Botún ceartaithe agus 80% de thithe i bhforbairt nua Ghaeltachta le cur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge

Thug Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála d’fhorbairt tithíochta i gCois Fharraige i gConamara agus gan de choinníoll teanga leis ach go gcuirfí 20% de na tithe ar leataobh do chainteoirí Gaeilge

Botún ceartaithe agus 80% de thithe i bhforbairt nua Ghaeltachta le cur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá 80% de na tithe i bhforbairt nua sna Forbacha i gCois Fharraige i gConamara le cur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge i ndiaidh do Chomhairle Chontae na Gaillimhe ‘botún riaracháin’ a chur ina cheart.

Thug Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála do Louise Massie don bhforbairt cúig theach i mBaile na hAbhann sna Forbacha agus gan de choinníoll teanga leis ach go gcuirfí 20% de na tithe, nó teach amháin, ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Deimhníodh tráthnóna inné, áfach, go raibh Comhairle Chontae na Gaillimhe ag glacadh leis gur bhotún a bhí ann cead pleanála a thabhairt agus gan coinníoll teanga 80% a bheith i bhfeidhm.

De réir Phlean an Chontae, ní foláir coinníoll teanga a chur i bhfeidhm ar ar a laghad 80% de thithe i bhforbairtí tithíochta i gCois Fharraige ina bhfuil dhá theach nó níos mó.

Tá an scéal amhlaidh mar gheall gur cuireadh i gcoinne athrú polasaí a bhí beartaithe ag an gComhairle anuraidh.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie d’Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite an raibh sé i gceist acu achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála faoin dlí pleanála a bheith á shárú i gcás an chead pleanála a tugadh don fhorbairt sna Forbacha. Mar thoradh ar an bhfiosrúchán sin,  mhaígh an Chomhairle féin gur “botún riaracháin” a d’fhág gur 20% seachas 80% a bhí luaite leis an gcoinníoll teanga.

Bhí go dtí an lá amárach le hachomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála faoin bhforbairt.

Ní gá d’Údarás na Gaeltachta aon chinneadh a dhéanamh anois faoina leithéid d’achomharc ó tharla go bhfuil géillte ag an gComhairle go ndearnadh botún agus go bhfuil an scéal curtha ina cheart acu ag an nóiméad deiridh.

Faoin athrú a bhí beartaithe ar pholasaí pleanála na Gaeltachta, níorbh léir go mbeadh aon ghá feasta le haon choinníoll teanga dá leithéid taobh amuigh de shráidbhailte na Ceathrún Rua, an Spidéil agus Bhaile Chláir.

Ghéill Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi dheireadh go gcuirfí coinníoll teanga i bhfeidhm ar ar a laghad 80% de thithe i bhforbairtí dá leithéid i gCois Fharraige. Sa chás go mbeadh an céatadán cainteoirí Gaeilge in aon cheantar i gCois Fharraige níos airde ná 80% de réir an daonáirimh, chuirfí coinníoll teanga leis an gcéatadán sin tithe.

Fág freagra ar 'Botún ceartaithe agus 80% de thithe i bhforbairt nua Ghaeltachta le cur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge'

  • Airdeall

    Cén cruthúnas atá inghlactha le Roinn na Gaeltachta chun a thaispeáint go bhfuil Gaeilge acu siúd a cheannóidh na tithe seo? Cúpla focal?
    Seans go dtarlóidh botún arís “Sorry, we forgot to get our Irish speaker to talk to the buyers to see if they needed an oral.”
    Murach na heagraíochtaí pobail bheadh na tithe seo díolta le daoine gan Ghaeilge.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Polasaí Pleanála Gaeltachta’ – cha raibh ‘fhios agam go raibh a leithéid ann!!

    Agus nár bhfearr Plean Forbartha Gaeltachta NÁISIÚNTA bheith ann?? Nach bhfuil Plean Forbartha Contae ag achan comhairle contae sa stáit – ach níl faic sna pleananna siúd a bheir aitheantas don Ghaeltacht ná don Ghaeilg!! Nach mbeadh cás níos láidre ag ceantracha Gaeltachta dá seasfadh siad uilig le chéile? – ar son na Gaeilge??

