Botúin seachas caimiléireacht ba chúis leis an bpraiseach a rinneadh den RHI

Ní dhéantar oiread sin cáineadh neamhbhalbh ar dhaoine i dtuarascáil an Bhreithimh Coghlin ach moltar gur chóir oiliúint a chur ar airí i dtaca lena ról maidir le polasaithe, reachtaíocht, caiteachas poiblí agus luach ar airgead

Botúin seachas caimiléireacht ba chúis leis an bpraiseach a rinneadh den RHI

Ní caimiléireacht ná mailís ba chúis leis an bpraiseach a deineadh den scéim fuinnimh inathnuaite do ghnólachtaí ach easnaimh agus botúin, a deir tuarascáil an fhiosraithe poiblí a sheol cathaoirleach an fhiosraithe, an t-iarBhreitheamh Sir Patrick Coghlin, in Stormont inniu.

Níor cheart an scéim a bheith bunaithe ag an Roinn Fiontair cheal acmhainní chun déileáil leis. Ní thugtar neamhinniúlacht per se ar ar tharla ach cinneann an fiosrú nach raibh dóthain foirne ná saineolais sa Roinn Fiontair, Trádála agus Infheistíochta (DETI) chun tabhairt faoi scéim nuálach mar í.

Deintear diancháineadh ar an Roinn agus ar na státseirbhísigh inti. Deirtear nár deineadh iarracht éifeachtach ag an tús chun saineolas a aimsiú (ó Invest NI cuir i gcás). Theip ar an roinn bainistíocht tionscadail a dhéanamh – locht tromchúiseach a raibh baint aige leis na botúin agus na heasnaimh ar oibriú na scéime as sin amach.

Ní dhearna an Roinn agus an rialaitheoir fuinnimh, OFGEM, socruithe dea-rialachais don scéim, cé gur mhol OFGEM ag an tús go mbunófaí bord a mbeadh siadsan agus an roinn ag feidhmiú air.

Fuarthas an-chuid lochtanna ar an Roinn agus deineadh cáineadh séimh go leor ar an aire a bhí ann nuair a bunaíodh an scéim, Arlene Foster.

Fuarthas locht uirthi mar gur chuir sí an bille faoinar bunaíodh an scéim faoi bhráid an Tionóil gan é a bheith léite aici – ba cheart é a bheith scrúdaithe aici dar leis an mBreitheamh mar gur chuid bhunúsach é sin de dhualgais Aire. Dá mbeadh sé léite aici nó ag a comhairleoir neamhthofa an Dr Andrew Crawford bheadh deis aici a fháil amach nach raibh foráil sna rialacha chun athbhreithniú nó anailís a dhéanamh ar conas a bhí an scéim ag cruthú. Bheadh easnaimh eile feicthe freisin.

Léirigh an fhianaise a thug Arlene Foster agus an Dr Crawford go raibh malairt tuairimí acu faoi cé a bhí freagrach as na cáipéisí teicniúla a scrúdú. Chinn an fiosrú gur chuir an doiléire sin faoi cé ar a bhí an dualgas leis an bhfadhb. Dúradh freisin nár cheart cáipéis a bheith sínithe ag an Aire Foster ag rá gurbh fhiú an tairbhe an caiteachas gan eolas a bheith aici faoin gcostas.

Mar léiriú ar an bpraiseach, gan aon rud a rá go neamhbhalbh, mhol an binse gur chóir oiliúint a chur ar airí i dtaca lena ról maidir le polasaí, reachtaíocht, caiteachas poiblí agus luach ar airgead.

Ba é ollchumhacht na gcomhairleoirí neamhthofa ba mhó a tharraing aird an phobail le linn éisteachtaí an fhiosraithe agus deirtear sa tuarascáil gur cheart d’airí a bheith freagrach as a gcuid comhairleoirí neamhthofa. Le linn a cuid fianaise, dúirt Arlene Foster go raibh sí ‘cuntasach’ as iompar an Dr Crawford gan a bheith freagrach as. Fuair an fiosrú locht ar scata comhairleoirí speisialta agus mhol cód iompair nua dóibh. Liostaigh an tuarascáil dhá phointe dhéag le cur san áireamh sa chód sin – freagracht don bhFeidhmeannas mar aonad agus soiléire faoi bhaint na gcomhairleoirí le páirtithe polaitíochta ina measc

Ba é an Dochtúir Crawford a thuill an cáineadh ba ghéire. Deirtear an tuarascáil go raibh sé doghlactha go huile agus go hiomlán gur roinn an Dr Crawford eolas rúnda le daoine lasmuigh, lucht gnó agus úsáideoirí an RHI chomh maith lena ghaolta.

Teastaíonn ón mBreitheamh Coghlin go ndéanfaidh an tArd-Reachtaire monatóireacht neamhspleách ar chomhlíonadh a chuid moltaí.

Maidir le cás Mháirtín Uí Mhuilleoir, an t-iarbhall tionóil de chuid Shinn Féin agus Gaeilgeoir aitheanta, deirtear sa tuarascáil gur lorg sé cead agus é ina aire airgeadais ó oifigeach páirtí neamhthofa maidir le plean gnó a bhain leis an scéim.

Tagann an méid sin salach ar fhianaise Uí Mhuilleoir féin, a dúirt gurbh amhlaidh go ndearna sé teagmháil le Ted Howell, an t-oifigeach páirtí, maidir le ‘cathain’ a chuirfí an plean gnó i bhfeidhm seachas chun cead a fháil uaidh an plean a chur i gcrích.

Fág freagra ar 'Botúin seachas caimiléireacht ba chúis leis an bpraiseach a rinneadh den RHI'