Tá an bonn óir buaite ag an gcomhlacht, Táirgí Cáise Buabhaill Mhaigh Chromtha, ag Gradaim Cháise an Domhain sa Spáinn do cháis dá gcuid, ‘Macroom Buffalo Mozzarella’, a dhéantar i gCill na Martra i nGaeltacht Chorcaí.
Thug an comhlacht leis an duais mhór ag an ócáid bhronnta a bhí ar siúl i San Sebastian i dTír na mBascach an tseachtain seo caite.
Bhí na mílte cineál cáise á measúnú ag an gcomórtas agus bhí iarratais istigh ar an gcomórtas ó 31 tír éagsúil ar fud na cruinne. Bhí 226 saineolaí cáise i láthair freisin agus é de chúram orthu 3,000 cáis sa lá a bhlaiseadh agus a mheasúnú.
Déantar Macroom Buffalo Mozzarella as bainne na mbuabhall atá ag an bhfeirmeoir Johnny Lynch i gCill na Martra i nGaeltacht Chorcaí. Is ag Lynch atá an t-aon tréad buabhall in Éirinn a bhíonn á mbleán agus thosaigh sé ag déanamh an mozzarella anuraidh.
Thug sé an chéad 50 buabhall a bhí aige anall ón Iodáil cúpla bliain ó shin agus tá os cionn 200 acu sa tréad anois aige agus iad lonnaithe ar fheirm 140 acra.
Chomh maith leis an mozzarella buacach, tá cineálacha eile cáise á ndéanamh anois sa mhonarcha i Múscraí — ricotta, cáis Ghréagach agus haloumi.
Fág freagra ar 'Bonn óir buaite ag Cáis Ghaeltachta ag Gradaim Cháise an Domhain sa Spáinn'