Botúin na Gaillimhe, seanfhondúirí Mhaigh Eo agus caithréim Chorcaí

Caitheann Tuairisc súil siar ar na scéalta móra ó na cluichí i gcraobhacha peile agus iomána na hÉireann

Botúin na Gaillimhe, seanfhondúirí Mhaigh Eo agus caithréim Chorcaí

Aidan O'Shea agus Seán Kelly. Pic: INPHO/James Crombie

Mí-ádh ar Ghaillimh ach orthu féin atá an locht 

Cúpla seachtain ó shin bhí siad áirithe ar an dream is mó a raibh seans acu Craobh na hÉireann a bhuachan i mbliana, ach beidh peileadóirí na Gaillimhe díomhaoin an chuid eile den séasúr agus iad díbeartha as an gcraobh ag Maigh Eo Dé Domhnaigh. 

Is é lom na fírinne nach raibh Gaillimh sách maith chun a gcomharsana a shárú i Staid an Phiarsaigh ach bhí mí-ádh orthu freisin.  

Chaith Pádraic Joyce babhtaí na ngrúpaí ag cur béim ar an tábhacht a bhain le críochnú ar bharr an ghrúpa chun sos a fháil agus na réamhbhabhtaí a sheachaint agus ba í teip na Gaillimhe sin a dhéanamh ba chúis le cuid mhaith de na fadhbanna a bhí acu ag an deireadh seachtaine. 

Bheadh an cluiche breise seachanta ag Gaillimh murach gur chaill siad an cluiche deireanach in aghaidh Ard Mhacha leis an aon phointe amháin. Fiú agus an cluiche sin caillte, bheadh na Gaillimhigh críochnaithe ar bharr an ghrúpa murach an comhscór gan choinne a bhí sa chluiche idir Tír Eoghain agus an Iarmhí. 

D’fhág sin Gaillimh sna réamhbhabhtaí, agus fuair siad an tarraingt is crua a d’fhéadfaí a fháil – Maigh Eo. Mar bharr ar an donas, bhí Seán Kelly agus Damien Comer, beirt den triúr is tábhachtaí ar fhoireann na Gaillimhe, ag streachailt le gortuithe. Thosaigh an bheirt ar an Domhnach ach bhí Comer imithe ag leath ama agus chaith an Ceallach an cluiche uile ar leathchos. 

Gach seans go mbeadh seachtain eile scíthe tar éis an-difríocht a dhéanamh don bheirt, agus b’fhéidir don chosantóir Dylan McHugh freisin, agus ní bheadh a fhios agat nach spreagfadh cluiche mór i bPáirc an Chrócaigh Shane Walsh, an duine eile den triúr is tábhachtaí ag Gaillimh. Ní raibh Walsh istigh leis féin sa gheansaí marúin i mbliana. 

Bheadh sé deacair ag aon fhoireann sa tír dul chun cinn a dhéanamh agus fadhbanna ag cur as don triúr imreoirí is fearr acu ach bhí na himreoirí fós ag Gaillimh chun Maigh Eo a chloí ag an deireadh seachtaine dá dtapóidís an deis. Bhí mí-ádh ar Ghaillimh ach níor cheart an iomarca trua a bheith ag duine dóibh agus is beag duine a bheidh ag caoineadh ina ndiaidh i ndáiríre. 

Paddy Durcan sásta leis an toradh. Pic: INPHO/James Crombie

Seanfhondúirí Mhaigh Eo ag seasamh an fhóid arís 

Cothaíodh an-chuid cainte díreach roimh an gcluiche i Staid an Phiarsaigh ar an Domhnach nuair a fógraíodh go raibh cúig athrú déanta ag Kevin McStay ar an bhfoireann a bhí ainmnithe aige don chluiche in aghaidh na Gaillimhe. Bhí Matthew Ruane agus James Carr, beirt a raibh an-taispeántais tugtha acu in aghaidh na Gaillimhe le blianta beaga anuas, curtha go dtí an binse agus b’ábhar iontais freisin é go raibh Kevin McLoughlin ag tosú sa chraobh den chéad uair ó dhíbir Ciarraí Maigh Eo ó chraobh na bliana seo caite sna babhtaí ceathrú ceannais. 

