Bord atá tofa go hiomlán ag muintir na Gaeltachta á lorg ag Sinn Féin don Údarás

Deir an páirtí go bhfuil siad ‘glan in aghaidh’ comhaltaí ar an mbord a bheith ainmnithe ag Aire na Gaeltachta

Bord atá tofa go hiomlán ag muintir na Gaeltachta á lorg ag Sinn Féin don Údarás

Tá Sinn Féin ag moladh go mbeadh na comhaltaí uile ar Bhord Údarás na Gaeltachta tofa ag an bpobal.

Deir an páirtí go bhfuil siad “glan in aghaidh” comhaltaí ar an mbord a bheith ainmnithe ag Aire na Gaeltachta agus gur gá iad uile a bheith tofa chun “guth” a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta.

Tá an moladh ar cheann den deich bpríomh-mholadh atá déanta ag Sinn Féin in aighneacht atá curtha faoi bhráid Choiste Gaeilge an Oireachtais, coiste a bhfuil scrúdú réamhreachtaíochta á dhéanamh faoi láthair aige ar an mbille chun toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Ar cheann de na hathruithe is mó atá á moladh ag Sinn Féin ar an méid atá leagtha amach ag an Rialtas sa dréachtreachtaíocht, tá Sinn Féin ag éileamh gurb iad muintir na Gaeltachta a thoghfadh comhaltaí uile an bhoird agus go mbeadh 26 comhalta ar fad ar Bhord an Údaráis.

De réir mar atá molta ag an Rialtas bheadh sé chomhalta dhéag ar an mbord nuair a d’fhilleadh toghchán an Údaráis – deichniúr acu tofa ag an bpobal agus seisear eile a roghnódh Aire na Gaeltachta, an Cathaoirleach ina measc.

Faoin gcóras reatha, bíonn 12 ar an mbord, cúigear acu ainmnithe ag údaráis áitiúla agus seachtar eile roghnaithe ag an Aire tríd an gcóras ceapacháin phoiblí. Scór duine a bhíodh ar Bhord an Údaráis sular cuireadh deireadh le seanchóras na dtoghchán in 2012.

Deir urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go bhfuil an Rialtas ag iarraidh tuilleadh cumhachta a thabhairt d’Aire na Gaeltachta trí líon na gcomhaltaí a ainmnítear ar an mBord a mhéadú.

Nuair a pléadh reachtaíocht an Údaráis agus ceist na gcomhaltaí ainmnithe ag cruinniú de chuid Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge an tseachtain seo caite, ghlac cuid mhaith de na finnéithe agus polaiteoirí a bhí i láthair leis go raibh ciall le roinnt ball a ainmniú chun a chinntiú go mbeadh comhaltaí ar an mBord a mbeadh an saineolas agus an taithí i réimsí cuí acu.

Deir Aengus Ó Snodaigh, atá ina chathaoirleach ar an gcoiste atá ag plé le Bille an Údaráis, go bhfuil gá le saineolas ach gur leor don Bhord comhairle a fháil ó shaineolaithe nuair is gá, seachas suíocháin ar an mBord a chur ar leataobh dóibh. in

“An saineolas atá uainn ón mBord féin ná guth an phobail,” arsa Ó Snodaigh, atá ina Chathaoirleach ar Choiste Gaeilge an Oireachtais.

Cé go bhfuil Sinn Féin go láidir i gcoinne comhaltaí a bheith á n-ainmniú, má bhíonn córas ainmniúcháin á chur i bhfeidhm, deir Ó Snodaigh gur chóir go mbeadh ról ag Coiste na Gaeilge sa phróiseas, mar atá le hainmniúchán roinnt ball ar Bhord TG4.

Tá Bord méadaithe, le hionadaíocht a bheadh bunaithe ar dhaonra, á lorg ag Sinn Féin chun ionadaíocht a thabhairt do na ceantair Ghaeltachta ar fad.

Cé go mbeidh ionadaí tofa ar an mBord ó chuile contae Gaeltachta faoin chóras atá beartaithe ag an Rialtas, deir Sinn Féin go bhfuil an baol ann go bhfágfar ceantair mar Uíbh Ráthach ar lár toisc gur mó seans gurb as Corca Dhuibhne a thiocfaidh an t-iarrthóir a thoghfar i gCiarraí. Faoi chóras Shinn Féin, bheadh triúr ball ó Chiarraí ar an mBord, beirt ó Chorca Dhuibhne agus duine amháin ó Uíbh Ráthach.

