Tá Bord agus Cathaoirleach eatramhach ceaptha ar Údarás na Gaeltachta.
Tá an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga gan bord ó thús mhí Eanáir rud a chuireann isteach go mór ar a cuid oibre.
Ach d’fhógair airí na Gaeltachta ar maidin go bhfuil seachtar comhaltaí den 12 comhalta a bheidh ar an mbord nua ceaptha. Ciallaíonn sin go mbeidh quorum ann agus go mbeidh an bord eatramhach in ann cinntí a dhéanamh faoi dheontais a cheadú agus airgead a chaitheamh.
Ceapfar an chuid eile den bhord trí chomórtas poiblí atá á riar ag An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Tá go dtí an 2 Márta ag iarrthóirí cur isteach ar na folúntais.
Tréimhse nach faide ná dhá bhliain a mhairfidh téarma na gcomhaltaí atá le ceapadh agus é fógartha go bhfuil toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta le tabhairt ar ais. Tréimhse cúig bliana a bhíodh i gceist roimhe seo.
Is í Mary Uí Chadhain a bheidh ina cathaoirleach sealadach ar an mbord go dtí go mbeidh torthaí an chomórtais phoiblí ann. Iarcheannasaí airgeadais agus gnó TG4 í Mary Uí Chadhain.
Tá sí féin agus Debra Ní Shúilleabháin athcheaptha ar an mbord.
Na comhairlí contae Gaeltachta a roghnaigh an cúigear eile atá ainmnithe ar an mbord eatramhach agus a fhanfaidh ar an mbord buan.
Is iad an cúigear sin, Anthony Molloy (Dún na nGall) Pádraic Ó Conaire (Maigh Eo) Pádraig Mac an Iomaire (An Ghaillimh) Breandán Mac Gearailt (Ciarraí) agus Joe Conway (Port Láirge).
Tosóidh tréimhse Joe Conway, ainmniúchán Chomhairle Chontae Phort Láirge ar an 1 Márta 2023. Gobnait Ní Mhuineacháin, ainmniúchán Chomhairle Contae Chorcaí, a bheidh mar chomhalta go dtí sin.
Nuair a thabharfar toghchán an Údaráis ar ais 16 comhalta a bheidh i gceist.
Toghfar deichniúr agus roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.
Toghfar triúr chun an Bhoird ó cheantar Gaeltachta na Gaillimhe, beirt ionadaithe a bheidh ag Dún na nGall agus beidh ionadaí amháin ag na cúig chontae Gaeltachta eile.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan gur “céim mhór chun tosaigh” a bhí i gceapadh an chéad chuid de Bhord an Údaráis.
“Bhuail mé le gairid le feidhmeannaigh an Údaráis agus fuair mé léargas maith ar obair na heagraíochta. Tuigim an tábhacht a bhaineann le bord ionas go mbeidh aon eagraíocht ar nós Údarás na Gaeltachta ábalta feidhmiú ar bhonn leanúnach,” arsa O’Donovan.
Dúirt Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, go gcinnteodh an bord eatramhach nach mbeadh “aon srian ar an eagraíocht leanúint orthu le cur i bhfeidhm a chláir oibre”. Maidir leis an gcomórtas poiblí do na folúntais eile, dúirt an tAIre gur mhaith léi “an deis a thapú” chun “mná a spreagadh” le hainmniúcháin a lorg do “bhoird stáit go ginearálta” ach do bhord Údarás na Gaeltachta “go háirithe.”
Fág freagra ar 'Bord eatramhach agus Cathaoirleach sealadach ceaptha ar Údarás na Gaeltachta'