‘Bóthar go dtí saol níos fearr’ – Buiséad 2022 fógartha

Deir an Rialtas go bhfuil an straitéis buiséid cheart stuama acu ach deir an freasúra nach n-éireoidh le Buiséad 2022 dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an gcostas maireachtála, le cúrsaí tithíochta is cúrsaí sláinte

‘Bóthar go dtí saol níos fearr’ – Buiséad 2022 fógartha

Tá ciste teagmhais €4 billiún chun déileáil leis an Covid-19 sa chás go n-imeodh an víreas ó smacht arís, faoiseamh cánach do dhaoine a bhíonn ag obair ón mbaile agus ardú €5 sa liúntas leasa shóisialaigh i measc na mbeartas a fógraíodh i mBuiséad 2022 inniu.

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe gurb é Buiséad 2022 “an bóthar go dtí saol níos fearr sa todhchaí” ach cháin an freasúra cur chuige an Rialtais.

Dúirt urlabhraí airgeadais Shinn Féin gur léirigh an buiséad nach raibh “aon tuiscint ar an saol, aon smaointe ná aon am” fágtha ag an Rialtas.

Dúirt Doherty nach n-éireodh le Buiséad 2022 dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann leis an gcostas maireachtála, le cúrsaí tithíochta is cúrsaí sláinte.

‘Ba cheart go mbeadh Aire againn a sheasfadh suas inniu agus a déarfadh, ‘Chualamar sibh. Cloisimid sibh. Seo é ár bhfreagra oraibh.’ Ach ní hin a chualamar inniu. An seanphort céanna a chualamar,” arsa Pearse Doherty.

Fógraíodh chomh maith i mBuiséad 2022 go bhfaighidh gach duine a fhaigheann liúntas leasa shóisialaigh €5 d’ardú sa tseachtain agus liúntas dúbailte faoi Nollaig.

Fágfaidh na hathruithe a fógraíodh ar cháin ioncaim go mbeidh €8 sa bhreis sa tseachtain ina bpóca ag formhór d’oibrithe na tíre.

Ardú €5 a chuirfear ar an bpinsean stáit ó mhí Eanáir, ardú a fhágfaidh €253.30 sa tseachtain ag pinsinéir agus cuirfear €3 breise leis an liúntas do phinsinéirí a chónaíonn leo féin, agus beidh €22 ag gabháil dóibh.

Ó mheán oíche anocht beidh €5 breise sa tseachtain le fáil ag an té atá i dteideal liúntas breosla, rud a thabharfaidh €33 sa tseachtain dóibh ach ar ndóigh beidh breosla níos daoire de bharr ardú a bheith ar an gcáin charbóin.

An pinsinéir atá i dteideal na dtrí liúntas sin €308 sa tseachtain a bheidh le fáil aige nó aici ó thús na hathbhliana.

Beidh lascaine 50% ar úsáid an chórais iompair phoiblí ar fáil do dhaoine idir 19-23.

Ardófar an cháin charbóin €7.50 eile, rud a fhágfaidh go mbeidh €41 an tonna i gceist. In iarracht astaíochtaí gásanna ceaptha teasa a laghdú 7% i mbliana a tugadh an cháin sin isteach.

Teastóidh €19.40 breise chun tanc 900 lítear a líonadh le hola agus cosnóidh tanc díosail €1.28 breise agus tanc peitril €1.50 breise.

Beidh thart ar €16.95 breise ar bhille gás nádúrtha na bliana, 89 cent ar mhála 40kg guail and 20 cent ar bheart brícíní móna.

Ón mBealtaine seo chugainn a ardófar praghas guail agus móna.

Tá athrú á dhéanamh ar an tástáil acmhainne a chuirtear ar chúramóirí agus ardófar a liúntas €5. Inniu a rinneadh an chéad athrú ar thástáil acmhainne na gcúramóirí le 14 bliain agus faoin socrú nua ní chuirfear san áireamh an chéad €50,000 d’aon airgead atá i dtaisce ag an gcúramóir. Go dtí seo ní bhíodh ceadaithe ach uasmhéid €20,000.

Cuirfear €10 breise leis an liúntas a bhíonn ar fáil do dhaoine atá ina ghátar le bróga agus éadach a chur ar ghasúir don scoil sa bhfómhar.

Feasta beidh an Scéim Náisiúnta Cúraim Leanaí ag freastal ar leanaí suas go 15 bliain. Ní bhíonn fóirdheontais le fáil faoi láthair ach do leanaí faoi 3 bliana d’aois. Faoin scéim sin íocfar 50% den chostas a bhaineann le cúram leanaí in ionad cúram leanaí atá cláraithe le Tusla ar feadh 45 uair an chloig, ar a mhéid.

