Bodach an Chóta Lachna v Joe ‘níl aon dochar ann’ Biden

Sa díospóireacht an oíche cheana léirigh Donald Trump na buanna a rinne uachtarán de an chéad lá riamh agus léirigh Biden na buanna a choinnigh in Washington ar feadh na mblianta é

Bodach an Chóta Lachna v Joe ‘níl aon dochar ann’ Biden

Beirt bhuachaillí i gclós na scoile a bhí ann sa deireadh: Donald Trump agus Joe Biden ag scairteadh ar a chéile: “Tá mo dhaid níos mó ná do dhaid.” Bhí sé chomh simplí truacánta sin.

Dornálaíocht bhéil a bhí ann, seachas díospóireacht, An tAgallamh in Ohio in áit an Rumble sa Jungle. Sea, is minic a bhris béal srón agus rinne Trump agus Biden a ndícheall srón a chéile a bhriseadh. Léirigh Trump na buanna a rinne uachtarán de an chéad lá riamh; é lom díreach ina chuid cainte agus léirigh Biden na buanna a choinnigh in Washington ar feadh na mblianta é; é ag luascadh anonn agus anall faoi na buillí ionas nach leagfaí é.

Bhí Trump ar nós Bhodach an Chóta Lachna, “an bodach smeartha”, é ag iarraidh Biden a cheansú agus chuirfeadh Biden Oisín i gcuimhne duit – i ndiaidh dó titim dá each.
Tá grá ag a lucht tacaíochta do Trump agus gráin ag lucht a cháinte air. Agus Biden?

Chuirfeadh Biden an nath Conallach sin i gcuimhne duit: níl dochar ar bith ann. Agus is masla é sin; tugann sé le fios gur neamhdhuine thú, duine nach bhfuil suntasach.
Sea, níl dochar ar bith i mBiden agus sin an fáth gur fágadh ar an ardán le Trump é. Ní thiocfadh leis na Daonlathaigh iarrthóir níb fhearr a aimsiú – rud nach miste leo, b’fhéidir, ó tharla go dtugann roinnt pobalbhreitheanna le fios gur chun tosaigh ar Trump atá sé go fóill.

Ach bí ag caint ar ócáid mhí-aibí leanbaí; beirt cheannairí ar dhá pháirtí mhóra agus iad ag spairn le chéile mar a bheadh páistí iontu: Trump ag spochadh as Biden agus Biden ag maslú Trump.

B’fhéidir gurb é an chuid is iontaí den ghnó ar fad go bhfuil an bheirt i lár an aonaigh ar chor ar bith. Beidh cuimhne ag léitheoirí atá in aois áirithe den bhua a bhí ag George W. Bush ar Al Gore lá den tsaol. Bhí iaróg nimhneach faoi vótaí a caitheadh, nó nár caitheadh, in Florida, ceann de na stáit ba thábhachtaí agus caint ar “hanging chads” ann. Chuaigh na Poblachtánaigh chun cogaidh in éadan na nDaonlathach le go raibh an lá le Bush agus briseadh ar Gore sa deireadh.

Bhí sé amuigh ar na Poblachtánaigh an t-am sin gurbh acu a bhí an t-innealra ab éifeachtaí agus ab fhíochmhaire páirtí; ní raibh na Daonlathaigh in ann ag cogadh cáidheach den tsórt a bhí de dhíth leis an bhua mhór a bhaint amach. Róbhog a bhí siad.

D’éirigh le Donald Trump, mar iarrthóir eachtrannach, d’éirigh leis ainmniúchán an pháirtí sin a thógáil de mhaithe móra na bPoblachtánach, aghaidh a thabhairt ar Hillary Clinton agus an Teach Bán a bhaint amach. Dá scríobhfaí scannán faoi, ní chreidfeadh duine ar bith é. Cad é mar a bhain sé ceannas na bhFiann? Cad é mar a d’éirigh leis coup den tsórt sin a dhéanamh i bpáirtí an innealra éifeachtaigh fhíochmhair; páirtí ina raibh daoine eolach ar na healaíona is duibhe agus páirtí nach raibh baint mhór aige leo?

Agus na Daonlathaigh? Cad é mar a theip orthu iarrthóir níb fhearr ná Joe Biden a chur chun tosaigh? Tá dualgas ar pháirtí an fhreasúra rogha fhiúntach a chur ar fáil. Tá dualgas orthu polasaithe eile a mholadh, bheith dearfach agus malairt slí a thaispeáint. (Luaigh duine inteacht sin le Micheál Martin.)

Níor éirigh leis na Daonlathaigh sin a dhéanamh. Throid siad cogadh cáidheach in éadan Trump le ceithre bliana; cháin siad gach aon chinneadh a rinne sé; chuir siad gach aon chineál líomhainte ina leith; rinne siad a ndícheall gach aon ghníomh dá chuid a chur ó mhaith agus, go fóill féin, ní thiocfadh leo iarrthóir níb fhearr ná Biden – níl dochar ar bith ann – a roghnú. Ní raibh siad in ann, nó b’fhéidir gur chreid nár ghá, fís eile a chur ar fáil; gur leor an cogadh cáidheach féin.

Dá mb’iriseoirí iad, rithfeadh sé leat go mbeadh Trump ina cholúnaí leis an Sindo agus Biden leis an Irish Times. Chuirfeadh Trump a bhróg suas i do thóin go fonnmhar gach Domhnach agus d’amharcfadh Biden anuas a shrón ort Dé Luain. Cad é an cineál colúnaí is fearr leat? Sin an rogha atá ag na vótóirí: an trodaí tablóideach nó an t-easpag ardnósach.

Fág freagra ar 'Bodach an Chóta Lachna v Joe ‘níl aon dochar ann’ Biden'

  • Traolach Ó Sioradáin

    B’fhéidir nach bhfuil aon dochar i Joe Bidan ach, muna bhfuil, tá dochar i nDonald Trump!!
    Agus, dar ndóigh, beidh tionchar ag Uachtarán Mheiriceá ar chúrsaí polataíochta san Eoraip agus sa Ríocht Aontaithe

  • Fearn

    Seans gur rialacha an chlóis scoile a bhí sa choimhlint seo, ach ba deis don bheirt a miotal agus a mianach a tháispeáint.
    Ó, sea, agus seans go bhfuil staid an daonlathais ar fud an domhain ag brath ar na coimhlintí seo.
    A leithéid de strachailt!