua chun cinn i gcroílár na Brasaíle.

Níos lú na cúig bliana a thóg sé croílár Brasília a thógáil, agus bhog an rialtas ó Rio de Janeiro go dtí an chathair bhreá nua ar an 21 Aibreán 1960. Luífeadh fiacha ollmhóra ar an mBrasaíl ar feadh dhá scór bliain eile dá bharr.

Seachas Kubitschek agus Niemeyer, ba é an pleanálaí uirbeach Lúcio Costa is mó a d’fhág a lorg ar an gcathair. Chruthaigh sé sin bunphlean don chathair a mheabhraíonn eitleán: síneann ‘Ais na Séadchomharthaí’ soir trí lár na cathrach, tithe an rialtais san áit a mbeadh an píolóta, agus síneann an ‘Sciathán Thuaidh’ agus an ’Sciathán Theas’ amach ón ais lárnach mar a bheadh eiteoga iontu.

B’aoibhinn le Costa ord agus eagar. Tá Café Eldorado, áit a n-ordaím espresso eile ós rud é go bhfuil sé fós ina dhíle, suite sa ‘Cheantar Siamsaíochta Theas’, atá buailte ar an ‘gCeantar Lóistín Theas’ agus ar an ‘gCeantar Gnó Theas’. Tiocfaidh duine ar na leaganacha ‘Thuaidh’ de na ceantair seo agus tuilleadh ar an taobh eile d’Ais na Séadchomharthaí. Sin é agat Brasília: siopaí le siopaí, óstáin le hóstáin, séadchomharthaí le séadchomharthaí. 

Ní féidir le duine cónaí i lár na cathrach; is chuige sin iad na Sciatháin Thuaidh agus Theas; na ceantair, chaola, fhada ina bhfuil cónaí ar mhuintir Brasília i mblocanna árasán cúig stór atá ar fad mar a chéile.

Is iontu atá cónaí orthu siúd a bhfuil airgead acu, cibé.

Don ardaicme a tógadh na hárasáin sna Sciatháin Thuaidh agus Theas. Níor rith sé leis na polaiteoirí, na pleanálaithe cathrach agus na hailtirí go mbeadh áiteanna cónaithe ag teastáil ó na scórtha míle oibrí a thóg an chathair. D’fhás cathracha satailíte neamheagraithe timpeall ar an gcathair – fada a dhóthain le súil is nach bhfeicfí iad fiú ón bpointe is airde i gcroílár Brasília, an láthair amhairc leathbhealach suas Crann Craoltóireachta na Teilifíse. Toisc nár pleanáladh na cathracha satailíte seo, níor pleanáladh aon chóras iompair sásúil dóibh ach an oiread. Ní go dtí an bhliain 2001 a tógadh línte fo-thalún amach ann.

Nuair atá an tríú cupán espresso faoin bhfiacail agam in Café Eldorado, stadann an bháisteach. Ní hé seo an chéad uair in Brasília dom. Tá an oilithreacht ailtireachta timpeall ar Ais na Séadchomharthaí de ghlanmheabhair agam agus ní haon stráinséir mé sna Sciatháin Thuaidh agus Theas ach an oiread. Ach ní raibh mé in aon cheann de na cathracha satailíte riamh.

Téim chuig an stáisiún fo-thalún is gaire dom agus tógaim an chéad traein a stadann ag an ardán. Daichead nóiméad níos déanaí táim ag deireadh na líne: Samambaia, cathair satailíte ar meascán í de bhotháin bheaga dhearóile agus blocanna árasán ollmhóra an togra tithíochta shóisialta Minha Casa, Minha Vida (‘Mo Theach, Mo Shaol’).

Níl beocht ar bith san áit, ach amháin seastán smailcbhia a bhfuil braon caife ar fáil ann ar chaoga centavos, cúig cent déag in airgead na hEorpa. Ceannaím cupán plaisteach den leacht tanaí, a bhfuil siúcra measctha tríd cheana féin sa bhuidéal teirmis ina gcoinnítear te é.

Ardaím le mo bheola é agus ólaim sláinte na cathrach aistí seo, atá caoga a cúig bliana d’aois inniu.

Fág freagra ar 'Brasília: aisling thodhchaíoch atá 55 bhliain ar an bhfód'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Alt suimiúil Alex faoi tógra éisceachtúil, ro-phleanáil in Brasilia do na boic mhóra agus gan faic sna fo-bhailtí don íseal aicme.

    Caidé atá nua?