Bonn óir agus bonn airgid rothaíochta buaite ag fear na Mine agus fear na Ceathrún Rua ag Craobh Chonnacht

Bhuaigh Pádraic Ó Cuinn as na Mine bonn óir ag Craobhacha Rothaíochta Cyclocross Chonnacht i Sligeach inné agus bhuaigh Rónán Mac Con Iomaire as an gCeathrú Rua bonn airgid

Bonn óir agus bonn airgid rothaíochta buaite ag fear na Mine agus fear na Ceathrún Rua ag Craobh Chonnacht

Pádraic Ó Cuinn sa gculaith dhubh agus Rónán Mac Con Iomaire leis an gclogad oráiste

Bhí beirt fhear as Gaeltacht Chonamara ag ceiliúradh an deireadh seachtaine seo caite agus boinn buaite acu ag Craobhacha Rothaíochta Cyclocross Chonnacht.

Bhuaigh Pádraic Ó Cuinn as na Mine an bonn óir, agus Rónán Mac Con Iomaire as an gCeathrú Rua an bonn airgid sa gcatagóir os cionn 40 bliain d’aois den chomórtas a reáchtáladh in Inis Crabhann i gCo. Shligigh.

Beirt iad a mbeadh aithne ag lucht féachana TG4 orthu. Bíonn Ó Cuinn, iar-rothaí idirnáisiúnta, i mbun tráchtaireachta ar an Tour de France don stáisiún agus iar-iriseoir le Nuacht TG4 é Mac Con Iomaire a bhí ina Ghrúpcheannasaí Gaeilge in RTÉ le tamall ach a bheidh ag tosú i bpost nua mar stiúrthóir in Údarás na Gaeltachta sa bhliain nua.

Bhí an bheirt ag rothaíocht d’fhoireann TríSpórt, agus chríochnaíodar sa seachtú agus sa hochtú háit ar fad.

Rothaíocht trí gharraithe féir agus puití, a bhíonn i gceist le cyclocross, agus bhí craobhacha na gceithre chúige ann Dé Domhnaigh.

Is é Damien Creighton ón bhfoireann áitiúil, Béal an Átha, a thug craobh shinsir na bhfear leis agus thug Sinéad Waters ó chumann Western Lakes Cycling léi comórtas na mban.

Fág freagra ar 'Bonn óir agus bonn airgid rothaíochta buaite ag fear na Mine agus fear na Ceathrún Rua ag Craobh Chonnacht'

  • Mary Waters

    Is as Corr na Mona Sinead Waters. Comhghairdeachas lei.mMM