Boinn Uile-Éireann ó thús an chéid seo caite i measc earraí a bheidh ar ceant an tseachtain seo chugainn

Ar mhaith leat cóip a cheannach den chlár ón uair dheireanach a bhuaigh Maigh Eo Craobh na hÉireann, an sliotar ó chluiche ceannais iomána 1913 nó 3 cinn de bhoinn boinn Uile-Éireann a bhuaigh an t-iománaí John T. Power le Chill Chainnigh?

OLYMPUS DIGITAL CAMERA
OLYMPUS DIGITAL CAMERA

Beidh suim ar leith ag daoine ar spéis leo stair Chumann Lúthchleas Gael i gceant a bheidh ar súil in Óstán Ormonde i gCill Channaigh ar an Mháirt seo chugainn. I measc na seoda a bheas ar ceant ann beidh boinn Uile-Éireann a bhuaigh an t-iománaí John T. Power le Cill Chainnigh idir 1907 agus 1913. Agus é ag imirt mar chúl báire, bhuaigh Power ceithre chraobh lena chontae agus is iad na boinn ó 1907, 1911 agus 1913 a bheas ar ceant le chéile an tseachtain seo chugainn.

Nuair a fuair ‘Na Cait’ an ceann is fearr ar Thiobraid Árann i 1913, ba é an tríú craobh as a chéile a bhuaigh siad. Tá meastachán idir €10,000 agus €15,000 déanta ar na boinn óir seo a bheas mar mhír 734 ar an gclár díolacháin.

Chomh maith leis na boinn, tá sliotar a choinnigh Power ó chluiche ceannais iomána 1913 ar díol luach idir €800 agus €1,000 measta a bheith air. Tá cáil ar chluiche ceannais na bliana sin mar, chomh maith le héacht Chill Chainnigh an tríú craobh as a chéile a bhuachan, is é an chéad uair a d’imir na foirne le 15 imreoir an taobh sa chluiche ceannais – 17 a bhíodh ann roimhe sin. Lena chois sin, is é an chéad chluiche ceannais a himríodh i ‘bPáirc an Chrócaigh’, tar éis do Chumann Lúthchleas Gael ainm nua a bhaisteadh ar pháirc Bhóthair Mhic Sheoin an bhliain chéanna.

Pic1-Boinn.jpg

Ta praghas idir €7,000 agus €10,000 luaite le bonn speisialta eile a bheas ar an margadh ansin, ceann ón mbliain1914, an chéad uair a bhuaigh Co. an Chláir Craobh Iomána na hÉireann.

Dúirt an ceantálaí, George Fonsie Mealy, gur “mór an onóir dúinne an cúram a bheith orainn na hearraí seo a chur ar ceant” agus go raibh sé sásta go raibh “deis á tabhairt d’aon bhailitheoir nó d’aon duine de lucht leanúna CLG píosa stairiúil spóirt’ a cheannach sa díolachán. “Tá áit chomh tábhachtach sin ag CLG i saol mhuintir na hÉireanna, anseo agus thar lear, go bhfuil earraí cosúil leo seo iontach uathúil”, a dúirt sé.

n té nach acmhainn dó na hearraí is costasaí a cheannach, beidh cinn níos saoire ar fáil a mbeadh suim ag daoine ar leith iontu, ina measc, tá clár ó chluiche ceannais peile na hÉireann i 1951, an uair dheireanach a bhuaigh Maigh Eo Craobh na hÉireann. Freisin, tá camán atá sínithe ag foireann Thiobraid Árann a bhuaigh Corn Mhic Carthaigh i 1964.

Beidh 750 earra ar fad ar díol ar an lá agus tá baint ag thart ar leathchéad acu seo le cúrsaí spóirt, ina measc na cluichí Gaelacha.

Is féidir na míreanna uile a bheidh ar ceant a fheiceáil i leabhrán an cheantálaí, Fonsie Mealy, anseo.