Borradh faoi chontae an Chláir agus iad i gceann an phaca atá sa tóir ar Luimneach

Tá a stádas mar rogha láidir na coitiantachta tuillte go maith ag contae an Chláir in aghaidh Loch Garman ach ní bheidh mórán idir Gaillimh agus Corcaigh

Borradh faoi chontae an Chláir agus iad i gceann an phaca atá sa tóir ar Luimneach

Beidh dhá chontae eile ag fágáil slán le craobhchomórtas 2022 an deireadh seachtaine seo. Ag bailiú leo a bheidh an dream a chaillfidh an choimhlint idir an Ghaillimh agus Corcaigh agus an cluiche ceathrú ceannais eile idir Loch Garman agus contae an Chláir. 

Cad is féidir a scríobh faoin Ghaillimh nach bhfuil scríofa bliain i ndiaidh bliana againn? Cad eile is féidir a rá faoin easpa leanúnachais agus buanseasmhachta a bhaineann leo? Bhí Cill Chainnigh níos fearr ná iad coicís ó shin. Bhí fonn oibre níos mó ar na Cait agus i bhfad níos mó dúil sa bhua acu. Tríd is tríd bhí an Ghaillimh leamh marbhánta.

Theip orthu (arís) cúl a scóráil cé gur chruthaigh siad cúpla deis agus níor scóráil siad ach ocht gcúilín ón imirt. Fuair Conor Whelan leath díobh san. Agus bhí an t-ádh leo gur chríochnaíodar le cúigear déag ar an bpáirc. Mar aon leis sin bhíos ag súil le níos mó ó Chathal Mannion, Tom Monaghan, Joseph Cooney agus a leithéidí. Ar ndóigh agus an Ghaillimh chomh bocht sin an lá deireanach d’fhéadfaidís a bheith iontach ar fad um thráthnóna.

Anois nó riamh acu é agus seo caitheamh deireanach na dísle acu. Is amhlaidh cás do Chorcaigh. Mar a scríobh mé anseo cúpla seachtain ó shin bhí aiséirí Chorcaí leathshlí tríd na réamhbhabhtaí ar cheann de mhórscéalta na craoibhe go dtí seo agus chaithfeá suntas a thabhairt don fheabhas a tháinig orthu i gcoinne Phort Láirge agus Thiobraid Árann.

Seachtain ó shin bhuadar i gcoinne Aontroma ach ní dóigh liom go mbeidís róshásta leis an taispeántas sin. Tá amhras beag faoi Shane Kingston, Rob Downey agus Seán O’Donoghue atá gortaithe ón Satharn seo caite agus cé go bhfuil Corcaigh mar rogha ag na geallghlacadóirí ní dóigh liom go mbeidh mórán idir na foirne. Dá mbeinn ag cur scilling ar an toradh is dócha gur ar an nGaillimh a bheadh sí.

Sa chluiche eile tá an Clár mar rogha na coitiantachta i ndiaidh an ardtaispeántais a thugadar i gcluiche ceannais na Mumhan coicís ó shin. Bhí baint nach beag acu le cluiche na bliana go dtí seo agus iad ar fheabhas ó thosach deireadh. Ach Luimneach a thug an chraobh leo, rud a chiallaíonn go bhfuil rath an tséasúir seo don Chlár ag brath ar chluiche an lae inniu. Bhí laochra acu ar fud na páirce i gcluiche ceannais na Mumhan agus bhí fearúlacht agus ionracas ina gcuid imeartha. D’fhéadfainn ainmneacha na n-imreoirí go léir a chur ar liosta na laochra sa chluiche sin. 

Beidh ar fhormhór acu a bheith os cionn a mbuille arís inniu i gcoinne Loch Garman. Bhí na Carmannaigh go mór in uachtar i gcoinne Chiarraí an Satharn seo caite agus leithéidí Lee Chin, Rory O’Connor, Conor McDonald, Liam Ryan agus Matthew O’Hanlon ag imirt go maith agus ceannasaíocht á léiriú acu mar a dhéanann siad go minic faoin tráth seo.

Is dócha go mbeidh orthu cosantóir sa bhreis a úsáid chun iarracht a dhéanamh smacht a choimeád ar Tony Kelly, Shane O’Donnell, Peter Duggan agus Ryan Taylor. Tá taithí ag Diarmuid O’Keefe sa ról sin agus bheinn ag ceapadh gurb eisean a bheidh ag iarraidh an spás os comhair an chúil a chosaint. Bunaithe ar an méid a chonaiceamar i gcluiche ceannais na Mumhan agus go deimhin sna cluichí go léir i gcraobh na Mumhan bheadh sé deacair dul i gcoinne an Chláir. Tá siad i ndiaidh iad féin a tharraingt go dtí tús an phaca atá sna sála ar Luimneach.

Tá buaine, spiorad agus dúil sa bhua ag baint leo i mbliana. Ní fhéadfaí na buanna céanna a lua le Loch Garman ach tá creatlach na foirne an-láidir agus tá an cumas iontu a bheith an-mhaith laethanta áirithe mar a chonaiceamar i gcoinne Chill Chainnigh. É sin ráite, agus Rory Hayes agus Peter Duggan saor le himirt ó d’éirigh leis an achomharc i gcoinne an choisc aon chluiche a bhí beartaithe dóibh, bheinn ag ceapadh go mbuafaidh an Clár.

Fág freagra ar 'Borradh faoi chontae an Chláir agus iad i gceann an phaca atá sa tóir ar Luimneach'