Tá cuid de na bandaí cánach méadaithe agus cuirfear níos mó creidmheasanna cánach ar fáil do dhaoine. Ní bheidh cáin ioncaim le híoc ansin go mbeidh €36,800 de theacht isteach ag duine, 1,500 níos mó ná an €35,300 atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ardófar 2% an creidmheas pearsanta cánach, an creidmheas cánach fostaíochta agus an creidmheas cánach do dhaoine atá féinfhostaithe. Faoin athrú sin beidh biseach €435 sa mbliain ag an té a shaothraíonn  €40,000.

Athrófar an t-ioncam ag a mbeidh na rátaí is airde den Mhuirear Sóisialta Uilíoch le híoc agus beidh an dara ráta le híoc anois ag €20,687 seachas €21,295.

Ardófar an bunráta pá 30 cent go €10.50 san uair.

Fógraíodh dreasachtaí cánach do dhaoine atá ag obair ón mbaile, ina measc foráil a chúiteodh 30% den chostas fuinnimh, leictreachais agus leathanbhanda a bhainfeadh le laethanta oibre sa mbaile le fostaithe.

Maidir le cúrsaí sláinte €20.38 billiún a fógraíodh don chroíchaiteachas reatha, méadú €1 billiún.

Fógraíodh go n-earcófar 8,000 duine breise sa chóras sláinte an mhí seo chugainn agus go gcaithfear €10.5 milliún ar 19 leaba dianchúraim bhreise. D’fhágfadh sin go mbeadh 340 leaba dianchúraim sa stát an bhliain seo chugainn, 85 leaba níos mó ná mar a bhí ann roimh an bpaindéim.

Laghdófar an tairseach don scéim aisíoctha cógas agus €100 a bheidh i gceist in áit an €114 atá ann faoi láthair, sin €168 sa mbliain i bpóca an othair.

Cuirfear earraí frithghiniúna saor in aisce do mhná idir 17-25 bliain. 

Cuirfear leis an gcúnamh baile agus cuirfear uaireanta breise cúraim ar fáil.

Tá maoiniú á chur ar fáil le 800 Garda breise agus 400 fostaí sibhialtach a earcú.

Tá sé i gceist beagnach 1,000 múinteoir oideachas speisialta a cheadú.

50 cent breise a chosnóidh paca tobac, rud a fhágann gur €15 a bheidh ar phaicéid áirithe.

Agus Buiséad 2022 á fhógairt inniu aige, dúirt an tAire Airgeadais nárbh fhéidir le haon duine an dochar a rinne an Covid-19 a thuar ach gur léirigh an phaindéim chomh maith mianach mhuintir na hÉireann.

“Bhí rath ar ár n-iarrachtaí. Sábháladh beatha daoine mar gheall ar an gcur le chéile agus toisc an aidhm chéanna a bheith ag gach duine.

“Tá ár dtír ag déanamh anois ar thodhchaí a bheidh níos fearr agus níos gile.”

Dúirt an tAire Airgeadais gur léirigh an phaindéim an ról a bhíonn ag rialtas ó thaobh tacaíocht a thabhairt don tsochaí agus don gheilleagar. Agus an buiséad á ullmhú acu, thuig an Rialtas an brú a bhí ar dhaoine mar gheall ar an gcostas maireachtála, a dúirt sé.

Dúirt Donohoe gurb í an straitéis mheántéarmach atá ag an Rialtas ná seirbhísí poiblí a neartú, deireadh a chur leis an gcaiteachas éigeandála Covid-19 agus an ciste poiblí a chur ina cheart. Thógfadh sé dhá bhuiséad an méid sin a bhaint amach, a dúirt sé.

Mháigh sé go raibh “cothromaíocht chuí” i straitéis an Rialtais idir deireadh a chur de réir a chéile le beartais tacaíochta agus infheistíocht a dhéanamh sa gheilleagar.

€240 billiún na fiacha atá ar an stát, a dúirt sé agus is ionann sin agus €50,000 in aghaidh gach duine.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath gur cuireadh €31 billiún ar fáil chun dul i ngleic leis an bpaindéim go dtí seo.

€87.6 billiún a bheidh sa chaiteachas poiblí an bhliain seo chugainn agus bainfidh €7 billiún de sin leis an Covid-19.

Fág freagra ar '‘Bóthar go dtí saol níos fearr’ – Buiséad 2022 fógartha'