Bolscaireacht pholaitiúil a bhíonn i gceist le go leor dá mbíonn le rá faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta

Níl i gceist i ndáiríre le Chomhaontú Aoine an Chéasta ach conradh a scríobhadh fiche bliain ó shin le rudaí ar leith a dhéanamh ag am ar leith

Bolscaireacht pholaitiúil a bhíonn i gceist le go leor dá mbíonn le rá faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta

Bertie Ahern, George Mitchell agus Tony Blair. Pictiúr: RollingNews.ie/Pool

I 1987 mhaígh Brian Walsh, an breitheamh ba shinsearaí sa Chúirt Uachtarach, go poiblí: “nowhere in the world is the right to personal liberty more fully protected than under the Irish Constitution”.

Dearbhú mímhacánta aisteach ab ea an ráiteas sin, ach ba dheacair do dhlíodóirí Éireannacha na linne sin aon rud a rá mar gheall ar Bhunreacht na hÉireann gan úsáid a bhaint as caint mhórtasach, áibhéalach. Thugtaí nomos ar an áibhéil seo, agus is léir go bhfuil rian na háibhéile fós le feiscint i bpolaitíocht ár linne. Ba cheart scrúdú a dhéanamh ar na rudaí éagsúla atá ráite ag Rialtas na hÉireann, mar gheall ar Chomhaontú Aoine an Chéasta go háirithe.

Dá n-éistfí leis an dTaoiseach amháin, cheapfá gur cineál Bíobla an comhaontú sin, cé nach bhfuil i gceist i ndáiríre ach conradh idirnáisiúnta idir dhá stát a scríobhadh fiche bliain ó shin le rudaí ar leith a dhéanamh ag am ar leith. Dar leis an dTaoiseach, áfach, tá fuascailt ar gach aon fhadhb phráinneach atá againn anois ar fáil sa chomhaontú céanna. Cuimhnigh ar na rudaí aite atá ráite ag Rialtas na hÉireann ón lá ar fógraíodh toradh an reifrinn Bhreatimeachta sa Bhreatain in 2016. Mhaígh airí éagsúla in 2016 go mba chóir don dá rialtas Tuaisceart Éireann a rialú laistigh den Chomhdháil Idir-Rialtasach a bunaíodh i 1998. Ach is léir ón gcomhaontú féin nár chóir an institiúid sin a úsáid in áit na n-institiúidí inmheánacha áitiúla i mBéal Feirste, fiú mura mbíonn an chomhaireacht idirpháirtí ag feidhmiú in Stormont. Tar éis an olltoghcháin sa Bhreatain in 2017, theip ar Theresa May móramh na dTóraithe a chosaint, agus b’éigean di vótaí a fháil ón DUP chun móramh a bhaint amach i dTeach na bhFeisirí. Dúradh go minic i mBaile Átha Cliath gur chuir an comhaontú féin srian ar Rialtas na Breataine tar éis olltoghcháin agus go raibh cosc dleathach ar vótaí aontachtaithe a úsáid chun móramh a bhaint amach in Westminster.

Ní raibh cosc ar bith dá leithéid sa chomhaontú, agus b’ait an rud é dá mba rud é dá mbeadh. D’fhágfadh a leithéid nach mbeadh páirtí aontachtach in ann tacaíocht a thabhairt dá rialtas náisiúnta féin. Dúradh freisin in 2017 go raibh coimhlint idir an Breatimeacht agus an comhaontú toisc go raibh dlí an Aontais Eorpaigh i gcroílár an chomhaontaithe. Baineadh leas as a leithéid d’argóint thiar in 2001 nuair a chuir Peter Mandelson na hinstitiúidí polaitiúla ar fionraí nuair a theip ar an IRA a gcuid arm a chur ar leataobh. Rinne an tArd-Aighne s’againne,  Michael McDowell, gearán le rialtas Tony Blair, agus mhaígh sé gur cinneadh míbhunreachtúil a bhí i gceist ansin toisc go raibh an comhaontú agus a cuid institiúidí go léir mar chuid de Bhunreacht na hÉireann, agus más ea, dá gcuirfí na hinstitiúidí ó thuaidh ar fionraí, chuirfí an bunreacht féin ar fionraí leo. Níor chreid éinne an argóint lag seo, agus ba léir gur ghearán polaitiúil a bhí i gceist seachas argóint dlí dháiríre. Argóint lag eile is ea an argóint seo faoi stádas dlí an Aontais Eorpaigh i dTuaisceart Éireann. Mhínigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i R (Miller) v Secretary of State for Exiting the EU [2017] UKSC 5 nach bhféadfaí Comhaontú Aoine an Chéasta a úsáid mar bhac dleathach ar imeacht na tíre ón Aontas Eorpach más é sin mian a gcroí: “When enacting the EU constraints in the NI Act [reacht atá bunaithe ar an gcomhaontú i 1998], Parliament proceeded on the assumption that the United Kingdom would be a member of the European Union. That assumption is consistent with the view that Parliament would determine whether the United Kingdom would remain a member of the European Union. But, in imposing the EU constraints and empowering the devolved institutions to observe and implement EU law, the devolution legislation did not go further and require the United Kingdom to remain a member of the European Union.”

Ní gá aon cháilíocht speisialta sa dlí chun é seo thuiscint. Níl le déanamh ach an téacs féin a léamh. Bolscaireacht pholaitiúil seachas cur chuige dleathach ab ea na hargóintí go léir seo, agus tháinig an cúlstad as an nomos céanna.

Má imíonn an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan aon mhargadh cuí a bheith déanta mar gheall ar a gcuid míshástachta leis an gcúlstad, ní foláir an milleán a chur ar ár ndlíodóirí mórtasacha, is iadsan a chreideann go bhfuil freagra gach aon cheist ar fáil i ndaichead leathanach an chonartha a síníodh fiche bliain ó shin, le linn ré eile.                   

Fág freagra ar 'Bolscaireacht pholaitiúil a bhíonn i gceist le go leor dá mbíonn le rá faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta'