Brasaíligh shaibhre, gheala ag iarraidh an ruaig a chur ar Dilma Rousseff

Chuaigh 1.2 milliún Brasaíleach amach ar na sráideanna Dé Domhnaigh in oll-léirsithe i gcoinne an uachtaráin shóisialaigh Dilma Rousseff. Tríocha bliain glan ón lá ar tháinig deireadh le deachtóireacht mhíleata sa tír, bhí coup d’état nua á éileamh ag léirseoirí áirithe

1

Níl saol éasca ag Dilma Rousseff, a bhain an dara téarma mar uachtarán ar an mBrasaíl amach i bhFómhar na bliana seo caite le móramh beag bídeach. Ní bhíonn sa nuacht na laethanta seo ach trí ábhar: géarchéim eacnamaíochta na tíre, boilsciú airgid agus calaois. An t-ollscannal calaoise sa chomhlacht ola leathstáit Petrobras – a maítear go bhfuil baint mhór ag páirtí Rousseff, Páirtí na nOibrithe (PT) leis – is mó a ghoilleann ar an bpobal.

Oll-léirsithe inar ghlac 1.2 milliún duine páirt an toradh.

Milliún acu seo, chuadar amach ar shráideanna chathair São Paulo, inneall eacnamaíocht na tíre agus croílár cumhachta an fhreasúra.

Bhí na léirsithe i gcathracha eile níos lú: 45,000 duine san ardchathair Brasília, 20,000 in Belo Horizonte, 15,000 duine in Rio de Janeiro.

Níor ghlac ach 3,000 duine páirt sa léirsiú a eagraíodh in Salvador, an tríú cathair is mó sa tír, mar a bhfuil cónaí orm féin. Daoine gorma iad ochtó faoin gcéad de mhuintir Salvador, ach daoine saibhre, geala ba ea iad nócha a naoi faoin gcéad díobh siúd a ghlac páirt sa léirsiú frith-Rousseff a eagraíodh ann.

Thug mé aghaidh ar an léirsiú chun an scéal a fhiosrú.

2

Bhí dathanna na Brasaíle – uaine agus buí – ar a leicne ag triúr cairde, an ceantálaí tithe Felipe, an dearthóir grafaice Nunno agus Harrison, mac léinn iriseoireachta. Bhí bratach na Brasaíle ar iompar acu. Chuir mé ceist orthu cén fáth ar thángadar amach ag léirsiú. ‘Táimid tinn tuirseach de rialtas Rousseff’ agus ‘Tá athrú uainn’ na freagraí a thugadar. Ní raibh argóintí acu thairis sin.

Dála mhórchuid na mBrasaíleach a chuaigh amach ar na sráideanna inné, teastaíonn uathu go gcuirfí Rousseff as cumhacht trí phróiseas táinsimh (impeachment).

Bhí léirseoirí ann, áfach, a raibh coup d’état míleata á éileamh acu. Ghlac mé féin grianghraf de bhean mheánaosta gheal a raibh comhartha cairtchláir leis an téacs ‘Idirghabháil mhíleata, anois!’ á iompar aici, an mana céanna á bhéiceadh in ard a glóir aici gan stad. Chonaic iriseoirí i gcathracha eile sa tír comharthaí cairtchláir den chineál céanna.

Go deimhin, níorbh aon chomhthuiscint é gur an 15 Márta a eagraíodh na holl-léirsithe seo i gcoinne Rousseff, atá i gceannas ar chomhrialtas de chuid na heite clé. Tríocha bliain glan a bhí ann ón lá gur tháinig deireadh leis an deachtóireacht mhíleata a bhí i gceannas ar an mBrasaíl idir 1964 agus 1985. Níor chuir cuid de na daoine a chuaigh amach ag léirsiú an deireadh seachtaine seo an cumha atá orthu i ndiaidh an réimis sin i bhfolach.

5

Ní hionann agus na holl-léirsithe a tharla sa Bhrasaíl nach mór dhá bhliain ó shin, i mí an Mheithimh 2013, léirsithe i gcoinne Pháirtí na nOibrithe amháin – agus ní i gcoinne na polaitíochta i gcoitinne – a bhí i máirseálacha an deireadh seachtaine seo. Ná ní féidir iad a chur i gcomparáid in aon chor leis na léirsithe frithdhéine a chuirtear ar siúl i dtíortha éagsúla san Eoraip na laethanta seo: bhí an leann á chaitheamh siar, bhí flas candaí ar fáil go flúirseach agus is iomaí léirseoir a thóg tacsaí abhaile tar éis an mhórshiúil. Chomhairigh mé níos mó bataí chun féinphiceanna a thógáil ná mar a chonaic mé bataí ag na póilíní.

Mar sin féin, eachtra pholaitiúil iad oll-léirsithe an deireadh seachtaine seo nach mbeidh rialtas Dilma Rousseff in ann neamhaird a dhéanamh uirthi.

Fág freagra ar 'Brasaíligh shaibhre, gheala ag iarraidh an ruaig a chur ar Dilma Rousseff'