Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ag baint úsáide as Google Translate ón mbliain 2012

Baineadh an leagan Gaeilge den suíomh anuas inniu nuair a ceistíodh an Bord faoin úsáid a bhí á baint acu as an gcóras aistriúcháin ar líne

Rónán Ó Dómhnaill (Pictiúr-Seán Ó Mainnín)
An Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dómhnaill, a labhair níos túisce inniu ar an gclár An Saol ó Dheas

Tháinig sé chun solais ar an gclár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu go bhfuil an córas aistriúcháin Google Translate á úsáid ag Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ón mbliain 2012 amach.

Ag caint dó ar An Saol ó Dheas inniu, dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, nach bhfuil sé sásúil ar chor ar bith go mbeadh comhlacht poiblí ag baint úsáide as meaisín aistriúcháin mar seo agus nár cheart “caitheamh le teanga oifigiúil de chuid na tíre seo mar seo”. Dúirt sé freisin go bhfuil sé “íorónach” go mbeadh eagraíocht oideachais i mbun a leithéide.

Mhínigh sé ar an gclár nach bhfuil aon dualgais leagtha síos san Acht Teanga maidir le suíomhanna idirlín. Is trí scéimeanna teanga a dhéantar a leithéid agus níl aon scéim daingnithe fós ag an Aire Gaeltachta le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí.

“Léiríonn sé [seo] an deacracht agus an fhadhb a bhaineann le córas na scéimeanna teanga go ginearálta agus tá mé ag tagairt dó seo go rialta. Aontaítear iad ina gceann is ina gceann. Is léir go dtógann sé píosa fada iad a aontú i gcásanna áirithe, ar nós an Bhoird seo”, a dúirt an Coimisinéir.

Dúirt sé chomh maith go mbíonn “easpa comóntachta ann” i dtaca leis na scéimeanna agus nach gá go mbeadh na dualgais chéanna i gceist ó eagraíocht go chéile.

“Mar shampla, le Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, nuair a bheas scéim teanga acu siúd, b’fhéidir go mbeadh dualgaisí iomlán difriúil ansin le bord oideachais na Gaillimhe agus Ros Comáin nó bord Oideachais Dhún na nGall. Mar sin, léiríonn sé an deacracht a bhaineann leis an gcóras seo ina iomláine”, a dúirt sé.

Mheabhraigh an Coimisinéir gur cuireadh tuarascáil faoi bhráid Thithe an Oireachtais sa bhliain 2013 de bharr go raibh Comhairle Contae na hIarmhí i mbun an chleachtais chéanna. Mar sin féin, dúirt sé nach aon eisceacht iad Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ó thaobh scéim teanga gan a bheith aontaithe leo.

“Tá os cionn 600 comhlacht poiblí sa tír agus níl ach beagán le cois 100 comhlacht poiblí a bhfuil scéim teanga acu”, a dúirt sé.

Ag éirí as an méid sin ar fad, mhol an Coimisinéir gur cheart níos mó dualgais dhíreacha a bheith san Acht Teanga féin seachas bheith ag fanacht le scéimeanna teanga. Dúirt sé freisin go dtugann sé le fios cén seasamh atá ag an teanga i meon agus in aigne an Stáit nuair nach bhfuiltear sásta seirbhís a chur ar fáil do lucht labhartha na teanga sin.

“Aon uair go ndiúltaítear do phobal na Gaeilge a gcuid gnó a dhéanamh leis an Stát trí Ghaeilge, tá sé ag tabhairt teachtaireacht soiléir faoi cén dearcadh atá ag an Stát faoin teanga agus goilleann sé orm – agus ghoillfeadh sé ar aon duine”, ar seisean.

Ag labhairt dó ar an gclár céanna, dúirt Cathaoirleach Chraobh Thrá Lí de Chonradh na Gaeilge, Pádraig Mac Fheargusa, gur “ábhar an-mhór díomá” a bhí sa scéal agus gurb amhlaidh go bhfuil “díspeagadh” á dhéanamh ar an oideachas ag bord oideachais.

Dúirt sé gur “saoránaigh de chuid na tíre iad lucht na Gaelainne” agus go bhfuil siad i dteideal seirbhísí stáit a fháil ina rogha teanga.

“Bheifeá ag súil le bord a bhfuil sé mar aidhm acu an léann a chur chun cinn go mbeidís sásta níos mó ná seo a dhéanamh”, a dúirt sé.

Ag labhairt dó ar dhaoine atá fostaithe ag an Stát, d’fhiafraigh sé “Cén fáth go mbeidís ann in aon chor mar státseirbhísigh de chuid stát neamhspleách más é seo an dearcadh atá acu i leith na teanga atá againn ar an oileán seo le 2,000 bliain”.

Mhol sé don phobal cuimhneamh ar bheartais an Rialtais i leith na teanga aimsir an olltoghcháin agus dhein tagairt don “lagú” ar sheirbhísí Gaeltachta le cúig bliana anuas agus an “damáiste” atá déanta ag an Rialtas atá i gcumhacht faoi láthair: “Cuir an Ghaeilge san áireamh nuair a théann tú isteach sa bhoth chun do vóta a chaitheamh.”

“Taliban an Bhéarla atá i réim sa tír seo agus is féidir leo an Ghaelainn a chur síos arís is arís is arís eile trí neamhshuim a dhéanamh di”, a dúirt sé.

“‘Bígse á labhairt ach déanfaimídne pé rud is maith linn’, an teachtaireacht atá le fáil riamh do mhuintir na Gaeltachta”, a dúirt Helen Ní Shé agus í ag cur clabhsúir ar an mír.

Fág freagra ar 'Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí ag baint úsáide as Google Translate ón mbliain 2012'