‘Blind Date’ na nGael ar Lá Fhéile Vailintín

Agus Lá Fhéile Vailintín linn, caitheann muid súil siar ar na freagraí a thug cuid de réaltaí na nGael sa tsraith ‘Barr Smaise’ faoi dul ar choinne shamhailteach chéad aithne (blind date)

Blind Date Barr Smaise

Lá Fhéile Vailintín sona daoibh! Tá an grá agus an rómánsaíocht á gceiliúradh ar fud an domhain inniu agus beidh bialanna agus óstáin ag cur thar maoil anocht agus lánúineacha grámhara amuigh ina sluaite le sult a bhaint as an bhféile!

Ach cén sórt stíle nó faisin is ceart a chaitheamh ar choinne speisialta? Céard a chaitheann réaltaí na nGael agus iad ag dul ar choinne chéad aithne (blind date)? Agus cén sórt feistis nach gcuirfeadh gliondar ar a gcroí dá mbeadh sé á chaitheamh ag an té lena mbeidís ag bualadh?

Cuirtear na ceisteanna sin go rialta ar dhaoine a bhíonn faoi agallamh sa tsraith ‘Barr Smaise’ ar Tuairisc.ie. Bíonn idir shúgradh agus dáiríre sna freagraí sin, ach mheas muid nár mhiste súil a chaitheamh siar ar chuid acu in onóir naomh an ghrá!  

Aine Ni Bhreisleain

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin ’skinny’ jeans, barr uaidh Zara agus péire sálaí deasa nach mbeadh ró-ard. Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh onesie nó handlebar moustache!

(Áine Ní Bhreisleáin, iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta)


Pic Fionnuala

Ar choinne chéad aithne bheinn ag iarraidh a bheith neamhfhoirmeálta ach chic. Mar sin, b’fhéidir jeans le blús deas, seaicéad agus buataisí le sála arda. Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh bróga reatha ná culaith reatha.

(Fionnuala Ní Fhlatharta, aisteoir a bhíonn i bpáirt Berni i Ros na Rún)


Eimear Ní Chonaola
Eimear Ní Chonaola

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin jeans le barr deas, rud éigin simplí a n-aireoinn compordach ann. Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh skinny jeans!

(Eimear Ní Chonaola, Nuacht TG4)


Julian de Spainn-0013

Nuair a bhíodh mé ag dul ar choinní chéad aithne, chaithinn brístí géine, léine bhán (agus fáinne, ar ndóigh!). Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh brístí spandex, go mór mór dá mbeadh patrún ainmhithe orthu.

(Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge)


Bernie-Ní-Fhlatharta

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin an áit a phiocadh agus mo bhealach féin a íoc! Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh gúna!

(Bernie Ní Fhlatharta, iar-iriseoir ón Connacht Tribune)


Colmán Mac Séalaigh

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin rud éigin simplí agus clasaiceach ach gan dul thar fóir. Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh na n-éadaí céanna liomsa!

(Colmán Mac Séalaigh, láithreoir le TG4)


Gormfhlaith Ní Thuairisg

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin……date? Céard é ‘date’? Is cuimhin liom go mbíodh a leithéidí ann fadó! Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh gúna. Nó toitíní. Nó na léinte sin dúnta go smig. Nó léinte a bhfuil dath difriúil ar an mbóna seachas ar a cuid eile dhe. Nó treabhsar róchúng. Nó róleathan. Nó croiméal….

                    (Gormfhlaith Ní Thuairisg, Adhmhaidin, RTÉ Raidió na Gaeltachta)


SONY DSC

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin ball gown, ar ndóigh! Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh slabhra tiubh óir – oops, tá mé buartha má chuir mé isteach ar éinne atá ag caitheamh slabhra tiubh óir!

(Máire Bhreathnach, láithreoir ar BBC Raidió Uladh)


Maire Treasa Ni Cheallaigh

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin sála arda agus gúna deas, a bheadh compordach. Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh briste nach gclúdaíonn a rúitíní, nó fear a chaitheann bróga gan stocaí. No!

(Máire Treasa Ní Cheallaigh, iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4)


Orla O’Donnell

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin meangadh gáire! Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh tobaic.

(Orla O’Donnell, comhfhreagraí ghnóthaí dlí RTÉ)


Caitlin Nic Aoidh 

Ar choinne chéad aithne (blind date) chaithfinn féin bróga reatha ar eagla go mbeadh orm éalú go gasta! Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh seaicéad railí nó buataisí gainimh (sandboots). Rithfinn chom tiubh géar gasta ’s a thiocfadh liom. 

(Caitlín Nic Aoidh, láithreoir le TG4) 


Screen-Shot-2016-01-10-at-13.35.25

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin t-léine nó léine, a fheileann do dhuine (‘fit maith’, mar a déarfá!), jeans nó ‘chinos’ agus péire bróg deas a théann leis an gcuid eile de na héadaigh. Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh hoodie!

(Séamus Ó Scanláin, clár reachtaire le RTÉ Raidió na Gaeltachta)


Aoife Ní Thuairisg Wimbledon TG4

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin hata mór agus spéacláirí gréine… bheinn in ann éalú go ciúin dá mbeadh gá leis! Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh treabhsair a bhí fáiscthe air.

(Aoife Ní Thuairisg, Léiritheoir Láithreachais TG4)


Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin éadaí dubha, ó bhaithis go bonn na bróige agus lippy dearg, Ruby Woo ó MAC. Táim anathógtha le béaldathanna MAC, ceannaím ceann aon uair go mbím san Aerfort! Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh an iomarca seodra…nó t-léine le ráiteas amaideach air.

(Sinéad Ní Uallacháin,  RTÉ Raidió na Gaeltachta)


Treasa Bhreathnach

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin rud éigin simplí agus clasaiceach – sála arda, bríste géine caol, barr deas agus seaicéad beag. Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne agus aon cheann de na rudaí seo air – croiméal, culaith reatha, nó aon cheo a bhí róbheag dó.

(Treasa Bhreathnach, BBC Raidió Uladh)


Sinéad Ní Fhlatharta

Ar choinne chéad aithne chaithfinn féin gúna deas (ón mbranda Closet, seans, mar tá mo vardrús lán leo) agus bróga sála arda (Clarks seans, tá siad chomh compordach). Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh bróga dubha le stocaí bána.

(Sinéad Ní Fhlatharta, aisteoir)


Evanne-Ní-Chuilinn-Cropped

Ar choinne chéad aithne (blind date), chaithfinn féin péire jeans, barr agus bróga sála arda. Níor mhaith liom bualadh le duine ar choinne chéad aithne a bheadh ag caitheamh…n’fheadar. Ní bheinn róbhuartha mar gheall air sin.  Dá mba é an duine ceart é, dhéanfadh tracksuit an jab!

                                                                        (Evanne Ní Chuilinn, craoltóir spóirt le RTÉ)

Fág freagra ar '‘Blind Date’ na nGael ar Lá Fhéile Vailintín'