Bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair

Agus greim coimeádta aici ar an gcraobh a bhuaigh sí i dTóiceo trí bliana ó shin, tá gaisce déanta ag Kellie Harrington nach bhfuil déanta ach faoi dhó cheana ag lúthchleasaithe as Éirinn

Bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair

Kellie Harrington ag ceiliúradh i bPáras agus bonn óir buaite aici. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair as a chéile.

Fuair an dornálaí as Rae Portland san ardchathair an ceann is fearr ar Yang Wenlu na Síne i mbabhta  ceannais rannóg 60kg na mban anocht ar chúirt Philippe‑Chatrier i staid Roland Garros.

Fiú roimh a bua stairiúil anocht bhí gaisce déanta ag Harrington agus í ar an gcéad lúthchleasaí ban as Éirinn a bhuaigh bonn ag níos mó ná Cluichí Oilimpeacha amháin.

Agus greim coimeádta aici ar an gcraobh a bhuaigh sí i dTóiceo trí bliana ó shin, tá gaisce mór eile déanta aici nach bhfuil déanta ag mórán eile as Éirinn – bonn óir a bhuachan ag dhá Chluichí Oilimpeacha as a chéile.

Níl a leithéid déanta ag aon duine eile seachas na rámhaithe Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy, a bhuaigh a ndara bonn óir Oilimpeach i bPáras, agus Pat O’Callaghan, a bhuaigh bonn óir i gcaitheamh an oird ag Cluichí 1928 agus 1932.

INPHO/Ryan Byrne

Bhí smacht ag Harrington ar chúrsaí ó thús na troda agus nuair a fógraíodh a bua stairiúil thug sí tamall ag rince san fháinne mar cheiliúradh agus a lucht tacaíochta imithe le báiní timpeall uirthi  i Roland Garros.

Oíche mhór a bhí ann do lucht leanta na dornálaíochta agus an spóirt in Éirinn, go háirithe i dtuaisceart lár na cathrach, ceantar dúchais Harrington.

Craoladh beo ar scáileán mór an troid i bPáirc an Diamaint, mar a raibh slua mór bailithe chun féachaint ar a laoch, an seaimpín Oilimpeach, agus í ag iarraidh an beart a dhéanamh arís.

Kellie Harrington in aghaidh Yang Wenlu. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Seacht mbonn atá buaite ag Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras, níos mó bonn ná mar a bhuaigh aon fhoireann Oilimpeach as an tír seo riamh.

Sa rámhaíocht bhuaigh Paul O’Donovan agus Fintan McCarthy bonn óir i gcomórtas bád beirte éadrom na bhfear agus sa linn snámha fuair Daniel Wiffen an chéad áit i mbabhta ceannais an chomórtais saorstíle 800m.

Bhuaigh an gleacaí Rhys McClenaghan bonn óir eile d’Éirinn nuair a tháinig  sé sa chéad áit sa bhabhta ceannais ar an gcapall corr.

Tá trí bhonn cré-umha buaite ag foireann na hÉireann chomh maith.

Ba í Mona McSharry as Sligeach a bhuaigh an chéad bhonn d’Éirinn ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras nuair a tháinig sí sa tríú háit sa bhabhta ceannais i snámh brollaigh 100 méadar na mban agus tháinig Daniel Wiffen sa tríú háit sa rás ceannais sa snámh saorstíle 1500 méadar chun a dhara bonn a bhuachan.

D’éirigh le beirt rámhaithe eile as Éirinn, Philip Doyle agus Daire Lynch, bonn cré-umha a bhuachan i gcomórtas bád beirte na bhfear.

Níorbh í an mhaidin ná an tráthnóna ab fhearr a bhí ag foireann na hÉireann i bPáras níos luaithe inniu.

Sa lúthchleasaíocht, theip ar Sharlene Mawdsley agus Sophie Becker teacht slán sna babhtaí repechage den 400m. Bhain Mawdsley sáriarracht phearsanta amach inné ach bhí sí breis is soicind níos moille inniu agus í ag críochnú sa tríú háit ina rás ar maidin. Sa dara háit a chríochnaigh Becker ina rás féin ach ní raibh an t-am sin sách maith chun dul ar aghaidh.

Beidh an bheirt ag súil le níos mó nuair a bheidh siad mar chuid d’fhoireann na hÉireann i gcomórtas sealaíochta 4x400m na mban, a thosaíonn Dé Sathairn.

Is ag tabhairt aghaidh ar an repechage a bheidh Sophie O’Sullivan agus Sarah Healy i gcomórtas 1500m na mban chomh maith agus mí-ádh ar an mbeirt nár éirigh leo dul díreach ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais.

Bhí an 4:00.23 a rith O’Sullivan, iníon le Sonia, beagnach dhá shoicind níos tapúla ná an t-am is fearr a bhí aici roimhe seo ach is sa seachtú háit a chríochnaigh sí agus gan ach an chéad seisear ag dul díreach ar aghaidh chuig na babhtaí leathcheannais.

Ar éigean Dé a chlis Sarah Healy an séú háit a bhaint amach chomh maith ach beidh díomá ar an mBaile Átha Cliathach lena taispeántas agus an 4:02.91 a bhí aici inniu breis is cúig shoicind níos moille ná an tsáriarracht phearsanta a bhain sí amach mí ó shin.

D”fhéadfadh Healy agus O’Sullivan an beart a dhéanamh sa repechage amárach ach ba dhíomách an mhaidin í, go háirithe nuair a d’fhág gortú nár éirigh le Ciara Mageean, a bhuaigh bonn óir sa 1500m i gcraobhacha na hEorpa níos luaithe i mbliana, dul san iomaíocht ar chor ar bith.

Bhí beirt Éireannach, Daniel Coyle agus Shane Sweetnam, ag iomaíocht i mbabhta ceannais na seóléimní aonair inniu freisin ach chaithfidís a bheith gan locht chun bonn a fháil agus níor éirigh leo.

Sa tumadóireacht 3m, chríochnaigh Jake Passmore sa 21ú áit, a d’fhág nach mbeadh sé ag dul ar aghaidh go dtí na babhtaí leathcheannais.

Sa velodrome, chuir Lara Gillespie, Mia Griffin, Kelly Murphy agus Alice Sharpe a n-ainmneacha sna hannála mar an chéad fhoireann as Éirinn a ghlac páirt sa rás tóraíochta foirne ag na Cluichí Oilimpeacha. Sháraigh an ceathrar curiarracht na hÉireann ach níor éirigh leo na babhtaí leathcheannais a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Bonn óir buaite ag Kellie Harrington na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha den dara huair'