Faoi chóras Shinn Féin, cúigear a bheadh ar an mBord ó Dhún na nGall, triúr a bheadh ann ó Mhaigh Eo, beirt ó chontae na Mí, beirt ó Chorcaigh, beirt ó Phort Láirge agus ochtar a bheadh le toghadh ó Ghaillimh – beirt ó Ghaillimh Thoir ina measc.

Tá molta ag Sinn Féin freisin go mbeadh ionadaí ó na hoileáin Ghaeltachta tofa ar an mBord chomh maith ach gur “stádas breathnóra” a bheadh ag an mball sin seachas cead vótála, mar go mbeadh muintir na n-oileán ag vótáil sna toghcháin áitiúla eile.

Tá moltaí eile in aighneacht an pháirtí maidir le cuótaí inscne, ardú ar bhuiséad an Údaráis agus cumhachtaí breise a thabhairt don eagraíocht chun comhairle a chur ar an Stát maidir le beartais a mbeadh tionchar acu ar an nGaeltacht.

Reáchtálfaidh Coiste Gaeilge an Oireachtais cruinniú eile inniu mar chuid den scrúdú réamhreachtaíochta ar Bhille an Údaráis. Ionadaithe ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta a bheidh os comhair an choiste.

Fág freagra ar 'Bord atá tofa go hiomlán ag muintir na Gaeltachta á lorg ag Sinn Féin don Údarás'

  • Mná na Gaeltachta

    Tá sé suntasach gur fir den chuid is mó a bhí dhá phlé ar 7Lá aréir agus is fir den chuid is mó a chloiseann muid ag caint faoi sna meáin go ginearálta. Ní bheidh aon mhná faoi aois 50 ar an mbord, má bhíonn bean ar bith, le toghcháin. Tá an iomarca cumhacht agus lámh láidir ag fir mheánaosta ar an nGaeltacht. Na fir chéanna a bhí ag clamhsán agus ag agóidíocht leis na blianta agus ag admháil go bhfuil an Ghaeltacht fós i gcontúirt. Má tá nach bhfuil sé in am ag dream nua, seans a bheith mná na Gaeltachta níos mó tionchar a bheith acu, mar níl an jab déanta agaibhse a leaids! Agus náireach ag 7Lá an méid sin fir a bheith istigh sa stiúideo acu, gan aon bhean, ag caint ar thógáil teaghlaigh le Gaeilge agus todhchaí na Gaeilge nuair ag deireadh ré atá siadsan. Ní hí a dtodhchaí atá ann. Lig do dhream níos óige labhairt.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Nach bhfuil sé in am ‘Údarás an dátheangachais’ a thabhairt ar an eagraíocht seo? Nach bhfuil siad ag plé le gach rannóg rialtais eile trí mheán an Bhéarla? Agus nuair atá an suíomh gréasáin s’acu dátheangach níl gnóithe ar bith bheith ag cuardú an leagan Gaeilge de rud ar bith – tá sé anois ar fáil i mBéarla bhreá! Déan gúgláil ar ‘Údarás’ agus gheobhaidh tú an leagan Béarla den suíomh gréasáin sula bhfaighidh tú an leagan Gaeilge! Cuir scairt ar an oifig – is cuma cén ceann – agus má labhraíonn tú Béarla leo bhuel, níl fadhb ar bith ag an duine a d’fhreagair an ghuthán tiompú ar an Bhéarla láithreach! Nár cheart don eagraíocht seo polasaí Gaeilge agus plean teanga a bheith acu agus iad ag déanamh a ngnóithe 1. leis an phobal ‘Gaeltachta’ (ar cheart fiosrú an as an ‘Ghaeltacht’ don ghlaoiteoir?), 2. leis an phobal Bhéarla taobh amuigh den ‘Ghaeltacht’, 3. le ranna rialtais eile, 4. leis an Eorap, 5. le tíortha taobh amuigh den Eorap? An bhfuil cliantchomhlacht ar bith dá gcuid ag feidhmiú go hiomlan trí mheán na Gaeilge? Cá mhéad eagraíocht stáit atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ar na heastáit tionsclaíochta/páirceanna gnó atá acu??

    Agus iad siúd a bheas ar an Bhord, an mbeidh cnámh droma ar bith acu leis an Ghaeilg a bhuanú agus a chaomhnú san áit seafóideach seo ar a dtugtar ‘Gaeltacht’?