Bord nua ceaptha ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

Ochtar atá athcheaptha do thréimhse eile agus ceithre cheapachán nua atá i gceist

Bord nua ceaptha ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta

 

Tá Bord nua ceaptha ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) ar feadh tréimhse trí bliana. 

Ochtar atá athcheaptha ar an mbord do thréimhse eile agus ceithre cheapachán nua atá i gceist.

Is iad na ceapacháin nua Edel Ní Chorráin, Leas-phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Pádraig Mac Grianna, duine de bheirt a d’ainmnigh Údarás na Gaeltachta agus Liam Dempsey, ceapachán na Comhairle Curaclaim, Scrúduithe agus Measúnachta. Tá ceapachán le déanamh ag an ASTI go fóill.

I measc na n-athcheapachán ar an mbord tá an cathaoirleach Dónál Ó hAiniféin.

D’fháiltigh an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh roimh na ceapacháin go léir agus roimh athcheapachán Uí Ainiféin go háirithe.

 “Is cúis áthais dom a fhógairt gur ceapadh Bord nua do COGG agus gur athcheapadh Dónal Ó hAiniféin mar Chathaoirleach ainmnithe.  Baineann an-tábhacht leis an obair a bhíonn idir lámha ag COGG chun na tiomantais oideachais atá i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a bhaint amach,” arsa an tAire Oideachais Joe McHugh.

Bunaíodh COGG faoin Acht Oideachais 1998 chun a chinntiú go mbeadh soláthar ceart téacsleabhar agus acmhainní foghlama agus teagaisc ar fáil i nGaeilge,  chun comhairle a chur ar fáil don Aire Oideachais, chun seirbhísí tacaíochta a chur ar fáil do scoileanna trí Ghaeilge agus chun  taighde a dhéanamh.

BORD NUA COGG 

Comhlacht Ainmniúcháin Ainm
An tAire Oideachais agus Scileanna *Dónal Ó hAiniféin (Cathaoirleach Ainmnithe)
Údarás na Gaeltachta * Daríona Nic Con Iomaire
Údarás na Gaeltachta Pádraig Mac Grianna
Gaelscoileanna Teoranta * Bláthnaid Ní Ghréacháin
Gaelscoileanna Teoranta * Cathnia Ó Muircheartaigh
Foras Na Gaeilge Edel Ní Chorráin
Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) * Deirbhile Nic Craith
Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) Le cinntiú
Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) * Séamus Ó Fearraigh
An Chomhairle Náisiúnta um Measúnú agus Churaclaim (NCCA) * Elaine Ní Neachtain
An Roinn Oideachais agus Scileanna * Rita Nic Amhlaoibh
An Chomhairle Curaclaim, Scrúduithe agus Measúnachta (CCEA) Liam Dempsey

*athcheapachán

Fág freagra ar 'Bord nua ceaptha ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta'