Tá na seanbhoscaí poist fós ag léiriú ár staire dúinn ar fud na tíre

Tá na boscaí fós ag léiriú ár staire dúinn ar fud na tíre. Chonaic mé seancheann ó ré Rí Edward Shasana i mBealach an Doirín le gairid gar do láthair shiopa Baby Denby

Tá na seanbhoscaí poist fós ag léiriú ár staire dúinn ar fud na tíre

D’éirigh go maith leis ‘An Chuairt Ríoga’ le gairid. Ba léir go raibh an-fháilte roimh Phrionsa William Shasana agus a bhean Kate i nGaillimh, áit ar tháinig na sluaite amach chuile áit ar leagadar cos nó camán. ‘Williamskate Street’ a thug eagarthóir an Galway Advertiser, Declan Varley ar an tsráid i lár na cathrach. Thug na híomhánna sin siar mé ar  chuairteanna ríoga eile i rith na mblianta.

Agus mé i mo chónaí i dtoghcheantar Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin – Kingstown tráth den saol – is deacair dearmad a dhéanamh ar an gceangal le teaghlach ríoga Shasana. Rinneadh calafort mór de sheanbhaile ‘Dunleary’ sa mbliain 1816 agus sa mbliain 1821, tháinig an Rí George 4 ar cuairt ann. Baisteadh ‘Kingstown’ ar an mbaile i ndiaidh na cuairte. Agus sa mbliain 1920, athbhaisteadh ‘Dún Laoghaire’ ar an mbaile.

Tá cuimhneachán – sórt leacht- i gcuimhne ar chuairt Bhanríon Victoria Shasana gar don chalafort i nDún Laoghaire agus caoi dheas curtha air – a bhuíochas don Chomhairle Contae áitiúil. (Bhí sé bainte anuas ar feadh roinnt blianta nuair a rinneadh damáiste dó.)

Ach nuair a bhreathnaíonn tú timpeall ort go géar, is iomaí cuimhneachán ríoga atá thart orainn in Éirinn. Ní gá ach féachaint go grinn ar ghnáthrudaí – boscaí litreacha mar shampla.

Thosaigh mé ag tabhairt suntais do na boscaí litreacha nó na boscaí poist nuair a thug mé siombail ríoga Shasana faoi deara den chéad uair, na blianta ó shin.

I gceantar ‘Kingstown’ ní nach ionadh, tá neart díobh thart. Insíonn gach ceann acu a stair féin – an Rí Seoirse 5, an Rí Edward 7 agus an Bhanríon Victoria. Gan trácht ar an ‘Saorstát’.’

Go gairid tar éis bhunú an Stáit seo, chinn an Rialtas nua go gcuirfí péint uaine sa mhullach ar an bpéint dhearg a bhí ar na boscaí ar fud na tíre. Gach seans nach raibh an t-uafás airgid ag an Stát nua ag an am agus chinn siad ar ‘réiteach Éireannach ar fhadhb Éireannach’. Bhí boscaí litreacha ar fud na tíre faoin am sin agus an-úsáid á baint astu ag an bpobal.

Ach ní bhfuaireadar réidh leis na siombailí ríoga. Ceapadh go raibh an oiread acu ann, agus go raibh costas chomh mór ag baint le fáil réidh leo, go ndéanfaidís neamhaird ar na siombailí. Ar ndóigh nach gclúdódh an phéint nua iad ar chuma ar bith?

Ba é an scríbhneoir cáiliúil Anthony Trollope a thug na boscaí go hÉirinn ar dtús. Bhí sé i gceannas ar shuirbhéireacht d’Oifig an Phoist sa tír seo agus go deimhin scríobh sé roinnt úrscéalta agus scéalta le linn a thréimhse anseo.

Roimhe sin, ba ar ‘iompróirí litreacha’ a bhí an dualgas litreacha a dháileadh ar thithe. Bhíodh orthu teacht ag an teach agus fanacht nó go n-íocfaí iad. Nuair a tugadh isteach an ‘Penny Post’ agus gan ach ‘pingin’ le litir a chur sa bpost, tháinig fás ollmhór ar an éileamh ar an tseirbhís. Ba léir go raibh córas eile ag teastáil agus thángthas ar an smaoineamh boscaí a fheistiú ar fud na háite – bhí an córas sin i bhfeidhm cheana féin i dtíortha iasachta agus ag éirí leis.

Deirtear gur tógadh an chéad bhosca litreacha in Éirinn ar thaobh an bhóthair sa mbliain 1855. Ina dhiaidh sin tosaíodh ag feistiú na mboscaí istigh i mballaí. Agus in 1879 cuireadh an chéad bhosca ‘piléir’ suas – ceann a raibh sé choirnéal air i dtosach- ach bhí fadhbanna leis sin – théadh na litreacha i bhfostú sna coirnéil. Cinn chruinne nó ‘roundáilte’ a tógadh ina dhiaidh sin.

Is beag athrú a tháinig ar na boscaí piléir ó 1879 i leith – ach an phéint a bheith athraithe. Amuigh faoin tuath, má bhí gá le bosca agus gan aon áit nó balla áisiúil ar fáil, cuireadh an bosca ar lampaí sráide nó cuireadh cuaille speisialta sa talamh chun é a fheistiú air.

Is féidir stair na linne seo a rianú orthu freisin – feicfidh tú corrcheann agus ‘SÉ’ (Saortstát Éireann) air. Agus má fheiceann tú ‘P agus T’ baineann sin leis na blianta 1939- 1984, An Roinn Poist agus Telegrafa. I 1984 a bunaíodh An Post.

Agus cad a tharlaíonn do na seanbhoscaí nuair a chuirtear as úsáid iad? Is amhlaidh a dhúntar an oscailt litreach. Ach tá an baol ann go dtitfidh siad as a chéile agus má tharlaíonn sin, beidh cuid dár stair imithe.

Feicfidh tú corrcheann agus an bosca féin fágtha gan an doras – agus dealbh den Mhaighdean Mhuire b’fhéidir, curtha isteach ann mar altóir bheag sráide.

Bhí ceann mór le rá a bhain cáil amach ar an idirlíon nuair a rinne éan nead istigh ann agus cuireadh fógra air ag cur fainic ar dhaoine gan aon litir a shá isteach ann.

In 2016 agus an comóradh ar Éirí Amach 1916 ar siúl, chuir an Post dath dearg ar roinnt boscaí litreacha arís, agus bhí ceangal téacs idir na boscaí agus físeán a mhínigh céard a bhí ag tarlú sa spota sin i 1916  agus is é an bosca céanna a bhí ann an t-am sin. Níorbh iad na múrtha fáilte a cuireadh roimh an tionscadal áirithe sin.

Ach tá na boscaí fós ag léiriú ár staire dúinn  ar fud na tíre. Chonaic mé seancheann ó ré Rí Edward Shasana i mBealach an Doirín le gairid gar do láthair shiopa Baby Denby. Chuimhnigh mé gur úsáid mé féin agus mo mhuintir é thar na blianta, ag cur ‘aerogrammes’ go Meiriceá, ag scríobh chuig gaolta i Sasana agus gur ann a chuireadh mo mháthair litreacha sa bpost chugainne sa scoil chónaithe. 

Tá súil agam nach bhfuil aon phlean mór ag An Post chun fáil réidh leo. D’fhéadfaimis cuairteoirí ríoga Shasana a thabhairt ar thuras timpeall orthu an chéad uair eile a mbeidh siad anseo don iománaíocht.

Fág freagra ar 'Tá na seanbhoscaí poist fós ag léiriú ár staire dúinn ar fud na tíre'