Borradh faoi Chorcaigh agus Ros Comáin ach Ciarraí agus Maigh Eo fós chun cinn orthu

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na cluichí móra i gcraobhacha peile Chonnacht agus na Mumhan

Borradh faoi Chorcaigh agus Ros Comáin ach Ciarraí agus Maigh Eo fós chun cinn orthu

Ros Comáin v Maigh Eo

Páirc de hÍde, 1.30i.n. (Beo ar RTÉ)

Léiriú ar a ghéire a bhí an choimhlint i gConnachta le blianta beaga anuas go bhfuil Maigh Eo ag iarraidh cluiche ceannais an chúige a bhaint amach den chéad uair ó 2015.

Chun é sin a dhéanamh, caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Ros Comáin, atá ag iarraidh dul chomh fada leis an gcluiche ceannais don chúigiú bliain as a chéile.

Agus Gaillimh, nár imir cluiche craoibhe ar bith ag fanacht ar an mbuaiteoir sa chluiche ceannais, beidh a fhios ag imreoirí Mhaigh Eo agus Ros Comáin go bhfuil deis iontach acu anois.

Beidh an cath i lár na páirce iontach tábhachtach i bPáirc de hÍde. Ní bheidh Séamus O’Shea, Tom Parson ná Colm Boyle, imreoirí a bhfuil taithí na mblianta acu, ag imirt inniu agus tá Aidan O’Shea agus Lee Keegan bogtha amach ó lár na páirce.

Fágann sin Maigh Eo ag brath ar Matthew Ruane agus Conor Loftus, fear nár imir lár páirce riamh do Mhaigh Eo go dtí an mhí seo caite.

Díreoidh Ros Comáin ar lár na páirce mar sin. Beirt iad Cathal Compton agus Tadhg O’Rourke a raibh rath orthu agus iad ag imirt le chéile d’fhoirne Ros Comáin faoi aois ach ní fhacamar an cineál sin cumais uathu fós d’fhoireann na sinsear. Caithfidh siad a bport a athrú inniu agus tabharfaidh Enda Smith agus na deartháireacha Daly sa líne leathchúil cúnamh dóibh.

Má tá Maigh Eo beagáinín níos laige i lár na páirce ná mar a bhí, tá cuma na maitheasa ar thosaithe James Horan. Tá gaiscí déanta ag an tosach óg Tommy Conroy i ngeansaí an chontae go dtí seo agus bhreathnaigh sé go raibh Cillian O’Connor ar ais ar a sheanléim an tseachtain seo caite nuair a scóráil sé 1-9, cé go gcaithfeá cuimhneamh gur i gcoinne Liatroma a bhí Maigh Eo an lá sin.

Mar sin féin, idir an bheirt sin agus Aidan O’Shea, tá líne lántosach an-láidir ag Maigh Eo.

Is beag atá idir na foirne i ndáiríre. Bhuaigh Ros Comáin ar Mhaigh Eo sa chraobh anuraidh den chéad uair le tamall ach, cé gur tugadh ísliú céime do Mhaigh Eo sa tsraith, bhí cuma níos fearr orthu le cúpla seachtain anuas agus d’fhéadfadh siad smacht a fháil ar a gcéilí comhraic arís.

Corcaigh v Ciarraí

Páirc Uí Chaoimh, 4.00i.n. (Beo ar RTÉ)

Gheobhaimid ár gcéad amharc ar bhoic mhóra na peile sa Mhumhain tráthnóna nuair a thabharfaidh Corcaigh agus Ciarraí aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais an chúige i bPáirc Uí Chaoimh.

In 2012 an uair dheireanach ar bhuaigh peileadóirí Chorcaí ar fhir na Ríochta sa chraobh ach ceaptar go bhfuil seans níos fearr acu an beart a dhéanamh inniu ná mar a bhí le roinnt blianta.

Bhí foireann Chorcaí in ísle brí in earrach 2019 agus iad curtha síos go dtí Roinn 3 na sraithe ach rinne siad an-teacht aniar. Thug siad cluiche crua do Chiarraí i gcluiche ceannais na Mumhan anuraidh agus d’éirigh leo dul chomh fada le comórtas an tsár-ochtair sa deireadh.

Lean an athbheochan sin i mbliana agus tá seacht gcluiche as seacht gcinn buaite acu sa tsraith cé go bhfuil cúrsaí imithe in olcas beagáinín le deireanaí.

Bua gan choimhlint a bhí sa chluiche is deireanaí acu agus is cinnte nárbh aon bhuntáiste é do Chorcaigh go ndearna an Longfort cinneadh gan an cluiche sin a imirt.

Fágann sin nach bhfuil ach cluiche ceart amháin imeartha ag foireann Ronan McCarthy ó mhí an Mhárta agus ó tharla nach bhfuil an dara seans ag na foirne i mbliana, caithfidh gach foireann a bheith i mbarr a maitheasa ón tús.

Buille eile d’fhoireann Chorcaí na himreoirí nach mbeidh fáil acu orthu. Tá sé fógartha nach mbeidh Ciarán Sheehan, Tomás Clancy, Liam O’Donovan ná Kevin Clancy ar fáil do chluiche an lae inniu.

Tá Brian Hurley agus Seán Powter ainmnithe ar an bhfoireann ach bhí gortuithe ag cur as dóibhsean le gairid freisin.

Beidh Corcaigh ag tabhairt aghaidh ar fhoireann láidir as Ciarraí agus nach mór gach duine ar fáil dóibhsean.

Bhíothas á thuar ag tús na bliana gur idir Áth Cliath agus Ciarraí a bheadh craobh na bliana seo agus níl aon rud déanta fós ag Ciarraí a bhréagnódh an bharúil sin.

Ba léir don saol mór gur acu a bhí na tosaithe ab fhearr sa tír agus Paul Geaney, James O’Donoghue, Killian Spillane, Tony Brosnan agus daoine eile ar a míle dícheall chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann le taobh David Clifford agus Seán O’Shea.

Is iad cosantóirí Chiarraí is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine ó tosaíodh na cluichí arís an mhí seo caite. Chonacthas díocas ar imreoirí Chiarraí nach raibh orthu roimhe sin agus tá an chuma orthu go bhfuil siad tar éis an chothromaíocht cheart a aimsiú idir cosaint agus ionsaí.

Triailfear go maith inniu iad in aghaidh Chorcaí, foireann a scóráil trí chúl i gcoinne na Ríochta anuraidh. Má dhéanann Corcaigh an scrios céanna i mbliana, beidh Ciarraí i dtrioblóid ach is mó seans go mbeidh ar Chorcaigh fanacht bliain eile chun a gcomharsana a shárú.

Fág freagra ar 'Borradh faoi Chorcaigh agus Ros Comáin ach Ciarraí agus Maigh Eo fós chun cinn orthu'