Bosca poist dearg ‘1916’ péinteáilte glas ag grúpa agóide Gaeilge

I ráiteas a d'fhoilsigh siad ar na meáin shóisialta inniu dúirt Misneach, a rinne an gníomh, nach raibh aon ghlacadh acu leis an gcinneadh boscaí áirithe poist a phéinteáil dearg, mar a bhí i 1916

Screen Shot 2016-04-26 at 16.48.00

Cuireadh péint ghlas aréir ar bhosca poist i mBaile Átha Cliath a péinteáladh dearg níos luaithe i mbliana mar chuid de Chomóradh an Chéid 1916. I ráiteas a d’fhoilsigh an grúpa Gaeilge Misneach, dúradh gurbh é an grúpa sin a chuir an phéint ghlas ar an mbosca.

Is é seo an dara huair le mí anuas ag Misneach cur isteach ar ghnéithe de chomóradh an Éirí Amach nár aontaigh siad leo. Loit baill den ghrúpa le péint an íomhá mhór chonspóideach de John Redmond a bhíodh ar crochadh ag Faiche an Choláiste i lár na cathrach.

I ráiteas a d’fhoilsigh siad ar na meáin shóisialta inniu dúirt Misneach nach raibh aon ghlacadh acu leis an gcinneadh boscaí áirithe poist a phéinteáil dearg, mar a bhí i 1916. Thug an eagraíocht le fios freisin go raibh sé i gceist acu tuilleadh boscaí a phéinteáil glas.

“Theastaigh uaidh An Post (atá anois tar éis fáil réidh leis an leagan Gaeilge dá ainm agus ag glaoch ‘Post’ i mBéarla orthu féin bíodh [a] fhios agaibh) go mbeadh boscaí litreach na hardchathrach aistrithe ar ais isteach i ndearg ag ‘Royal Mail’. Ach ní bheidh siad mar sin ar feadh i bhfad de bharr gníomh baill Misneach aréir!” a scríobhadh.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ó An Post.

Fág freagra ar 'Bosca poist dearg ‘1916’ péinteáilte glas ag grúpa agóide Gaeilge'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Boscaí poist dearg i bPoblacht na hÉireann??? ‘Post’ in áit ‘An Post’???? An galldú beo beathach sa stát seo go cinnte. Déistineach!