    ‘…80% de thithe ‘i bhforbairt nua Ghaeltachta’ le cur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge’…

    CEAP MAGAIDH!!! An bhfuil taighde ar bith déanta ar an ‘pholasaí’ seo??? An bhfuil ÁIT ar bith sa stáit a thaispeánann go dtiompaíonn an 20% de chainteoirí Béarla go Gaeilg nuair atá 80% de ‘chainteoirí Gaeilg’ ina chónaí ina measc?? Mo thóin!!!

    Agus cad chuige nach 100% de chainteoirí Gaeilge a bhíonn sa ‘choinníoll teanga’ seo? Cad chuige nach bhfuil coinníoll teanga orthu siúd a thógann tithe ar ‘a dtailte féin’? Cad chuige nach bhfuil coinníoll teanga ar ghnónna/ghnóthaí agus ar dhream ar bith eile a chuireann fúthú sa Ghaeltacht??

    An mbeidh coinníoll teanga orthu siúd a bheas ag ‘pilleadh ‘na bhaile’ ó na tírotha aon-teanga (Béarla) ar fud na cruinne?? An bhfuil suim ar bith ag na dreamanna seo sa Ghaeilg agus i gcaomhnú agus buanú na Gaeilge?? Dheon mo chos go bhfuil!!!

    I mo thuairimse, ní fiú labhairt ar phlean teanga gan coinníoll Ghaeilg a chuir i bhfeidhm sa Ghaeltacht INA IOMLÁINE.

    COINNÍOLL GHAEILG DON GHAELTACHT ANOIS!!!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Nach bhfuil Plean Forbartha Contae ag achan comhairle contae sa stáit – ach níl faic sna pleananna siúd a bheir aitheantas don Ghaeltacht ná don Ghaeilg!!” a deireann Cordelia Nic Fhearraigh. Níl sin fíor i gcás Contae na Gaillimhe, ar aon chaoi. Tá aitheantas cuí tugtha i bPlean Forbartha na Gaillimhe don Ghaeltacht agus cuspóir ag an bplean forbartha cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus cur in aghaidh aon fhorbairt a fhéadfadh dochar suntasach a dhéanamh don Ghaeilge. Is mar geall ar sin a bhfuil iachall ar an gComhairle Chontae i nGaillimh coinníoll teanga a chur ar 80% de na tithe in aon scéim i gCois Fharraige. (Is de bharr brú ó Chumann Forbartha Chois Fharraige agus ó Chomharchumann Sailearna, a daingníodh an polasaí sin nuair a bhí athrú á bheartú anuraidh ar Phlean Forbartha an Chontae, leis an bpolasaí a lagú go mór.)

    Maidir le ‘coinníoll Ghaeilg a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht INA IOMLÁINE’, ní bheinn i bhfábhar sin ar an gcúis simplí nach bhfuil aon cheo le cosaint ná le caomhnú sa gcuid is mó den Ghaeltacht ‘ina iomláine’. Is sna ceantracha sin ina bhfuil an Ghaeilge in úsáid go fóill a theastaíonn an chosaint, ní sna ceantracha ina bhfuil an Ghaeilge imithe le 50 bliain.

    Ag an am céanna níl an scéal sásúil mar nach bhfuil aon áisínteacht stáit ann atá sásta monatóireacht a dhéanamh ar iarratais pleanála agus dul ag an mBord Pleanála nuair a cheaptar nach bhfuil an chosaint chuí á thabhairt don Ghaeilge sa gcuid bheag den Ghaeltacht ina bhfuil sí fós in usáid. Bhíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag glacadh freagrachta as an obair cosanta ach chuir Foras na Gaeilge deireadh leis an gComhdháil. Tá an EPA ann le cosaint a thabhairt don timpeallacht. Tá eagras stáit ar a thugtar National Parks and Wildlife ann le cosaint a chinntiú don dúlra ach tá an cuma ar an scéal go seasann Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta siar nuair a bhíonn cosaint le tabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht! Sin mar atá.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Tá ionadh orm go bhfuil a leithéid de riachtanas ann. Ní leor é ach fós féin is fearr é ná an rud a shíl mé — sin nach raibh aon riachtanas Gaeilge ann.
    Nach mbeadh sé suimiúil dá mbeadh céatadán áirithe do dhaoine le Gaeilge de dhíth i ngach uile áit sa tír? Ní 80% is dócha ach céatadán áirithe. Murach uimhir róbheag ar fad a bheadh ann, d’fhéadfadh sé sin a bheith suimiúil. Déanaimis é.