Boss meáite ar a áit a choinneáil

Labhair Isaac Boss a thosóidh d’Éire i gcoinne na hAlbain amárach agus é ag iarraidh a chinntiú go mbeidh áit aige ag Corn an Domhain

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan
Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

Ceithre bliana ó shin i dtreo dheireadh na bliana 2011 sin fuair Conor Murray áit Tomás O’Leary ar fhoireann na Mumhan agus tugadh isteach é ar fhoireann traenála na hÉireann don Chorn Domhanda. 

Ach bhí cúigear ar thóir gheansaí uimhir a naoi; Peter Stringer, Eoin Reddan, Tomás O’Leary, Isaac Boss agus an fear óg 22 bliain d’aois, Conor Murray.

Tugadh deis dó i gcoinne fhoireann na Fraince i cluiche dúshláin agus nuair a bhí deireadh déanta, roghnaíodh Eoin Reddan, Isaac Boss agus Murray. 

Bhí ionadh ar dhaoine gur fágadh O’Leary ach go háirithe ar lár. I mbliana tá imreoir óg eile, fear Chonnacht Kieran Marmion ag iarraidh a chruthú do Joe Schmidt gur chóir dó é a thabhairt isteach ar an bpainéal do Chorn an Domhain. D’imir Reddan agus Marmion i gcoinne na Breataine Bige agus tá an baol ann gurbh é Boss a chaillfidh amach an turas seo. Nuair a cheistigh Tuairisc.ie Boss faoin scéal, thug sé léargas dúinn ar an iomaíocht atá ann.  

“Táim ag tosú ar an Satharn. Sin an t-aon rud ar gá dom díriú air. Tugann sé deis dom. D’imir Redser [Eoin Reddan] an-mhaith an tseachtain seo caite agus níl sa cheann agamsa ach an cluiche seo agus mé ag súil leis an mbuntáiste is mó ar féidir a bhaint as. 

“Níl aon difríocht idir seo agus na Sé Náisiún. Deir Schmidt i gcónaí, gur gá duit do chuid a dhéanamh chun go dtiocfaidh feabhas ar na h-imreoirí atá taobh thiar díot. Sin na rudaí a fheictear. An t-aon rud ná go bhfuil níos mó ag brath anois air ná mar a bhí cheana.”

In ainneoin na ráiméise atá cloiste againn ó Schmidt agus é ag maíomh nach bhfuil a fhoireann deimhnithe go fóill, is cinnte go mbeidh Murray agus Reddan ag Corn an Domhain. Níl aon amhras faoi sin. Fágann sé sin Boss agus Marmion don áit eile.

B’fhéidir gurb é seo an deis deiridh do Boss agus admhaíonn sé go bhfuil an méid sin i gcúl a intinne aige.

In ainneoin an taispeántais mhaith a thug siad i gcoinne na Breataine Bige, táthar ann a bhfuil imní orthu go bhfuil a mbuaic sroichte róluath ag Éirinn. 

Níl “seans ar bith” gur fíor sin, dar le Boss.

“Ní raibh sa taispeántas i gcoinne na Breataine Bige ach an bhunchloch agus caithfear tógáil air sin anois. Ní raibh ár dtaispeántas féin maith go leor agus tá an-chuid oibre le déanamh againn. Is fearr d’fhoireann an Bhreatain Bheag ná a léiríodh ina gcuid himeartha go deireanach agus níor léirigh muide an cumas atá ionainne ach an oiread.

Caithfimid a bheith ag feabhsú de shíor idir seo agus an Corn Domhanda.”

Fág freagra ar 'Boss meáite ar a áit a choinneáil'