‘B’fhéidir go bhfaighidh tú clár teilifíse as má théann tú go Maigh Eo,’ arsa Seán Ó Cuirreáin

Nod ó sheanmhéit a sheol ár gcolúnaí ar thóir scéal an gháis i Maigh Eo i dtús na 2000í. Bainimis súp as gás Mhaigh Eo, fad a mhairfidh sé, a deir sí anois

‘B’fhéidir go bhfaighidh tú clár teilifíse as má théann tú go Maigh Eo,’ arsa Seán Ó Cuirreáin

Nuair a fógraíodh i rith an tsamhraidh go raibh scair Royal Dutch Shell san chomhlacht Corrib Gas i Maigh Eo díolta lena bpáirtnéirí i gCeanada, chuaigh an ‘Mayo News’ caol díreach go Ros Dumhach le tuairim na ndaoine a fháil.

Labhair siad le duine de ‘Chúigear Ros Dumhach’, Vincent McGrath, fear a bhí lárnach san agóid (agus a chaith tamall sa phríosún) i gcoinne an tionscnaimh gháis i dtuaisceart Mhaigh Eo.

Dhíol siad a scair le comhlacht as Ceanada, a dúirt sé, agus beidh brabach acu siúd anois as acmhainní nádúrtha na hÉireann.  Ach, a dúirt sé, d’fhéadfaidís é a dhíol le Vladimir Putin.

Sin ábhar machnaimh. A bheith ag brath ar Vlad chun ár ngás féin a sholáthar dúinn.

Dhá bhliain go ham seo a thosaigh an gás ag pumpáil amach ón gcríochfort gáis i mBéal an Átha Buí i Maigh Eo. Agus bhí sé tuartha go mbeadh 60% de riachtanais gháis na hÉireann á soláthar ann in 2017/2018. I ndiaidh an bhuaicphointe sin, tosóidh an gás ag ídiú go dtí go mbeidh sé imithe ar fad i gceann deich mbliana nó mar sin.

Agus ansin beimid ag brath ar iompórtáil gháis arís.

Nuair a tháinig an scéal chun solais go raibh gás aimsithe amach ó chósta na hÉireann ní raibh sé cinnte cén áit ar an mórthír a dtiocfadh sé i dtír. I dtús na 2000í agus mise i mbun an chláir teilifíse ‘Léargas’ ar RTÉ, fuair mé glaoch ó mo sheanmhéit i gConamara, Seán Ó Cuirreáin. Sular ceapadh é ina Choimisinéir Teanga, bhí Seán ar dhuine de na léiritheoirí agus iriseoirí ab fhearr in RTÉ Raidió na Gaeltachta. Bhí srón mhaith aige do scéalta. ‘Caithfidh siad an gás a thabhairt i dtír sna Cealla Beaga, nó áit éigin i Maigh Eo,’ a dúirt sé. ‘B’fhéidir go bhfaighidh tú clár teilifíse as má théann tú go Maigh Eo.’

Fuaireas clár teilifíse ceart go leor, ach ní faoin ngás go hiomlán a bhí sé. Rinne an tuairisceoir Pádraig Ó Drisceoil a mhíle dícheall tuairimí na daoine a aimsiú faoin scéal mór seo. Fuaireamar roinnt cainteoirí áitiúla ach ba mhó an tsuim a bhí ag daoine i gceist an chúitimh a d’íocfaí le daoine as talamh a úsáid i gcomhair na píblíne. Bhraith go leor ar cén taobh de Shruth Fada Con – thuaidh nó theas, a leagfaí an píopa.

Thuirling héileacaptar agus tháinig Brian Ó Catháin, duine de bhainisteoirí sinsearacha Enterprise Oil, chugainn le hagallamh a dhéanamh. Gaeilgeoir líofa as Béal Feirste a bhí ann agus tá a shaol caite aige ó shin i réimse na taiscéalaíochta fuinnimh.

Agus thug an sagart áitiúil an tAth. Deaglán Mac Congamhna (deartháir leis an Ollamh Séamus Caulfield) thart ar an gceantar muid.

Bhí sé sa mbaile tar éis tréimhse a chaitheamh le pobal dúchasach san Artach agus bhí an-luí aige leis na daoine ansin agus lena gcultúr. Is cuimhin liom gur chuir sé éadaí de chuid an Inuit air féin agus rinne damhsa agus chas amhrán de chuid an phobail sin dúinn.

B’in an uair dheiridh go raibh easpa tuairimí sa gceantar sin faoi scéal an gháis. Rinne RTÉ roinnt cláracha i mBéarla ina dhiaidh sin agus chuaigh foireann cláracha Gaeilge ‘Léargas’ ann cúpla geábh eile thar na blianta. D’imigh 20 bliain ón uair a thángthas ar an ngás go dtí an uair ar casadh air é le gás a sholáthar don tír. Ní ábhar clár teilifíse atá sna fiche bliain sin ach dráma eipiciúil.

Sular thosaigh an gás ag rith dhá bhliain ó shin, bhí Éire ag brath go hiomlán, beagnach, ar an mBreatain le haghaidh iompórtálacha gáis. Bhí thart ar 96% dár soláthar ag teacht ón mBreatain.

De réir mar a ídeofar gás Mhaigh Eo, beimid ag brath in athuair ar an mBreatain. Eascraíonn ceist nó dhó as sin anois.

Cá as a dtagann gás na Breataine? Tá  siad in ann 43% a sholáthar iad féin- ón Muir Thuaidh den chuid is mó. Faigheann siad 13% ó thancaeir a bhíonn luchtaithe le gás leachtaithe (LNG) agus tagann 44% den ghás ón Eoraip. Agus cé a sholáthraíonn 35% de ghás sin na hEorpa ach ár gcara, Vlad é féin!

Agus mar bharr ar an donas- má thagann Breatimeacht crua inár dtreo- ’sé sin, má bhíonn dleachtanna le híoc ar earraí a thiocfas ón mBreatain- gach seans go gcuirfear dleacht ar an ngás a thagann ón tír sin, cuma an dtagann sé ón Muir Thuaidh nó ó Vladimir Putin é féin.

Bainimis súp as gás Mhaigh Eo, fad a mhairfidh sé.

Fág freagra ar '‘B’fhéidir go bhfaighidh tú clár teilifíse as má théann tú go Maigh Eo,’ arsa Seán Ó Cuirreáin'

  • Des O Murchu

    Ach fos nior gearradh Cain Chorporaideach Iomlan at Thogra Gais Muigheo! Ag Ealu le buiochas Aire Airgidis etc! Des O Murchu