Ba léir go raibh McStay ag iarraidh go mbeadh go leor taithí sa bhfoireann agus chaithfeá rá gur oibrigh a phlean. Bhí McLoughlin lárnach i ndea-imirt Mhaigh Eo sa chéad chúpla nóiméad agus an chuma ar an scéal go ndearna Gaillimh dearmad go raibh sé ann. 

Ní raibh an tionchar céanna ag McLoughlin ar an imirt ina dhiaidh sin ach bhí sé suntasach gurbh iad an seandream a spreag Maigh Eo i rith an chluiche. Bhí Diarmuid O’Connor ar fheabhas ó thús go deireadh agus é le feiceáil i ngach áit ar an bpáirc ach bhí iarrachtaí Paddy Durcan, Aidan O’Shea agus Cillian O’Connor cinniúnach ó thaobh chasadh na taoide sa choimhlint chomh maith. 

Bhí David McBrien, a fuair an cúl, agus Sam Callinan, a rinne an-jab ag marcáil Shane Walsh, ar an mbeirt ógánach is mó a rinne gaisce do Mhaigh Eo ach tá tionchar na seansaighdiúirí chomh tábhachtach is a bhí riamh agus Áth Cliath ag teacht. 

Pointe faighte ag Mattie Taylor in aghaidh Ros Comáin. Pic: INPHO/Lorraine O’Sullivan

Is féidir a bheith cinnte faoi dhul chun cinn Chorcaí 

Sular bhuaigh peileadóirí Chorcaí ar Mhaigh Eo sa chluiche deireanach i mbabhta na ngrúpaí, ní raibh ach cluiche amháin le deich mbliana buaite acu i gcoinne foirne ó Roinn 1 na sraithe. Tá péire sáraithe acu anois taobh istigh de sheachtain tar éis dóibh Maigh Eo agus ansin Ros Comáin a bhualadh chun babhtaí ceathrú ceannais na craoibhe a bhaint amach. 

Bhí cuid mhaith blianta ag Corcaigh gan aon dul chun cinn a bheith déanta acu ach fuarthas leid anuraidh go raibh siad ar bhóthar a leasa nuair a d’éirigh leo cúpla cluiche a bhuachan sna babhtaí cáilithe agus taispeántas cuibheasach maith a thabhairt in aghaidh Átha Cliath sular thit an tóin astu i bPáirc an Chrócaigh. 

Tháinig John Cleary isteach mar bhainisteoir ag tús na bliana agus bhí torthaí maithe acu i rith an earraigh ach ní fhéadfaí a rá go cinnte go raibh siad ag dul i bhfeabhas agus iad críochnaithe sa cheathrú háit i Roinn 2 le trí bhua agus trí chailliúint, péire acusan in aghaidh Lú agus na Mí. 

Cé gur thug Corcaigh taispeántas maith eile uathu in aghaidh Chiarraí, bhí sé fós deacair iad a mheas ach tá léirithe acu ó shin go bhfuil cúpla céim chun tosaigh tógtha anois ag an bhfoireann. Tá imreoirí ar nós Mattie Taylor, Ian Maguire, Seán Powter, Rory Maguire agus Brian O’Driscoll anois ag tiomáint na foirne chun tosaigh cluiche i ndiaidh cluiche. Doire atá rompu anois agus deis ag Corcaigh cluichí leathcheannais na hÉireann a bhaint amach den chéad uair ó 2012. 

