‘Botún’ ba chúis le fógra ag lorg tairiscintí i mBéarla amháin – TG4

De réir fógra de chuid an stáisiúin a foilsíodh i mBéarla amháin, níor cheadmhach d’iarrthóirí ach tairiscint nó iarratas a dhéanamh i mBéarla

‘Botún’ ba chúis le fógra ag lorg tairiscintí i mBéarla amháin – TG4

Tá ráite ag TG4 gur botún a bhí ann tairiscintí i mBéarla amháin a lorg ar chonradh margaíochta ar fiú €1.5 milliún é.

De réir fógra de chuid an stáisiúin a foilsíodh i mBéarla amháin ar an suíomh etenders.gov.ie, ní raibh cead ag iarrthóirí tairiscint nó iarratas a dhéanamh ach amháin i mBéarla.

Sárú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist i gcás mar sin. Faoi fho-alt 9(2) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá sé de cheart ag ball den phobal go bpléifeadh eagraíocht stáit leis nó léi ina rogha féin teanga, Béarla nó Gaeilge.

Tá ráite ag TG4 le Tuairisc.ie gur dearmad a bhí ann an fógra a fhoilsiú. Cuireadh an fógra in airde ar an suíomh ar an 19 Deireadh Fómhair.

Dúirt TG4 go bhfuil leagan Gaeilge den fhógra le foilsiú agus go mbeidh iarrthóirí in ann cur isteach ar an gconradh trí Ghaeilge.

“Is trí bhotún a cuireadh é sin suas ar eTenders, ach tá ceartú déanta anois air agus é le foilsiú ar an gcóras TED,” a dúirt urlabhraí de chuid TG4.

“Tá fáilte roimh iarratais as Gaeilge don tairiscint ar sheirbhísí cumarsáide agus margaíochta.”

San fhógra, lorg an stáisiún teilifíse Gaeilge tairiscintí ar chonradh chun cur lena lucht féachana agus a mbranda a neartú i measc an phobail.

Tá dhá chuid i gceist leis an gconradh agus luach €750,000 an ceann luaite leo.

Baineann ceann le seirbhísí cumarsáide agus margaíochta chun cur le lucht féachana an stáisiúin agus chun feachtais a chruthú chun branda agus sceidil TG4 a chur chun cinn. Cúrsaí fógraíochta atá i gceist sa mhír eile.

Conradh trí bliana atá luaite leis an dá mhír agus rogha ann síneadh dhá bhliain eile a chur leo.

Fág freagra ar '‘Botún’ ba chúis le fógra ag lorg tairiscintí i mBéarla amháin – TG4'