
Tá na póilíní i dTír Eoghain ag fiosrú eachtra inar goideadh bosca carthanachta de chuid na heagraíochta Gaeilge Taca.
Tuairiscítear gur goideadh an bosca carthanachta ó oifig an chomhlachta Island Taxis ar an Chorr Chríocach i dTír Eoghain agus gur deineadh smidiríní den bhosca ina dhiaidh sin.
Tháinig póilíní a bhí ar dualgas sa cheantar maidin inné ar an mbosca carthanachta a raibh smidiríní déanta de agus ar chuid dá raibh ann nuair a goideadh é.
Eagraíocht dheonach í Taca, atá lonnaithe i mBéal Feirste, a bhailíonn airgead ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge.
Tá na póilíní ag impí ar aon duine a mbeadh eolas acu faoin eachtra fios a chur ar Cookstown Neighbourhood Police.
Dúirt urlabhraí ón PSNI leis an Tyrone Times: “Is bocht an rud aon eachtra gadaíochta, ach an dream is suaraí amuigh a bhíonn ag goid ó charthanacht”.
Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar urlabhraí ó Taca- Supporting Irish Language, an eagraíocht ar goideadh a mbosca carthanachta.
Dúirt urlabhraí ó Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste gur “údar mór díomá” an scéal agus gur eagraíocht “fíorthábhachtach” í Taca a dhéanann obair dheonach den scoth ar son na Gaeilge
Fág freagra ar 'Bosca carthanachta eagraíocht Ghaeilge goidte in eachtra ‘suarach’'