Tá an gradam is airde do chur chun cinn na Gaeilge i gclubanna CLG le bronnadh ar chúig chumann Gaeltachta.
Tá 37 bonn le bronnadh ar chlubanna ar fud na tíre as an obair atá déanta acu chun an teanga a chur chun cinn mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ach níor éirigh ach le cúig chumann an bonn óir a ghnóthú – sin iad Cumann Caide na Gaeltachta i gCiarraí; An Cheathrú Rua, Carna-Caiseal agus Cumann Peile na mBan Mhaigh Cuilinn i nGaillimh agus Tuar Mhic Éadaigh i Maigh Eo.
D’éirigh le dhá chub Gaeltachta eile – Bearna-Na Forbacha i nGaillimh agus An Clochán Liath i nDún na nGall – gradaim airgid a bhaint amach.
Scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus Chumann Lúthchleas Gael is ea Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, a chuireann deontais ar fáil do chumainn atá cláraithe leis an scéim chun gníomhaíochtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn sa chumann a chur i gcrích.
Tá 70 gníomh leagtha amach chun clubanna a mheas le haghaidh bonn a thuilleamh agus ní mór do chumann 80% de na gníomhaíochtaí a chomhlíonadh chun bonn óir a bhaint amach.
Bhain sé chumann an bonn airgid amach agus ar a laghad 50% de na gníomhaíochtaí comhlíonta acu agus 26 cumann a chomhlíon 25% nó níos mó de na gníomhaíochtaí chun an bonn cré-umha a fháil.
Cumainn as 13 contae ar fad a bhuaigh boinn agus ghlac beagnach 200 cumann ar fud na hÉireann páirt i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha i mbliana.
“Cuireann rannpháirtíocht ghníomhach na gcumann san fhondúireacht seo go mór le feiceálacht agus le húsáid na Gaeilge i gclubanna CLG fud fad na tíre,” a dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael. “Is cúis áthais dúinn go bhfuil éileamh láidir ar an scéim i gcónaí agus go bhfuil muid ag feiceáil torthaí na hoibre ar an talamh sna pobail.”
Bronnfar na boinn ar na cumainn ar fad ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh san Earrach.
Is in ómós d’iarUachtarán CLG Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha (1953-2016) a ainmníodh an Fhondúireacht.
Fág freagra ar 'Boinn óir buaite ag cumainn CLG i gConamara agus i gCorca Dhuibhne as cur chun cinn na Gaeilge'