Bob Dunfey, cara mór le Corca Dhuibhne agus gníomhaí sa phróiseas síochána ar shlí na fírinne

Chuir Bob Dunfey agus a mhuintir go mór le cur chun cinn an chultúir agus na hoidhreachta in Iarthar Dhuibhneach

Bob Dunfey, cara mór le Corca Dhuibhne agus gníomhaí sa phróiseas síochána ar shlí na fírinne

Tháinig scéala báis Bob Dunfey aniar aduaidh le déanaí orthu siúd go mbíodh aithne acu tráth air féin agus ar a chlann i gCorca Dhuibhne.

Rugadh Bob Dunfey i bhFeabhra na bliana 1928 in Lowell, MA, an seachtú duine de dháréag clainne ag LeRoy Dunfey agus Catherine Manning, arbh Conchúrach ó Bhaile Eaglaise i bparóiste an Fheirtéaraigh a máthair siúd.

Chuir Bob Dunfey agus a mhuintir go mór le cur chun cinn an chultúir agus na hoidhreachta in Iarthar Dhuibhneach agus bhí sé le rá ag bainisteoir Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Gearóid Ó Brosnacháin, go mbeidh a rian le feiscint agus a thacaíocht le brath sna glúnta atá le teacht.

Aithnítear sa dúthaigh gurb é Bob Dunfey a spreag muintir Dunfey le síntiús a chur ar fáil chun Oidhreacht Chorca Dhuibhne a fhorbairt agus dúirt gaol dá chuid, Donncha Ó Conchúir, agus é ag caint ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gurb é an maoiniú seo a chuir ar a gcumas cuid mhaith den bhunábhar a cheannach do Mhúsaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh.

Chuir muintir Dunfey, tríd an American Ireland Fund, allúntas airgid ar fáil chomh maith do thochailtí seandálaíochta a deineadh faoi bhrat Oidhreacht Chorca Dhuibhne i dTeampall ársa Dhún Úrlainn agus i gCathair na bhFionnúrach i bparóiste Mórdhach le linn na nóchaidí.

Ba mhinic le trí fichid bliain anuas muintir Dunfey ag teacht ar cuairt ar Chorca Dhuibhne tar éis céadchuairt Catherine Dunfey agus a deirfiúr Eleanor i 1956 agus tar éis tamaill tógadh tigh nua, Feorainn, ar an nGráig chun go bhféadfadh a ngaolta ó Bhaile an Chóta, Baile Eaglaise, an Mhínaird agus áiteanna eile teacht le chéile ann.

Bhíodh maithe agus móruaisle an tsaoil pholaitiúil agus saol an ghnó ag fanacht ar an nGráig chomh maith le himeacht aimsire agus chaith na Seanadóirí Ted Kennedy, George Mitchell, Patrick Leahy agus Chris Dodd tréimhsí ann.

Bhí Bob ina chomhairleoir ag Comhdháil Trádála agus Infheistíochta an Tí Bháin i dTuaisceart Éireann agus bhí sé féin agus a dheartháir Jack Dunfey sa chomhluadar a thaistil go Osló na hIorua nuair a bronnadh Gradam Síochána Nobel ar John Hume agus David Trimble i 1998.

Ba é an rath a bhí air i gcúrsaí ghnó na n-óstán a chuir ar a chumas bheith sáite i gcúrsaí daonchairdis agus polaitíochta agus bhí sé gníomhach i bhfeachtas Uachtaránachta Bobby Kennedy i stát Maine i 1968.

Ach bhí lé ar leith i gcónaí aige le Corca Dhuibhne agus is faoi fhód a shinsear i dtuama na gConchúrach sa tseanteampall in nDún Úrlainn a bheidh a thaisí le cur i bhfaid na haimsire. 

Beidh searmanas ag ceiliúradh saol agus saothar Bob Dunfey in Eaglais St John in Portsmouth, NH, ag 11 a chlog ar an Satharn an 10 Meán Fomhair.

Fág freagra ar 'Bob Dunfey, cara mór le Corca Dhuibhne agus gníomhaí sa phróiseas síochána ar shlí na fírinne'