Bonn óir ag Ellen Keane ag na Cluichí Parailimpeacha, dalta Gaelcholáiste críochnaithe sa séú háit i rás ceannais

Shnámh Róisín Ní Riain, dalta i nGaelcholáiste Luimnigh, an duine is óige ar fhoireann na hÉireann sa tSeapáin, a ham is tapa riamh ina rás ceannais ar maidin

Bonn óir ag Ellen Keane ag na Cluichí Parailimpeacha, dalta Gaelcholáiste críochnaithe sa séú háit i rás ceannais

Ellen Keane ag ceiliúradh a bua. Pictiúr: inpho

Tá bonn óir buaite ag Ellen Keane na hÉireann sa snámh brollaigh 100m ag na Cluichí Parailimpeacha i dTóiceo ar maidin.

Bhí rás den scoth idir Keane agus Sophie Pascoe na Nua-Shéalainne ach chríochnaigh Keane 0.39 soicind chun tosaigh ar Pascoe chun an bonn óir a thabhairt léi.

Thug Keane, arb as Cluain Tarbh i mBaile Átha Cliath di, bonn cré-umha léi sa rás céanna sna Cluichí Oilimpeacha i Rio cúig bliana ó shin.

Ba é an bonn a bhuaigh Keane ar maidin an chéad cheann atá buaite ag foireann na hÉireann go dtí seo sna Cluichí i dTóiceo.

Róisín Ní Ríain. ©INPHO/Tommy Dickson

Idir an dá linn, chríochnaigh dalta Gaelcholáiste sa séú háit ina rás ceannais sna Cluichí Parailimpeacha ar maidin.

Bhí Róisín Ní Riain, dalta i nGaelcholáiste Luimnigh, ag glacadh páirt i rás ceannais don dara lá as a chéile.

Chríochnaigh Ní Riain sa séú háit sa snámh droma 100m sa rannóg S13. Chríochnaigh sí in 1:08.61, an t-am is tapa atá snáfa aici riamh.

Gia Pergolini as Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhuaigh an bonn óir sa rás agus an churiarracht dhomhanda sáraithe aici. Carlotta Gilli a tháinig sa dara háit agus Katja Dedekind ón Astráil a chríochnaigh sa tríú háit.

Dúirt Ní Riain le RTÉ i ndiaidh an rása go raibh sí “thar a bheith sásta” lena hiarracht sa rás ceannais. Dúirt Ní Riain gurb é an snámh droma 100m an rás is fearr léi agus go raibh sí ag obair le fada chun an rás a chríochnú faoi bhun 1:09, gaisce a rinne sí ar maidin.

Tháinig Ní Riain sa tríú háit ina rás cáilithe ar maidin. Chríochnaigh sí in 1:09:23, an t-am is tapa riamh aici.

Tá an dalta óg 16 bliain d’aois ag glacadh páirt sna Cluichí Parailimpeacha den chéad uair riamh. Tháinig sí san ochtú háit sa rás ceannais sa snámh féileacáin S13 inné.

Beidh Ní Riain san iomaíocht i dtrí rás eile i dTóiceo, sa snámh saorstíle 400m Dé hAoine, an rás saorstíle 50m Dé Domhnaigh agus sa meascra aonair 200m Dé Luain.

 

Fág freagra ar 'Bonn óir ag Ellen Keane ag na Cluichí Parailimpeacha, dalta Gaelcholáiste críochnaithe sa séú háit i rás ceannais'