Branagh ar fheabhas mar Boris agus léargas ar chorraíl na paindéime

Trí scéal in éineacht atá againn anseo agus gan deis againn ár n-anáil a tharraingt óir go bhfuil a shraith féin dlite do gach ceann acu

Branagh ar fheabhas mar Boris agus léargas ar chorraíl na paindéime

Is carachtar ar leith é Boris Johnson, gan aon agó. An imeacht liobarnach sin agus leathdhronn air, na geáitsí is an chaint gan dealramh agus an mothall gruaige nach bhfuil aon oidhre air ach coca féir lá gaoithe. Is geall le caracatúr é. Roimh a theacht bheifí ag gearán dá gcífí a leithéid i saothar ficsin. Le teacht an Trumpaigh agus Mhic Sheáin tá an saol éirithe níos áiféisí ná na hiarrachtaí scigaithrise.

Tá dúshlán roimh an té a thabharfadh faoina leithéid de charachtar a léiriú. Is amhlaidh a bhí nuair a thug Brendan Gleeson na hÉireann faoi fhear na gruaige oráiste sa mhionsraith The Comey Rule. Sa mhionsraith sé chlár This England sé Kenneth Branagh a thugann ré ról fhear na gruaige finne.

Mar is dual don Fheirsteach tugann sé taispeántas ábalta uaidh, cé ná facamar an oiread sin de sa chéad chúpla gála. Is amhlaidh atá mar is trí shaothar in éineacht í an mhionsraith seo; iniúchadh ar phearsantacht agus gníomhartha Boris, cuntas ar Chovid agus éachtaint ar chleasaíocht pholaitiúil Whitehall. Ábhar cáinte b’fhéidir ná nach bhfaigheann aon scéal acu deis a anáil a tharraingt.

D’fhéadfaí a mhionsraith féin a bhunú ar aon cheann de na téamaí sin.  Go deimhin d’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil sraith teilifíse 10 séasúr, 20 clár an ceann, dlite do chorraíl agus uafás na paindéime. Ba thubaiste chasta dhomhanda é Covid agus dá bharr tá tosach an chéad ghála ag gluaiseacht ar luas lasrach le carachtair, dátaí agus áiteanna á gcrústach chugainn i míreanna drámaíochta agus ábhar cartlainne. Deacair coimeád suas leis na heachtraí ar fad ó ghaiscí eolaíochta lucht na vacsaíne go dtí margadh feola Wuhan.

Bhaineas súp as seo cé go gcuaigh sonraí sa bhfraoch orm. Bhainfeadh sé croitheadh as duine a bheith ag féachaint siar ar an ábhar cartlainne ó thosach 2020, gan aon tuiscint ar an uafás agus an chorraíl a bhí le teacht.

Go dtí seo cuirtear Boris os ár gcomhair mar charachtar geanúil go maith. É cuideachtúil, éadromchroíoch agus carraigeacha Béarla Shakespeare á gcaitheamh chugainn aige. Ina dhiaidh sin féin, címid mianach na cúblála agus déantar cúpla iarracht léiriú a dhéanamh ar an ngaol achrannach atá aige lena chlanna. Arís, d’fhéadfaí a shraith féin a bhunú istigh in Sráid Downing, go mórmhór nuair a chuimhníonn tú go raibh praiseach Brexit faoi lán seoil nuair a toghadh ina phríomh-aire é agus go raibh olltoghchán ann i ndeireadh 2019.

Fite fuaite leis sin tá an léargas a thugtar ar chleasaíocht Whitehall. Cuirtear Dominic Cummings (Simon Paisley Day) inár láthair mar chneámhaire cruthanta, giolla gualainne Boris ach is de réir a chéile a léirítear gurb é an giolla atá ina mháistir. É ag gabháil timpeall ag seanmóireacht agus ag caitheamh go borb gránna le daoine faoina bhairéidín caipín.

Cé go mb’fhéidir go bhfuiltear ag iarraidh an iomarca a dhéanamh tá sásamh á bhaint agam as an saothar tathagach seo.

Fág freagra ar 'Branagh ar fheabhas mar Boris agus léargas ar chorraíl na paindéime'