Bóthar an Spidéil oscailte arís i ndiaidh timpiste inar maraíodh fear sna fichidí aréir

Bhí láthair na timpiste á scrúdú ar maidin ag foireann dlí-eolaíochta na nGardaí

000b2adb-642

Tá bóthar an Spidéil i gConamara oscailte an athuair i ndiaidh é a bheith dúnta ar maidin de bharr timpiste bóthair inar maraíodh fear sna fichidí go gairid roimh mheán oíche aréir.

Thug urlabhraí ón nGarda Síochána le fios do Tuairisc.ie go raibh an chuid den bhóthar idir Baile an tSagairt agus sráidbhaile an Spidéil oscailte arís.

Bhí láthair na timpiste ar bhóthar an R336 á scrúdú ar maidin ag foireann dlí-eolaíochta na nGardaí agus bhí an trácht ó Ghaillimh i dtreo Chonamara á threorú malairt slí suas bóthar Bhaile an tSagairt.

D’iarr an Garda Síochana ar aon duine a mbeadh eolas acu faoi thimpiste na hoíche aréir teagmháil a dhéanamh le stáisiún Gardaí Bhóthar na Trá ag 091-514720 nó 1800 666 111.

Fág freagra ar 'Bóthar an Spidéil oscailte arís i ndiaidh timpiste inar maraíodh fear sna fichidí aréir'