Bóthar fada curtha díobh ag an nGaeltacht chun cluiche ceannais Chiarraí a bhaint amach

Tá cluiche mór ag peileadóirí Mhaigh Cuilinn an deireadh seachtaine seo freisin agus iad ag imirt in aghaidh Chathair na Mart i gCraobh Shinsir Peile Chonnacht

Bóthar fada curtha díobh ag an nGaeltacht chun cluiche ceannais Chiarraí a bhaint amach

Ciarraí

Nuair a bhuaigh Gleann Beithe-Gleann Chárthaigh ar an nGaeltacht sa chéad bhabhta de Chraobh Idirmheánach Peile Chiarraí mí Lúnasa, is beag duine a cheap go mbeadh fir Chorca Dhuibhne san iomaíocht d’ardú céime níos déanaí sa bhliain ach sin mar atá agus foireann Mhichíl Uí Shé ag prapáil do chluiche ceannais an lae amárach in aghaidh na Rátha Móire.

Tháinig an Ghaeltacht ar ais ón gcailliúint sin agus chloígh siad Cill Chomáin agus Oileán Ciarraí. Bhain siad an chéad áit amach i nGrúpa 3, ach ní hin le rá go rabhadar ag dul ó neart go neart ach oiread. Cúl ó Bhrian Ó Beaglaoich in am breise a stop Gníomh go Leith sna babhtaí ceathrú ceannais agus bhí am breise ag teastáil arís an tseachtain seo caite chun An Léigiún a shárú, in ainneoin gurbh iad fir na Gaeltachta ab fhearr an chuid is mó den chluiche.

Bhí Dara Ó Sé ar fheabhas ar fad don Ghaeltacht sa chluiche sin agus ba é a scóráil trí cinn déag den 14 pointe a bhí ag a fhoireann. Is mór atá curtha ag an leath-thosach seo leis an nGaeltacht i mbliana agus é fillte ar an bhfoireann tar éis cúpla bliain a chaitheamh le Cloich na Coillte i gCorcaigh.

Caithfidh na fir atá ina thimpeall níos mó a dhéanamh sa chluiche ceannais amárach, áfach, cé go bhfuil an Ghaeltacht faoi mhíbhuntáiste sa chuid sin den pháirc. Gortaíodh Ruaidhrí Ó Beaglaoich arís roinnt seachtainí ó shin agus beidh tréimhse fhada eile ar an taobhlíne roimhe agus bhí ar Thomás Ó Sé an imirt a fhágáil luath go maith in aghaidh an Léigiúin agus gortú ag cur as dó féin.

Tá scóranna tábhachtacha aimsithe ag Cathal Ó Beaglaoich, Rob Ó Sé agus Éanna Ó Conchúir don Ghaeltacht i gcluichí na bliana seo agus beifear ag brath orthusan agus ar imreoirí eile a bheith níos cruinne chun foireann chumasach na Rátha Móire a bhualadh.

Bhí cuma mhaith ar an Ráth Mhór sa chluiche a bhuadar ar Lios an Phúca sna babhtaí leathcheannais. Bhain Lios an Phúca an cluiche ceannais amach sa chomórtas seo in 2020 agus 2021 ach bhí ocht bpointe le spáráil ag an Ráth Mhór orthu seachtain ó shin, 2-12 in aghaidh 1-7.

Scóráil Chrissy Spears 1-6 sa chluiche sin agus d’aimsigh John Moynihan 1-3, gan trácht ar chumas Paul Murphy Chiarraí agus cúl báire na Ríochta, Shane Ryan, a bhíonn ag imirt i measc na dtosaithe dá chumann.

Is iad an Ráth Mhór rogha láidir na coitiantachta ach ní dhearna sin aon mhaith don Léigiún seachtain ó shin agus beidh fir na Gaeltachta muiníneach go maith gur féidir leo teacht aniar aduaidh ar an bhfreasúra uair amháin eile.

Imreofar cluiche eile sa Chraobh Idirmheánach an deireadh seachtaine seo agus Piarsaigh na Dromoda ag imirt i gcluiche dícháilithe in aghaidh Ghleann Beithe-Gleann Chárthaigh. Tá Piarsaigh na Dromoda tar éis cluiche ceannais Chiarraí Theas a bhaint amach, rud a bheidís ag súil a thabharfadh muinín den fhoireann ach beidh taispeántas maith ag teastáil más leo ísliú céime a sheachaint.