Conn Kilpatrick agus scór faighte aige in aghaidh Dhún na nGall. Pic: INPHO/John McVitty

A ndíograis ag filleadh ar imreoirí Thír Eoghain 

Nuair a bhuaigh Tír Eoghain ar Dhún na nGall i bPáirc Mhic Cumhaill in 2018, ba iad an chéad dream a bhuaigh ar an bhfoireann baile ann le hocht mbliana agus chuaigh siad ar aghaidh chun áit a bhaint amach i gcluiche ceannais na hÉireann. D’fhág fir na Láimhe Deirge Bealach Féich ag ceiliúradh arís ag an deireadh seachtaine tar éis dóibh bua cumasach a fháil ar Dhún na nGall. Cé a déarfadh go cinnte nach mbainfidh siad an cluiche mór amach arís i mbliana? 

Tá sé soiléir le fada go bhfuil na himreoirí acu chun cur leis an gcraobh a bhuaigh Tír Eoghain in 2021 ach bhí rud éigin in easnamh orthu le bliain go leith anuas. Agus an iarracht mhór sin déanta acu déarfá gur easpa díograise a bhí ag cur as dóibh, b’fhéidir, ach tabharfaidh bua an tSathairn an-spreagadh don fhoireann murar leor mar spreagadh acu gurb iad Ciarraí a bheidh rompu sna babhtaí ceathrú ceannais. 

Áit bainte amach ag Henry Shefflin agus iománaithe na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais na hÉirean. Pic: INPHO/Ryan Byrne

A gcuid déanta ag iománaithe na Gaillimhe 

Is maith is cuimhin le lucht leanúna fhoirne CLG na Gaillimhe an deireadh seachtaine tubaisteach in 2013 nuair a cuireadh deireadh le séasúir foirne iomána agus peile an chontae taobh istigh de 24 uair an chloig. 

Tar éis do Chorcaigh an ceann is fearr a fháil ar pheileadóirí na Gaillimhe i mBabhta 4 na gcluichí cáilithe i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn, thug an Clár bata agus bóthar do na hiománaithe i nDurlas an lá dár gcionn. 

Deich mbliana ina dhiaidh sin, bhí sé ina imní go dtarlódh an rud céanna an deireadh seachtaine seo caite ach cé gur chlis ar fhoireann peile na bhfear, rinne iománaithe na Gaillimhe an beart in aghaidh Thiobraid Árann ar an Satharn. Tá moladh tuillte freisin ag foireann peile ban na Gaillimhe a fuair an ceann is fearr ar an gcontae céanna ar an Domhnach chun áit a bhaint amach i mbabhtaí ceathrú ceannais na craoibhe. 

Níor cheart go mbeadh Henry Shefflin sásta ar chor ar bith leis an taispeántas i bPáirc na nGael ar an Satharn – bhí sé de cheart ag Gaillimh greadadh a bhualadh ar Thiobraid Árann, a bhí uafásach ar fad – ach beidh an bainisteoir sásta gur éirigh lena fhoireann an cluiche a bhaint faoi dheireadh. D’fhág an chaoi ar chlis Gaillimh in aghaidh Chill Chainnigh gur theastaigh ón bhfoireann a mianach a léiriú an deireadh seachtaine seo agus rinne siad sin. 

Cé nach bhfuil an chuma dhochloíte chéanna ar Luimneach is a bhí le blianta beaga anuas, caithfidh Gaillimh a bheith i bhfad níos fearr sa chluiche leathcheannais ná mar a bhí cúpla lá ó shin. Tá éirithe níos fearr le Gaillimh in aghaidh Luimnigh ná mar atá éirithe le go leor foirne eile, áfach, agus an rud ba thábhachtaí dóibh ag an deireadh seachtaine ná an deis a fháil dul go dtí Páirc an Chrócaigh chun tabhairt faoi sheaimpíní na hÉireann. 

Fág freagra ar 'Botúin na Gaillimhe, seanfhondúirí Mhaigh Eo agus caithréim Chorcaí'

  • Concubhar

    Chaill Corcaigh i gcluiche chéad bhabhta i gCúige Mumhan i mbliana agus nior imir siad Ciarraí go dtí na cluichí sa ghrúpa i gCraobh na hÉireann cúpla nó trí sheachtain ó shin. Táimíd bródúil as Mattie Taylor (seachas Tay).