Bronnfaidh Uachtarán CLG John Horan boinn ar 37 cumann ag ócáid speisialta i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo as na hiarrachtaí atá déanta acu an Ghaeilge a chur chun cinn.
Tá an ócáid bhronnta á reáchtáil mar chuid d’Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael.
Cuireann an fhondúireacht, atá ainmnithe in ómós iarUachtarán CLG, Seosamh ‘Joe’ Mac Donncha, deontais ar fáil do chumainn atá cláraithe leis an scéim chun gníomhaíochtaí a chuireann an teanga chun cinn a chur i gcrích.
Ghlac 135 club páirt sa scéim i mbliana, ardú 40% ar 2018 agus dúirt Bainisteoir Forbartha Ghlór na nGael, Frainc Mac Cionnaith, go raibh sé an-sásta le líon na gcumann atá ag glacadh páirte.
“Is cúis mhór áthais dúinn go bhfuil na clubanna chomh tiomanta agus chomh díograiseach sin leis an teanga a chothú sa spórt,” arsa Mac Cionnaith.
“Bronnfar a gcéad bhonn ‘Seosamh Mhic Dhonncha’ ar 26 club faoin scéim agus a ndara bonn ar chlubanna eile a fuair bonn anuraidh ach atá i ndiaidh dul chun cinn suntasach a dhéanamh, rud a fhágann go bhfuil leibhéal bonn airgid nó óir bainte amach acu i mbliana.”
Dhá chumann atá tar éis an dul chun cinn sin a dhéanamh, CLG na Rinne (Port Láirge) agus Na Fianna (Baile Átha Cliath). Bronnadh boinn ar an dá chumann sin le cúpla bliain anuas ach tá an leibhéal is airde bainte amach acu i mbliana agus bronnfar boinn óir orthu ag an deireadh seachtaine.
Beidh cumainn as 11 contae i láthair ag an ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh. Is as Cúige Uladh formhór na gcumann a bheidh ag fáil aitheantais anocht agus tá 31 club as an 37 lonnaithe sa chúige sin, cumann lánGhaeilge Bhéal Feirste, Laochra Loch Lao, ina measc.
Buaiteoirí:
Bonn Óir:
Na Fianna, CLG, Glas Naíon, Co. Átha Cliath
CLG na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge
Bonn Airgid:
Tír na nÓg CLG, Co. Aontroma
Bun an Phobail CLG, Co. Dhún na nGall
Toigh Chonnachta, Co. an Dúin
Naomh Adhamhnáin CLG, Co. Dhún na nGall
An Chloch Fhada CLG, Co. an Dúin
CLG Charn Domhnaigh, Co. Dhún na nGall
CLG Naomh Colum Cille, Oileán agus Cluain, Co. Thír Eoghain
Bun Cranncha CLG, Co. Dhún na nGall
Laochra Loch Lao CLG, Co. Aontroma
Bonn Cré-umha:
Cloich Cheann Fhaola, CLG, Co. Dhún na nGall
Cill Chomáin CLG, Co. Mhaigh Eo
Micheál Mac Daibhéid CLG, Béal Feirste, Co. Aontroma
Cumann Liathróid Láimhe Eanach Cuain, Co. na Gaillimhe
Naomh Columba CLG, Co. Dhún na nGall
Uí Chonaill Doire Loinn, Co. Fhear Manach
Na Cláirseacha CLG, An Chraobh, Co. Thír Eoghain
An Sean-Phobal CLG, An Sean-Phobal, Co. Phort Láirge
Na Ceithre Máistir CLG, Co. Dhún na nGall
Ard Eoin CLG, Co. Aontroma
Réamoinn Uí hAnluain CLG, Co. Ard Mhacha
Gleann tSúilí CLG, Co. Dhún na nGall
Mac Uílín CLG, Co. Aontroma
An Tulach Mhór CLG, Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí
Droim Ga CLG, Co. an Dúin
An Beart CLG, Co. Dhún na nGall
Eiméid CLG, Lios Na Scéithe, Co. Fhear Manach
Naomh Seosamh CLG, Gleann Eallaigh, Co. Thír Eoghain
Cumann Peile Thomáis Dáibhis, Co. Ard Mhacha
Cill Náile Brian Ó Bóraimhe CLG, Co. Fhear Manach
Naomh Éanna CLG, Gleann Ghormlaithe, Co. Aontroma
Fianna Oileán an Ghuail CLG, Co. Thír Eoghain
Craobh Rua Camlocha, Co. Ard Mhacha
Naomh Iosáf CLG, Baile Crann, Co. an Dúin
Gaeil Leitir Ceanainn CLG, Co. Dhún na nGall
Naomh Peadar CLG, An Lorgain, Co. Ard Mhacha
An Teanga Bheo
Nach h óg a d’imigh laoch ár linn uainn. Brón ar an mbás sé dubh mo chroise.