Bok roimh na hÉireannaigh

Beidh tráthnóna crua, deacair ag na Gaeil an Satharn beag seo

Joe Schmidt 20/5//2014
Cinntí le déanamh ag Joe Schmidt roimh an gcluiche i gcoinne na ‘Springboks’ INPHO/Billy Stickland

Bíonn deis iontach ag lucht leanta rugbaí cuid de na himreoirí is fearr ar domhan a fheiceáil ag imirt sa limistéar seo ag an tráth seo chuile bhliain.

Tá All Blacks na Nua-Shéalainne, Springboks na hAfraice Theas agus Wallabies na hAstráile ina measc siúd i mbliana.

Cé nach mbeidh na hAll Blacks ag imirt in Éirinn i mbliana, is cinnte go mbeidh neart Gael ag breathnú orthu agus iad i gcoinne Shasana, go háirithe agus chuile thír ag réiteach don Chorn Domhanda a bheas buailte linn faoi cheann bliana.

I gcás na hÉireann, is iad na Springboks agus na Wallabies chomh maith leis an tSeoirsia a bheas san Aviva idir seo agus deireadh na míosa.

Tiocfaidh na ‘Boks go dtí an Aviva an Satharn beag seo agus déanfaidh an bainisteoir Heyneke Meyer, an fhoireann chéanna a fuair an lámh in uachtar cúpla seachtain ó shin ar na hAll Blacks – curaidh an domhain, dar ndóigh – a chur chun páirce.

Is cinnte, dá bhrí sin, go mbeidh siad lán de mhisneach agus de dhóchas i gcoinne fhoireann na hÉireann, foireann atá scriosta ag gortuithe gan trácht ar an bhfollús ollmhór atá fágtha sa lár páirce ó d’éirigh Brian O’Driscoll as a chuid imeartha.

Agus an t-alt seo á scríobh, ní raibh aon leid tugtha ag Joe Schmidt maidir le cé a chuirfeadh geansaí uimhir 13 air féin.

Níl aon uireasa comhairle air maidir le himreoirí lár páirce agus cásanna láidre á ndéanamh do leithéidí Robbie Henshaw (Connacht) agus Jared Payne (Ulaidh).

Táim féin den tuairim nár cheart dúinn dul chun páirce gan Ian Madigan (Laighin), duine de na himreoirí is fearr lár páirce sa limistéar seo ó thús an tséasúir. Má tharlaíonn sin, seans go mbeidh ar D’Arcy druidim go dtí uimhir 13 agus gur ionad uimhir 12 a bheas ag Madigan.

Fágann an gortú do Sheán O’Brien bearna ollmhór eile sa líne chúl tosaithe, áit eile a bhfuil neart roghanna ag Schmidt. Tá Dominic Ryan (Laighin) agus Chris Herny (Ulaidh) ina measc siúd, beirt atá os cionn a mbuille ó thús an tséasúir.

De bharr gur imir Herny cúpla uair ag an leibhéal seo cheana féin, seans gurb é a bheas ag dul chun páirce i gcoinne na mBoks. B’fhearr dúinn ar fad a bheith ag guí go láidir go dtiocfaidh biseach ar O’Brien go luath, roimh an gCorn Domhanda ar aon chaoi!

Tá ceist freisin maidir le huimhir 3, ionad an fhrapa ceann taca. Níl an lucht bainistíochta cinnte fós an mbeidh Mike Ross sách folláin le himirt.

Má theipeann ar Ross sa tástáil aclaíochta, ní ró-iontach na roghanna atá ag Schmidt. Níor imir Declan Fitzpatrick (Ulaidh) ach thart ar nócha nóiméad ó thus an tséasúir, ní hé Stephen Archer (Mumha) chéad rogha a chúige don ionad sin agus ní ró–iontach a d’éirigh leis ach oiread i gcoinne na hAstráile bliain ó shin.

Is ionann an cás maidir le Rodney Ah You (Connacht), imreoir a bhí faoi bhrú san Airgintín le linn chuairt an tsamhraidh.

Nuair a chuirtear na deacrachtaí seo ar fad san áireamh, is é is dóichí gur tráthnóna crua, deacair a bheas ag na Gaeil an Satharn beag seo.

Tá éirithe réasúnta maith linn i gcoinne na mBoks in imeacht na mblianta. As an gcúig bhabhta ar chas muid orthu ó 2004 i leith, bhí an lámh in uachtar againn faoi thrí. Fós féin, is deacair bua do na Gaeil a thuar.

Cé gur bhreá an rud bua a fháil, is tábhachtaí ná sin taispeántas maith a thabhairt agus muid ag réiteach don comórtas Sé Náisiún agus don Chorn Domhanda ina dhiaidh sin.

Rogha Tuairisc.ie don chluiche i gcoinne na Springboks

15 Rob Kearney (Laighin)

14 Simon Zebo (Mumha)

13 Ian Madigan (Laighin)

12 Gordon D’Arcy (Laighin )

11 Tommy Bowe (Ulaidh)

10 Johnny Sexton (Racing Metro)

9 Conor Murray (Mumha)

1 Jack McGrath (Laighin)

2 Seán Cronn (laighin)

3 Mick Ross (Laighin)

4 Devon Toner (Laighin)

5 Paul O’Connell (Mumha)

6 Peter O’Mahony (Mumha)

7 Chris Henry (Ulaidh)

8 Jamie Heaslip (Laighin)

Foireann na hÉireann don chluiche in aghaidh na Springboks

15. Rob Kearney (Laighin)

14. Tommy Bowe (Ulaidh)

13. Jared Payne (Uladh)

12. Robbie Henshaw (Connacht)

11. Simon Zebo (Mumha)

10. Johnny Sexton (Racing Metro)

9. Conor Murray (Mumha)

1. J McGrath (Laighin)

2. Sean Cronin (Laighin)

3. Mike Ross (Laighin)

4. Devon Toner (Laighin)

5. Paul O’Connell (Mumha)

6. Peter O’Mahony (Mumha)

7. Chris Henry (Ulaidh)

8. Jamie Heaslip (Laighin)

Fág freagra ar 'Bok roimh na hÉireannaigh'