Dé Sathairn, 12 Samhain

Craobh Idirmheánach Peile Chiarraí
Piarsaigh na Dromoda v Gleann Beithe-Gleann Chárthaigh – Cathair Saidhbhín, 2.00i.n.

Dé Domhnaigh, 13 Samhain

Craobh Idirmheánach Peile Chiarraí
An Ghaeltacht v An Ráth Mhór – Páirc Aibhistín de Staic, 2.00i.n.

Gaillimh

Tá cluiche mór ag peileadóirí Mhaigh Cuilinn amárach freisin agus iad le haghaidh a thabhairt ar churaidh Mhaigh Eo, Cathair na Mart, i gCraobh Chonnacht. Ní bhfuair fir na Gaeltachta an deis páirt a ghlacadh i gcraobh an chúige nuair a bhuadar craobh an chontae den chéad uair dhá bhliain ó shin toisc an comórtas sin a bheith curtha ar ceal de dheasca na paindéime ach tá seans anois acu imirt in aghaidh na bhfoirne is láidre sa chúige agus sa tír.

Foireann láidir í ceann seo Mhaigh Cuilinn agus má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Chathair na Mart sa chluiche ceathrú ceannais seo, bheadh an-mhuinín ag na himreoirí go ndéanfaidís dul chun cinn, fiú i gCraobh na hÉireann ach ar dtús, beidh coimhlint chrua rompu i gCaisleán an Bharraigh amárach.

Bhuaigh Cathair na Mart Craobh Idirmheánach Mhaigh Eo in 2016 agus ar aghaidh leo gur bhuaigh Craobh na hÉireann. Bhuaigh an cumann Craobh Shinsir Mhaigh Eo den chéad uair riamh i mbliana agus feachtas den scoth acu. Bhuadar ar An Éill, Baile an Tobair agus Gaeil Mhaigh Eo ina ngrúpa, sháraíodar An Garraí Mór sna babhtaí ceathrú ceannais, le cúl déanach a chloíodar Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh sa gcluiche leathcheannais agus bhí bua trí phointe acu ar Bhéal an Átha sa chluiche ceannais.

Tá scata imreoirí ag Maigh Cuilinn ar fhoireann na Gaillimhe ach tá seisear ag Cathair na Mart ar fhoireann Mhaigh Eo freisin – Lee Keegan, Fionn McDonagh, Rory Brickenden, Mark Moran, Kevin Keane agus Eoghan McLaughlin. Chaill McLaughlin cluiche ceannais an chontae de bharr gortaithe agus meastar nach mbeidh sé ar fáil amárach.

Ba cheart go mbeadh coimhlintí maithe ar fud na páirce. D’fhéadfadh Rory Brickenden agus Dessie Conneely a bheith in aghaidh a chéile, Lee Keegan agus Peter Cooke, Fionn McDonagh agus Seán Kelly agus neart eile.

Seans gurb iad an neart agus an aclaíocht atá ag Maigh Cuilinn na buanna is fearr atá acu agus ní bhíonn stop ná claochlú ar leithéidí na Kellys ná Owen Gallagher. Tá Cooke agus Conneely breá ábalta scóranna a fháil agus tá Neil Mulcahy, Conor Corcoran agus David Wynne ag imirt thar barr i measc na gcosantóirí.

Is iad Maigh Cuilinn rogha láidir na coitiantachta agus cé go bhfuil gach seans ann go mbeidh an cluiche níos géire ná mar atá á thuar ag roinnt, déarfá go bhfuil an taithí ag an Gaillimhigh chun an ceann seo a bhuachan.

Dé Domhnaigh, 13 Samhain

Craobh Shinsir Peile Chonnacht
Cathair na Mart v Maigh Cuilinn – Páirc Mhic Éil, 1.30in (Beo ar TG4)

Fág freagra ar 'Bóthar fada curtha díobh ag an nGaeltacht chun cluiche ceannais Chiarraí a bhaint amach'